Réamhaisnéis na Leithe Uisce, Samhain 2024
- Foilsithe: 19 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Eanáir 2025
Gach bliain, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) i gcomhar le Met Éireann, COBÁC, Teagasc agus Sláinte Ainmhithe Éireann comhairle ar fheirmeoirí maidir leis an riosca tuartha galair de dheasca ionfhabhtú leithe uisce (Fasciola hepatica) i mbeostoc don gheimhreadh dár gcionn. Tá réamhaisnéis na bliana seo bunaithe ar shonraí meitéareolaíochta a bhailigh Met Éireann idir mí Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair 2024.
Achoimre ar Réamhaisnéis an Ghalair
Tuartar in Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2024 go mbeidh an t ionfhabhtú is forleithne in iarthar agus i dtuaisceart na tíre, le leitheadúlacht galair beagán níos ísle in oirdheisceart na tíre.
Fíor 1. Luachanna Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2024, agus an riosca galair de thoradh leith uisce.

Foinse Eolais Bhreise
Sláinte Ainmhithe Éireann
Bailíonn agus tuairiscíonn an clár Beef HealthCheck, a reáchtáiltear i gcomhpháirtíocht le Tionscal Feola Éireann, eolas faoi leith uisce in eallaí nuair a mharaítear iad ó mhonarchana feola rannpháirteacha ar fud na tíre. Cé gur fhan leibhéil na leithe uisce íseal go ginearálta le blianta beaga anuas, tá an chéad ardú tagtha i mbliana ó cuireadh tús leis an gclár in 2016. Go dtí seo i mbliana, léirigh scrúduithe seamlais go raibh ainmhí amháin ar a laghad, a bhain damáiste leithe uisce dó, i 39% de na tréada ar an meán. Chonacthas ionfhabhtú gníomhach in ainmhí amháin nó níos mó in 17% de na tréada, i gcomparáid le 13% anuraidh. Bhí tionchar níos mó le brath i gcontaetha in iarthuaisceart na hÉireann, agus tuairiscítear go raibh comharthaí de leith uisce ar 70-80% de thréada i Sligeach, Liatroim, Ros Comáin agus Dún na nGall nuair a maraíodh iad. Bíonn an leitheadúlacht laistigh de na tréada íseal go hiondúil, ag brath ar an bhfeirm. Feictear comharthaí de dhamáiste leithe uisce in 7% de na hainmhithe a sheoltar lena marú agus feictear seadáin bheo leithe uisce in 2% d’ainmhithe. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag feirmeoirí cé acu atá nó nach bhfuil leith uisce i láthair ar a bhfeirm agus cóireáil a dhéanamh dá réir sin chun caillteanais táirgeachta a sheachaint. Is féidir leis na tuarascálacha Beef HealthCheck a bheith ina n uirlis úsáideach chun tuiscint a fháil ar dhúshlán na leithe uisce ar an bhfeirm agus tá siad ar fáil d’fheirmeoirí ar shuíomh gréasáin ICBF (beefhealthcheck.icbf.com) dóibh siúd a mharaigh ainmhithe ag monarcha rannpháirteach ó 2016 i leith. Tabhair cuairt ar https://shorturl.at/kyIZ7 le haghaidh léarscáileanna ar leibhéal an chontae de leibhéil ionfhabhtaithe leithe uisce agus tuilleadh sonraí faoin gclár.
Éagsúlacht ó Fheirm go Feirm
Chun an riosca a bhaineann le galar leithe uisce ar aon fheirm ar leith a mheas, ní mór fachtóirí comhshaoil éagsúla, go háirithe an aeráid, tírghné agus cineál ithreach (go háirithe cé acu trom nó saorshilteach atá na hithreacha) a chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh toisc go mbíonn óstach idirmheánach an tseadáin, ar seilide láibe é (Galba truncatula), ag maireachtáil in ithir atá beagán aigéadach agus lábach. Mar sin, tá tábhacht ar leith ag baint le limistéir a bhfuil luachair nó paistí fliucha iontu (m.sh., timpeall geataí, trachanna) maidir le baol na leithe uisce mar go bhféadann siad cabhrú le daonra de chéim ionfhabhtaíoch an tseadáin a choinneáil beo. Ina theannta sin, ba cheart d’úinéirí beostoic aird a thabhairt ar stair na leithe uisce roimhe seo ar an bhfeirm mar gur táscaire tábhachtach é sin ar rioscaí galair amach anseo.
Faireachán ar an nGalar
Is gnách go mbíonn ionfhabhtú na leithe uisce ainsealach in eallaí, agus bíonn easnamh agus feidhmíocht lag mar thoradh air. Cé gur féidir le galar ainsealach a bheith ar chaoirigh freisin, d’fhéadfadh comharthaí cliniciúla níos géire a bheith mar thoradh ar ionfhabhtuithe, agus bás tobann i gcásanna dúshlánacha troma.
Ba cheart d’úinéirí beostoic a bheith airdeallach maidir le haon chomharthaí breoiteachta nó easnaimh ina gcuid ainmhithe agus dul i gcomhairle lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach (PVP) má tá imní orthu. I gcásanna nach léir cúis an bháis, moltar go gcuirfeadh PVP conablaigh ar aghaidh chuig an tSaotharlann Réigiúnach Tréidliachta áitiúil le haghaidh scrúdú iarbháis.
Foinse luachmhar eolais freisin d’úinéirí beostoic ar leitheadúlacht an ionfhabhtaithe leithe uisce ar a bhfeirm féin nó ar éifeachtúlacht a gclár rialaithe iad taifid seamlais ar aenna stoic ramhraithe a díoladh roimhe sin.
Cóireáil agus Rialú
I gceantair ardriosca agus ar fheirmeacha ina ndiagnóisítear ionfhabhtú leithe uisce, nó áit inar diagnóisíodh é roimhe sin, ba cheart d’úinéirí beostoic dul i gcomhairle lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach chun clár rialaithe iomchuí a cheapadh.
Agus úsáid á baint as pucháinicídí chun ionfhabhtú leithe uisce a rialú agus a chóireáil, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dháileog a thabhairt do na heallaí an tráth a chuirtear faoi dhíon iad nó go gairid ina dhiaidh sin, agus do na caoirigh san fhómhar nó níos luaithe sa bhliain, nuair a shonraítear i dtorthaí scrúdaithe faecais nó stair ghalair roimhe sin é. Maidir le caoirigh, ba cheart druga atá éifeachtach in aghaidh leitheanna luath-neamhaibí, chomh maith le leitheanna déanacha neamhaibí agus aibí, a úsáid chun cosaint a dhéanamh ar géarghalar. Ina theannta sin, ba cheart caoirigh a aistriú ó fhéarach buailte chun ath-ionfhabhtú a chosc. Mura bhfuil an phucháinicíd a thugtar d’eallaí atá curtha faoi dhíon éifeachtach i gcoinne leith luath-neamhaibí, ba cheart samplaí faecais a thógáil idir sé agus ocht seachtaine tar éis iad a chur isteach agus iad a thástáil le haghaidh láithreacht uibheacha leithe uisce.
Cinnfear leis sin cé acu atá nó nach bhfuil gá le cóireáil phucháinicíde eile.
Ós rud é nach mbíonn gníomhaíocht leanúnach ag baint le pucháinicídí, tá eallaí nó caoirigh ar bith a choinnítear taobh amuigh sa gheimhreadh i mbaol tuilleadh ionfhabhtaithe i ndiaidh na cóireála agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cóireálacha pucháinicíde breise. Tá sé sin fíor go háirithe má fhanann siad ar fhéarach ardriosca. Sa chás sin, tá sé inmholta monatóireacht a dhéanamh ar bheostoc i dtaobh ath-ionfhabhtú.
Ba cheart comhairle tréidliachta a lorg maidir le prótacail chóireála agus maidir leis an eatramh cuí ar chóir cóireálacha den sórt sin a thabhairt. Nuair a thástáiltear samplaí faecais i dtaobh láithreacht uibheacha leithe uisce, is féidir leis sin cuidiú le fáil amach an gá cóireálacha pucháinicíde a dhéanamh, agus a rathúla a bhí na cóireálacha céanna. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach ós rud é go bhfuil an fhrithsheasmhacht in aghaidh pucháinicídí ag éirí níos forleithne. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tástáil ar bhulcbhainne le haghaidh antasubstaintí leithe uisce úsáideach i dtréada déiríochta chun monatóireacht a dhéanamh ar éagsúlacht sa nochtadh.
Nuair is féidir, agus mar rogha rialaithe fadtéarmach, ba cheart fál a chur ar limistéir feirmeacha a sholáthraíonn gnáthóg oiriúnach, amhail limistéir fhliucha lábacha, don seilide láibe.
Cad faoi Leith Chogansaí?
Úsáideann an leith chogansaí, Calicophoron daubneyi, atá ag éirí níos forleithne in Éirinn le roinnt blianta anuas in eallaí agus caoirigh araon, an t óstach idirmheánach céanna leis an leith uisce. Tá ionfhabhtú leithe cogansaí an-choitianta, go háirithe in eallaí, ach is annamh a tháirgtear galar leis.
Má fheictear comharthaí cliniciúla amhail mearchaillteanas meáchain nó buinneach, nó má tá stair de ghalar roimhe sin ó leith chogansaí ar an bhfeirm, ba cheart d’úinéirí beostoic dul i gcomhairle lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach an bhfuil gá le cóireáil do leith chogansaí. Féadfaidh galar trom a bheith mar thoradh ar dhúshlán ó leith chogansaí larbhach, go hiondúil, ach ní go heisiach, i bhféaránaigh den chéad séasúr agus i ngach aois caorach. Má tá amhras ann go bhfuil ionfhabhtú leithe cogansaí larbhaí ann, iarr an tástáil sin agus líon ionadaíoch de shamplaí faecais á sheoladh chuig an tsaotharlann le haghaidh scrúdú toisc go mb’fhéidir nach n aimseodh gnáthscrúdú seadán an chéim sin den seadán. D’fhéadfadh scrúdú iarbháis cabhrú le diagnóis freisin. Ní shonraíonn láithreacht uibheacha leithe cogansaí i samplaí faecais d’ainmhithe, atá beo beathach agus atá ag táirgeadh i gceart, go bhfuil gá le cóireáil in aghaidh leith chogansaí.