Reáchtálfaidh an Roinn sraith Clinicí Feirmeoirí ar an láthair ar fud na tíre le haghaidh BISS 2025 agus scéimeanna eile a bhaineann le ceantar
- Foilsithe: 21 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sraith Clinicí Feirmeoirí ar an láthair inniu chun cabhrú le feirmeoirí a n-iarratais a dhéanamh ar líne ar an Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) agus ar scéimeanna eile a bhaineann le ceantar.
Beidh Clinicí Feirmeoirí BISS ar siúl ó 10r.n. - 4.30i.n. agus cuirfidh foireann ón Roinn tacaíocht duine le duine ar fáil chun cabhrú le feirmeoirí a n-iarratais scéime a chur isteach i bhfad roimh an dáta deiridh, is é sin an 15 Bealtaine 2025. Bhí an-tóir ag feirmeoirí ar na clinicí seo le blianta beaga anuas.
Ag labhairt dó ar na clinicí, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD:
“Tá an-tóir ar na clinicí seo le blianta beaga anuas agus tugann siad deis d’fheirmeoirí dul i dteagmháil go díreach le hoifigigh ó mo Roinnse. Tá comhairleoirí den scoth againn chun tacú le feirmeoirí a n-iarratais BISS a dhéanamh, ach nuair nach bhfuil feirmeoirí in ann comhairleoir a fhostú is bealach iontach iad na clinicí lena chinntiú go gcuirtear an t-iarratas BISS isteach i gceart agus in am.”
San iomlán, Item was unpublished or removed agus cuireann siad deis ar fáil d'fheirmeoirí tacaíocht a fháil ó fhoireann na Roinne chun réimse iarratas a dhéanamh a bhaineann le scéimeanna tacaíochta a bhaineann le ceantar, amhail BISS. Tá na clinicí seo úsáideach go háirithe d'fheirmeoirí nach bhfuil Item was unpublished or removed acu chun cabhrú leo lena n-iarratas.
Ionad | Dáta | Amanna |
Inis – The Woodstock Hotel | Dé Máirt, an 1 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Órán Mór – Oranmore Lodge Hotel | Dé Céadaoin, an 2 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Baile Átha Luain – Athlone Springs Hotel | Dé Máirt, an 8 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Tuaim – Ard Rí House Hotel | Dé Céadaoin, an 9 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Béal an Átha – Great National Hotel | Déardaoin, an 10 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Inis Córthaidh – Riverside Park Hotel | Dé Máirt, an 15 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Cill Airne – Dromhall Hotel | Dé Céadaoin, an 16 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Luimneach – Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Raithean | Déardaoin, an 17 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Baile Átha Troim – Knightsbrook Hotel | Dé Máirt, an 22 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Baile Dhún na nGall – The Central Hotel | Dé Céadaoin, an 23 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Droim Seanbhó – Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara | Déardaoin, an 24 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
Carraig Mhachaire Rois – Shirley Arms Hotel | Dé Céadaoin, an 30 Aibreán | 10r.n. – 4.30i.n. |
An Cabhán – Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara | Déardaoin, an 1 Bealtaine | 10r.n. – 4.30i.n. |
Cluain Meala – Minella Hotel | Dé Máirt, an 6 Bealtaine | 10r.n. – 4.30i.n. |
Baile Mhistéala – Firgrove Hotel | Dé Máirt, an 7 Bealtaine | 10r.n. – 4.30i.n. |
Cloich na Coillte – Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara | Déardaoin, an 8 Bealtaine | 10r.n. – 4.30i.n. |
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Dearadh an Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) chun liúntas tacaíochta ioncaim dhírigh a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hÉireann le bonn a chur faoina n-inbhuanaitheacht agus inmharthanacht leanúnach. Tá BISS maoinithe ag an Aontas Eorpach.
Moltar d’fheirmeoirí a bhfuil sé beartaithe acu freastal ar na clinicí sonraí a logáil isteach agfood.ie, nuair atá siad ar fáil, agus sonraí a n-uimhreach tréada, UPSP etc a thabhairt leo lena n-aitheantas a dhearbhú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Item was unpublished or removed