English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Heydon Comhaontú Comhpháirtíochta dár luach €105 milliún leis an gClár Domhanda Bia

Tá Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí nua trí bliana sínithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, le Clár Domhanda Bia (WFP) na Náisiún Aontaithe.

Shínigh an tAire Heydon an comhaontú, arna chomhshíniú ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin WFP Cindy McCain, agus é ag freastal ar chruinniú Bhord Feidhmiúcháin WFP sa Róimh. Gealltar ann go gcuirfidh Éire maoiniú dár luach €105 milliún ar fáil do WFP, an eagraíocht dhaonnúil is mó ar domhan, i gcaitheamh na tréimhse 2025 go 2027. Is é sin an gealltanas airgeadais is mó riamh ag Éirinn do WFP, méadú 40% i gcomparáid leis an gcomhaontú roimhe seo.

Leag an tAire Heydon béim ar thiomantas leanúnach na hÉireann chun dul i ngleic leis an ocras domhanda agus neamhshlándáil bia, agus dúirt:

“Léiríonn an chomhpháirtíocht seo tiomantas daingean na hÉireann do chúnamh daonnúil agus forbairt inbhuanaithe. Trí mhéadú suntasach a dhéanamh ar ár dtacaíocht, tá sé mar aidhm againn iarrachtaí ríthábhachtacha WFP a neartú chun cúnamh tarrthála a sholáthar dóibh siúd is mó atá i ngátar.”

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann le WFP, gníomhaireacht túslíne na NA a théann i ngleic le hocras agus le míchothú.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chláir Dhomhanda Bia (WFP), Cindy McCain:

“Táimid buíoch de mhuintir agus rialtas na hÉireann as a dtiomantas láidir chun dul i ngleic le hocras domhanda agus neamhshlandáil bia atá ag dul i méid. Is cloch mhíle shuntasach inár gcomhoibriú méadaithe é ár gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí nua, le tacaíocht ón ranníocaíocht airgeadais is mó riamh ag Éirinn do WFP. Tá a dtacaíocht níos tábhachtaí ná riamh, agus cuirfidh sí ar chumas WFP cúnamh tarrthála a sholáthar do na milliúin de na daoine is leochailí ar domhan sna trí bliana amach romhainn.”

Dúirt an tAire Heydon, a thug ráiteas náisiúnta na hÉireann ag cruinniú an Bhoird Feidhmiúcháin freisin:

“Agus Éire ag dul isteach sa bhliain dheireanach dá téarma ar Bhord Feidhmiúcháin WFP, treisíonn an comhaontú seo a ról ceannaireachta in iarrachtaí slándála bia domhanda. Leanann Éire ag tacú le hidirghabhálacha daonnúla atá éifeachtach, trédhearcach agus bunaithe ar riachtanais.”

Le linn a chuairte ar an Róimh, thionóil an tAire Heydon cruinniú déthaobhach leis an Dr QU Dongyu, Ard-Stiúrthóir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) na NA, chun comhthosaíochtaí sa talmhaíocht inbhuanaithe, slándáil bia agus athléimneacht aeráide a phlé.

*CRÍOCH*

Fotheideal an ghrianghraif:

Íomhá 1: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD le Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chláir Dhomhanda Bia (WFP) de chuid na Náisiún Aontaithe, Cindy McCain ag síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí nua trí bliana 2025-2027. ©WFP/Réin Skullerud.


Nótaí

Clár Domhanda Bia (WFP) na NA

Is éard is WFP ann, eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as troid in aghaidh an ocrais ar fud an domhain agus tá sé maoinithe go heisiach as ranníocaíochtaí deonacha. Geallann Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 2, Díothú an Ocrais, deireadh a chur le hocras, slándáil bia a bhaint amach, cothú a fheabhsú, agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus is é tosaíocht WFP é.

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) an phríomhroinn do chaidreamh Rialtas na hÉireann leis an gClár Domhanda Bia, gníomhaireacht dhaonnúil túslíne na Náisiún Aontaithe. Tá gealltanas ó Éirinn i gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí WFP-Éire 2025-2027 chun bunmhaoiniú a mhéadú go €105 milliún. Áirítear leis sin leithdháileadh €5 mhilliún in aghaidh na bliana ar chiste iontaobhais WFP le haghaidh athrú aeráide a bhaineann leis an ocras; leithdháileadh bliantúil €10 milliún ar obair WFP i gCorn na hAfraice agus ranníocaíocht €8 milliún in 2025 le freagairt éigeandála na Siria ó WFP.

Chomh maith le bunmhaoiniú RTBM do WFP, le Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha cuirtear maoiniú ar fáil freisin do WFP dá chláir. I saolré mhaoiniú CCS 2022-2024, bhí maoiniú na Roinne Gnóthaí Eachtracha do WFP os cionn €32.9 milliún mar thaca le gníomhaíochtaí in Uganda, i Mósaimbíc, sa tSiria, sa Liobáin, sa Tansáin, i Madagascar, i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos, san Úcráin, i Vítneam agus in Gaza.

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gceannas freisin ar rannpháirtíocht na hÉireann le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na NA.