Síníonn an tAire Ordú um Thosach Feidhme do Chóras Náisiúnta Oideas Tréidliachta
- Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Deireadh Fómhair 2024
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, Ordú 2024 (Alt 7 – Tosach Feidhme) an Achta um Rialáil Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, Beatha Íocleasaithe agus Leasachán, 2023 a shíniú ina dhlí.
Leis an Ordú seo tugtar an 13 Eanáir 2025 mar dháta tosach feidhme d’Alt 7 den Acht ina dtugtar i ngníomh an Córas Náisiúnta Oideas Tréidliachta; an bunachar sonraí náisiúnta ina ndéanfar oidis agus dáileadh tréidliachta a thaifeadadh.
Ag trácht dó ar an Ordú, dúirt an tAire McConalogue go dtabharfaidh an dáta tosach feidhme soiléireacht dóibh siúd san earnáil a dhéanann cógais tréidliachta a oideasú agus a dháileadh, agus go bhfuil súil aige go n-oibreoidh na páirtithe leasmhara go léir le chéile chun deimhin a dhéanamh de go dtabharfar an Córas Náisiúnta Oideas Tréidliachta isteach ar bhonn rathúil.
Lena chois sin, dúirt an tAire go bhfuil deis iontach curtha ar fáil leis an gCóras Náisiúnta Oideas Tréidliachta chun straitéis na Roinne a chur i gcrích maidir le sláinte agus leas daoine agus ainmhithe a chosaint trí fhormhaoirseacht níos fearr a dhéanamh ar chleachtais oideasaithe, chomh maith lena bheith ag tacú leis an bpoitéinseal, agus barrfheabhas a chur air, chun rochtain a fháil ar mhargaí nua nó chun margaí a choinneáil, agus san am céanna riachtanais Rialála na hEorpa a chomhlíonadh.