Scéim na Coille Seo Againne seolta
- Foilsithe: 13 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Márta 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD, Scéim nua na Coille Seo Againne atá á tairiscint laistigh den Chlár Foraoiseachta 2023-2027 inniu.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tugann Scéim na Coille Seo Againne pobail agus coillearnacha áitiúla le chéile ionas gur féidir leis na coillearnacha sin a bheith in úsáid agus go mbainfidh gach duine taitneamh astu ar feadh na mblianta atá le teacht. Cuirfidh na Coillte Seo Againne deiseanna ar fáil le haghaidh caitheamh aimsire agus aclaíochta, chomh maith le deis a thabhairt do dhaoine blaiseadh a fháil ar an dúlra agus na séasúir athraitheacha agus taitneamh a bhaint astu. Is sócmhainn shóisialta thábhachtach iad freisin laistigh den cheantar máguaird, ag cur lena tharraingteacht mar áit le ‘cónaí ann, oibriú ann agus spraoi a bheith agat’. Tá lúcháir orm a aithint, le linn Sheachtain Náisiúnta na gCrann tábhachtach seo, go bhfuil an fhoraoiseacht ag croílár go leor dár spriocanna sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha.”
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Cuireann scéim na Coille Seo Againne tacaíocht airgeadais ar fáil d’úinéirí foraoisí príobháideacha agus poiblí ar mian leo coillearnacha áitiúla tarraingteacha agus inrochtana a fhorbairt le haghaidh úsáid áineasa ag pobail uirbeacha agus tuaithe na hÉireann araon. Creidim gur féidir an scéim a úsáid chun ról agus tábhacht na foraoise a neartú go háitiúil trína comhtháthú i gcreatlach an phobail. Léirítear tábhacht na bhforaoisí seo inár bpobail agus na tairbhí a chuirtear ar fáil do cheantair áitiúla sa téama “crainn a chur, ag fás le chéile” le linn Sheachtain Náisiúnta na gCrann, a leagann béim ar thairbhí sóisialta na gcrann.”
Tá maoiniú ar fáil chun oibreacha feabhsaithe coillearnaí a dhéanamh agus chun áiseanna áineasa a shuiteáil a ligfidh do dhaoine rochtain a fháil ar an gcoillearnach agus blaiseadh a fháil di. Freastalóidh na coillearnacha seo ar raon úsáidí agus caitheamh aimsire, ach sa deireadh cruthóidh siad deiseanna do dhaoine dul amach agus taitneamh a bhaint as coillearnacha áitiúla agus chun taithí a fháil ar na tairbhí sláinte a bhaineann leo, idir fhisiciúil agus mheabhrach. Tá Scéim na Coille Seo Againne dírithe go príomha ar choillearnacha faoi úinéireacht phoiblí, ach tá foraoisí príobháideacha agus coillearnacha atá faoi úinéireacht phobail nó faoi iontaobhais bhainistíochta incháilithe freisin.
*CRÍOCH*
Nótaí d’Eagarthóirí
Gné 1: Feabhsú
Soláthraíonn an ghné seo tacaíocht d’oibreacha foraoiseolaíochta atá deartha chun na foraoisí atá ann cheana féin a fheabhsú agus chun a dtarraingteacht, a mbithéagsúlacht agus a n-oiriúnacht d’áineas a mhéadú. I measc na n-oibríochtaí féideartha tá fáil réidh le speicis ionracha, plandáil coupe chun ceannbhrait stálaithe a athbheochan, agus coillearnach dhúchasach a chur in ionad clampaí buaircíneacha atá ann cheana féin. Tá tuilleadh faisnéise ar oibríochtaí incháilithe faoi Ghné 1 le fáil i gCuid 7 thíos.
Faoi Ghné 1, is féidir le tionscadail suas le €6,000 / heicteár a fháil de mhaoiniú, bunaithe ar chostais cheadaithe agus faoi réir uasteorainn de €72,000 (i.e. €6,000 x 12 heicteár).
Gné 2: Áiseanna
Soláthraíonn an ghné seo maoiniú d’áiseanna oiriúnacha a chuireann ar chumas daoine úsáid agus taitneamh a bhaint as coillearnacha agus foraoisí atá ann cheana féin. Is féidir leis na háiseanna sin a bheith ina ngnéithe ginearálta cosúil le cosáin, suíocháin, comharthaí agus páirceáil chun freastal ar an úsáideoir ginearálta, nó áiseanna níos speisialaithe do ghrúpaí úsáideoirí ar leith. Tá tuilleadh eolais ar a bhfuil incháilithe faoi Ghné 2 le fáil i gCuid 7 thíos.
Faoi Ghné 2, is féidir le tionscadail suas le €4,200 / heicteár a fháil, bunaithe ar chostais cheadaithe agus faoi réir uasteorainn de €50,400 (i.e. €4,200 x 12 heicteár). Tá sé dírithe ar choillearnacha atá ann cheana féin, lena n-áirítear coillearnacha a cuireadh le déanaí.
Is féidir le húinéirí foraoise príobháideacha agus poiblí iarratas a dhéanamh faoi cheann amháin nó faoin dá ghné den Scéim, a gcuirtear síos orthu mar a leanas:
Chomh maith leis na deontais, d’fhéadfadh iarratasóirí príobháideacha faoin scéim seo a bheith incháilithe le haghaidh Íocaíocht bhliantúil ar Sheirbhís Éiceachórais (PES). Aithnítear leis sin na seirbhísí comhshaoil agus aeráide foraoise a sholáthraíonn an t-úinéir foraoise a ghlacann agus a bhainistíonn córais mhalartacha foraoiseolaíochta agus áineasa, agus na costais bhreise ghaolmhara a thabhaítear chun é sin a dhéanamh. Go sonrach, tá feidhm ag PES 5 (‘Daoine’), socraithe ag €90 / heicteár ar feadh 7 mbliana.
Tá sonraí iomlána maidir le conas iarratas a dhéanamh, chomh maith le rátaí deontais agus préimhe, ar fáil ag gov.ie - Scéim na Coille Seo Againne
Clár Foraoiseachta 2023-2027
Is í Scéim na Coille Seo Againne an ghné is déanaí den Chlár Foraoiseachta nua atá ar oscailt le haghaidh iarratas. Seoladh an Clár i mí Mheán Fómhair 2023, agus chuir sé rátaí deontais nua foraoisithe ar fáil suas le 66% níos airde ná an Clár Foraoiseachta roimhe seo. Chomh maith leis sin, cuireann an Clár leis na híocaíochtaí bliantúla foraoisithe d’fheirmeoirí ó 15 bliana go dtí 20 bliain, agus méadaíonn sé iad go suntasach, e.g. €1,142 in aghaidh an heicteáir go ceann 20 bliain chun foraois nua crann dúchasach a chur. Tá na sonraí ar fad faoi na rátaí íocaíochta deontais agus bliantúla le haghaidh Chlár Foraoiseachta 2023-2027 ar fáil ag gov.ie - Deontais agus Scéimeanna Foraoiseachta, mar aon le ceisteanna coitianta, áireamhán íocaíochta foraoiseachta agus samplaí d’íocaíochtaí.
Is féidir le feirmeoirí eolas a fháil ar dheontais agus préimheanna foraoisithe anseo: Leabhrán Foraoiseachta Feirme
Ríomh ioncam féideartha foraoisithe anseo: Áireamhán Foraoiseachta