English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Réamhaisnéis Nematodirus 2025

Fógra Teicniúil 04 Aibreán 2025


Achoimre Fheidhmeach

• Cuireann réamhaisnéis Nematodirus 2025 ar ár gcumas galair a chosc in uain.

• D’fhéadfadh péisteanna Nematodirus a bheith ina gcúis do dhrochsciodar in uain óga san earrach, mar gheall ar chlaonadh uibheacha na bpéisteanna ar féarach goradh thar thréimhse ghearr ama, agus mar gheall ar an méadú mór a thagann ar líon na larbhaí ionfhabhtaíocha ar an bhféarach, a ionghabhann na huain, dá bharr.

• Is féidir an tréimhse a mairfidh baol an ghalair a thuar go cruinn trí anailís a dhéanamh ar theochtaí na hithreach i mí an Mhárta. Is féidir é seo a úsáid chun an t-am is fearr le cóir fhrith-heilminteach (dhíphéistithe) a thabhairt a mheas ar mhaithe le galair a chosc.

• In 2025, léiríonn an réamhaisnéis go dtitfidh dátaí buaicghorrtha uibheacha Nematodirus i laethanta luatha mhí Aibreáin d’fhormhór na tíre, ach amháin ar imeall chósta an Atlantaigh, áit ar measadh go dtitfeadh dátaí buaicghorrtha uibheacha ag deireadh mhí an Mhárta.

• Ba chóir cóir leighis a chur ar uain atá i mbaol (i.e. uain ó 6 go 12 sheachtain de ghnáth agus iad ag innilt ar fhéarach éillithe) thart ar dhá sheachtain i ndiaidh bhuaicghoradh uibheacha Nematodirus.

• Is iad Beinsimíodasóil (droinsí bána) an rogha cóir leighis d’ionfhabhtuithe Nematodirus.


Réamhrá

Gach Earrach, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i gcomhar le Met Éireann, COBÁC agus Teagasc comhairle ar fheirmeoirí maidir leis an riosca tuartha galair atá ann, in uain go príomha, de dheasca na cruinnphéiste Nematodirus battus.


An galar

Is drochghalar seadánach é Nematodirosis a bhuaileann uain idir sé seachtaine agus dhá sheachtain déag d’aois a dtagann ionfhabhtú orthu nuair a ionghabhann siad líon mór larbhaí ionfhabhtaíocha agus iad ag innilt ar fhéarach éillithe. Ní hionann saolré N. battus agus saolré aon chruinnphéisteanna eile ó thaobh nach ngorann uibheacha a chuirtear ar fhéarach go dtí an bhliain dár gcionn agus nach scaoiltear na larbhaí ionfhabhtaíocha go dtí sin dá bharr. Tarlaíonn sé seo le linn móreachtra ghorrtha san earrach nuair a théann teochtaí na hithreach in airde tar éis tréimhse d’aimsir fhuar. De ghnáth, tagann an galar i dtreis i mí Aibreáin, mí Bhealtaine agus mí an Mheithimh.

Nuair a ionghabhann uain iad, déanann larbhaí Nematodirus ionradh ar bhalla na stéige. I measc shiomptóim an ghalair, áirítear drochráig sciodair, díhiodráitiú agus cailleadh meáchain. D’fhéadfadh laonna a bheith buailte leis freisin, ach ní a oiread céanna. I gcás ráige, cruinníonn uain timpeall trachanna uisce mar gheall ar an tart uafásach a thagann orthu. Ní bhíonn caoirigh fhásta buailte leis an seadán.


Conas galar a chosc?

Is é an tslí is fearr leis an ngalar seo a chosc ná uain na bliana reatha a choinneáil amach ó aon fhéarach ar cuireadh uain nó laonna óga ag innilt ann (a d’fhéadfadh a bheith ina n-iompróirí ionfhabhtaithe) sa bhliain roimhe. Bíonn fiontair a bhfuil rátaí arda stocála acu níos leochailí fós.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh baol níos mó a bheith ann go mbeadh cúpla uan, nó uain aonair a bheirtear do chaoirigh ar a bhfuil cumas lag blite, buailte leis an ngalar agus iad ag ithe níos mó féir níos luaithe sa saol. Má tá féarach ‘glan’ ar fáil, ba chóir tús áite a thabhairt do na huain seo a bhogadh ar dtús.


Cathain atáthar ag tuar buaicghoradh uibheacha i mbliana?

Is féidir an tréimhse a mairfidh baol an ghalair a thuar go cruinn trí anailís a dhéanamh ar theochtaí na hithreach i mí an Mhárta. Is féidir é seo a úsáid chun an t-am is fearr le cóir fhrith-heilminteach (dhíphéistithe) a thabhairt a mheas ar mhaithe le galair a chosc.

In 2025, titfidh dátaí buaicghorrtha uibheacha Nematodirus i laethanta luatha mhí Aibreáin d’fhormhór na tíre, ach amháin ar imeall chósta an Atlantaigh, áit ar measadh go dtitfeadh dátaí buaicghorrtha uibheacha ag deireadh mhí an Mhárta.

Féach an léarscáil thíos (Léaráid 1) i gcomhair dhátaí buaicghorrtha uibheacha Nematodirus ar féarach lena bhfuiltear ag súil.

Léaráid 1. Dátaí measta i mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2025 nuair atáthar ag tuar buaicghoradh uibheacha Nematodirus ar féarach


Cathain ba chóir cóir leighis a chur ar uain?

Ba chóir cóir leighis a chur ar uain atá i mbaol (i.e. uain ó 6 go 12 sheachtain de ghnáth agus iad ag innilt ar fhéarach éillithe) thart ar dhá sheachtain i ndiaidh bhuaicghoradh uibheacha Nematodirus.

Mar sin féin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar dháileoga a thabhairt d’uain níos luaithe ar fheirmeacha aonair nuair a thugtar comharthaí cliniciúla faoi deara atá ag teacht le Nematodirus, toisc go bhfuil na treoirlínte thuas maidir le cóir leighis bunaithe ar bhuaicghoradh tuartha uibheacha i réigiúin ar leith.


Cén chóireáil díphéistithe ba chóir a úsáid?

Is iad Beinsimíodasóil (droinsí bána) an rogha cóir leighis d’ionfhabhtuithe Nematodirus agus tá siad éifeachtach i gcoinne na gcéimeanna larbhacha agus fásta araon. Má ghlactar leis an aicme fhrith-heilminteach seo mar an rogha cóir leighis, feidhmeoidh sin mar chosaint do phéisteanna eile amhail Trichostrongylus agus Teladorsagia i gcoinne aicmí eile frith-heilminteacha (e.g. lachtóin mhacraichiogail) ag tráth sa séasúr féaraigh nuair nach mbeidh gá, b’fhéidir, cóir leighis a chur orthu. Cabhróidh sé seo le héifeachtacht na ndrugaí seo a choinneáil agus tá tábhacht ar leith ag baint leis ar fheirmeacha a bhfuil fadhbanna ann cheana maidir le frithsheasmhacht bheinsimíodasóil i gcruinnphéisteanna comónta boilg/stéige eile.

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon droinsí ann faoi láthair ag a bhfuil gníomhaíocht iarmharach éifeachtach i gcoinne Nematodirus. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh uain, agus iad ag leanúint orthu ag innilt, larbhaí a ionghabháil arís, agus dá bharr sin, go bhféadfadh gur ghá cóir leighis a chur orthu cúpla uair leis na cóireálacha díphéistithe céanna, nó le cóireálacha díphéistithe comhchosúla, gach dhá go trí seachtaine le linn an earraigh.


Nematodirus agus coiciodóis in uain

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur féidir le seadáin eile a bheith ina gcúis le sciodar in uain óga agus go mbíonn bearta éagsúla srianta agus cógais éagsúla ag teastáil dóibh siúd. D’fhéadfadh dul amú a bheith ort agus tú ag ceapadh go bhfuil Nematodirus ina chúis do dhrochsciodar in uain nuair is ionfhabhtú coiciodóise atá mar chúis leis dáiríre. Cabhróidh uainíocht féaraigh agus bogadh rialta na dtrachanna beathaithe chuig limistéir níos tirime chun coiciodóis a chosc in uain óga toisc go gcruthaíonn póitseáil logánta dálaí taise atá oiriúnach do scaipeadh na coiciodóise. Má ardaítear trachanna beathaithe, cabhróidh sin freisin chun éilliú na beatha le faecas a laghdú agus, dá bharr sin, chun tras-seoladh na coiciodóise a laghdú. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh Nematodirosis agus coiciodóis ainmhí a bhualadh in éineacht, rud a bhíonn ina chúis do dhrochghalar.


Comhairle tréidliachta agus áiseanna diagnóiseacha don tsaotharlann

Ba chóir dul i gcomhairle le cleachtóir tréidliachta chun diagnóis chruinn agus treoir chruinn a fáil maidir leis an gcógas cuí le tabhairt d’uain ar bhuail sciodar trom iad agus a bhfuil straidhneáil orthu. Is fíor sin go háirithe i gcás gur beag feabhas atá le sonrú ar an uan i ndiaidh cóireáil tosaigh díphéistithe. Toisc go bhféadfadh Nematodirosis agus coiciodóis ainmhí a bhualadh in éineacht, d’fhéadfadh gur ghá an chóir leighis a thabhairt i gcoinne an dá phataigin.

Moltar go gcuirfidh do chleachtóir príobháideach tréidliachta aon uan a chailltear gan choinne faoi bhráid saotharlann réigiúnach tréidliachta i gcomhair scrúdú iarbháis toisc gur féidir le hainmhithe bás a fháil de bharr Nematodirus sula dtagann comharthaí soiléire cliniciúla orthu.

DEIREADH