Rith an tOireachtas an Bille um Achomhairc Talmhaíochta (Leasú), 2024
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., fáilte roimhe gur rith an tOireachtas an Bille um Achomhairc Talmhaíochta (Leasú), 2024.
Nuair a bheidh sé achtaithe, leis an mBille déanfar foráil maidir le comhlacht reachtúil neamhspleách nua, ar a dtabharfar an “Painéal Athbhreithnithe ar Achomhairc Talmhaíochta”. Glacfaidh an Painéal Athbhreithnithe sin an ról atá sannta faoi láthair don Stiúrthóir Achomharc Talmhaíochta, ról maidir le hathbhreithnithe a dhéanamh ar chinntí Achomharc Talmhaíochta.
Ag trácht dó ar rith an Bhille, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá ríméad orm fáilte a chur roimh rith an Bhille seo lena ndéantar foráil maidir le Painéal Athbhreithnithe ar Achomhairc Talmhaíochta neamhspleách a bhunú sa reachtaíocht. Le bunú an Phainéil Athbhreithnithe sin comhlíontar gealltanas tosaíochta don Rialtas seo, agus creidim go gcuirfidh an pobal feirmeoireachta an fháilte roimhe”.
Lean an tAire ar aghaidh:
“Cé go gcreidim go bhfuil seirbhís achomharc éifeachtach agus éifeachtúil againn cheana, rud atá soláthartha ag an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta, fónfaidh bunú Painéil Athbhreithnithe neamhspleách chun éifeachtúlacht agus neamhspleáchas na seirbhíse achomharc atá ann cheana a fheabhsú a thuilleadh agus athdhearbhú a sholáthar d’fheirmeoirí a thionscnaíonn achomharc”.
Ghabh an tAire buíochas leis na páirtithe leasmhara as a gcuid rannpháirteachais agus tacaíochta sa phróiseas:
“Le roinnt blianta anuas, tá mo chuid oifigeach agus mé féin tar éis dul i mbun cuid mhór comhairliúcháin le hionadaithe ón tionscal feirmeoireachta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhlachtaí ionadaíocha feirmeoireachta a chuaigh i mbun plé liom agus le mo chuid Oifigeach ar feadh an phróisis agus a sholáthair comhairle luachmhar dom ar roinnt mhaith saincheisteanna. Ina theannta sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gComhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir as a rannpháirteachas agus as a thuarascáil ina raibh roinnt moltaí, a raibh cuid mhór acu corpraithe sa Bhille”.
*CRÍOCH*
Nóta d’Eagarthóirí
I gcomhréir leis an reachtaíocht, beidh seachtar comhaltaí ar an bPainéal – Cathaoirleach neamhspleách, Stiúrthóir nó Leas Stiúrthóir na hOifige um Achomhairc Talmhaíochta agus cúigear comhaltaí breise ag a bhfuil taithí a bhaineann le feidhmeanna an Phainéil.
Leis an mBille, tugtar isteach teorainn ama 6 mhí freisin chun athbhreithniú a lorg ar chinneadh de chuid Oifigeach Achomharc, agus is amhlaidh nach bhfuil aon teorainn ama ann faoi láthair.
Mar bheart iomlán ar leith, tá dhá leasú sa Bhille ar an Acht Iascaigh (Leasú), 1997. Leis an gcéad leasú, baintear an ceanglas atá ann cheana go n éiríonn an Cathaoirleach agus comhaltaí den Bhord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe as bheith ina gcomhaltaí ar 70 bliain d’aois a bhaint amach. Leis an dara leasú, féachtar le leasú a dhéanamh ar thréimhse oifige Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc um Cheadúnas Dobharshaothraithe chun bheith ag teacht leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.