Meabhrúchán faoin srian ar úiré gan chosaint, i bhfoirm sholadach, a úsáid le héifeacht ón 15 Meán Fómhair 2025
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Meán Fómhair 2025
De bhun Fhógra Teicniúil na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara arna eisiúint an 28 Feabhra 2025, táthar ag meabhrú d’fheirmeoirí agus d’úsáideoirí deiridh eile leasachán nach gceadófar a thuilleadh úiré gan chosaint (i.e. úiré nach bhfuil brataithe le coscaire úiréáise) i bhfoirm sholadach a scaipeadh ar thalamh tar éis an 14 Meán Fómhair 2025.
Tá feidhm ag an srian seo maidir le gach táirge nítrigine úiré (N) a bhfuil cion N úiréach 1% nó níos mó iontu, táirgí arna gcumasc le macrachothaithigh thánaisteacha (e.g. sulfar) agus/nó micreachothaithigh (e.g. seiléiniam) san áireamh. Ní feidhm ag an srian, áfach, maidir le cumaisc nó comhdhúile ina bhfuil úiré agus fosfar gan chosaint. Ina theannta sin, is féidir úiré gan chosaint a úsáid i bhfoirm leachtach mar leasachán fós.
Gné ríthábhachtach de chur chuige na hÉireann maidir le hastaíochtaí amóinia a laghdú agus a chinntiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na spriocanna maidir le hamóinia a laghdú is ea an t-aistriú ó úiré gan chosaint go dtí úiré i bhfoirm chosanta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne www.gov.ie/nitrates.
CRÍOCH