Scéim nua chun coillearnacha dúchasacha a chur ar thalamh poiblí fógartha ag an Aire Calleary agus ag an Aire Hackett
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Lúnasa 2020
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, scéim nua inniu chun maoiniú a chur ar fáil chun coillearnacha dúchasacha a chur ar thailte poiblí. Sásaíonn an scéim seo ceann de na príomhghealltanais atá tugtha i gClár an Rialtais agus déanfaidh Roinn an Aire an scéim a mhaoiniú agus clúdóidh sin an costas a bhaineann le foraoisí den chineál sin a bhunú ar thalamh feiliúnach atá faoi úinéireacht phoiblí.
Tá an scéim dírithe ar na Comhlachtaí Poiblí ar fad, lena n-áirítear:
- Ranna Rialtais agus Eagraíochtaí Státurraithe
- Údaráis Ardoideachais agus
- Údaráis Áitiúla
Dúirt an tAire Calleary:
"Is iontach láidir an teachtaireacht a bheidh comhlachtaí poiblí a ghlacann páirt sa tionscnamh nua seo a thabhairt dá gcustaiméirí, comhpháirtithe sa tionscal agus don phobal go ginearálta, is é sin, go bhfuil siad ag déanamh a gcuid, ar bhealach atá fiúntach, chun cuspóirí timpeallachta a shásamh. Tá mo Roinnse ag súil le bheith i dteagmháil leo agus a bheith ag tabhairt tacaíochta dóibh maidir leis na coillearnacha seo a leagan amach agus a chur."
Cheadaigh an Rialtas an scéim ag deireadh na míosa seo caite agus cuirfear tús leis trí anailís chúlsoláthair talún a dhéanamh chun go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí oiriúnacht a dtalamh a mheas do chur.
Dúirt an tAire Hackett:
"Is cuid lárnach d'oidhreacht dúlra, staire agus cultúir na hÉireann coillearnacha dúchasacha, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is léiriú í an scéim seo ar thiomantas an Rialtais maidir le bithéagsúlacht a fheabhsú agus coillearnacha buana a chur a dhéanfaidh carbón a ghabháil, a bheidh ábalta uisce a chosaint agus a chuirfidh lenár dtírdhreach ar feadh bliana fada amach romhainn."
Tá spéis léirithe ag Iarnród Éireann sa scéim, an chéad chomhlacht poiblí a rinne sin.
Dúirt Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann:
"Aithníonn Iarnród Éireann an tábhacht a bhaineann lena ról i gcaipiteal nádúrtha na tíre a fhorbairt agus a feabhsú ó tharla gurb é an caomhnóir is mó talún poiblí sa tír é. Le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara táthar ag lorg ceadú chun coillearnach dhúchasach a bhunú ar shuíomh ar thalamh dár gcuid i gContae Ros Comáin mar thogra píolótach faoin scéim seo. Táimid ag déanamh scrúdú ar chúlsoláthar talún anois chun oiriúnacht suíomhanna eile a mheas maidir lena gcur ar aghaidh sa scéim seo."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim um Choillearnach a Chur ar Thalamh Poiblí ag www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2014-2020.
Is cuid lárnach d'oidhreacht dúlra, staire agus cultúir na hÉireann coillearnacha dúchasacha, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is iontu a mhaireann ainmhithe, éin, feithidí agus plandaí speisialaithe coillearnaí, lena n-áirítear, gan ach cúpla ceann a lua, an t-iora rua, an cat crainn, an mórchnagaire breac, an cuaichín caol agus an muiléad coille. Cuireann siad líon mór seirbhísí éiceachórais ar fáil, lena n-áirítear carbón a ghabháil, caighdeán uisce a chosaint agus a fheabhsú, gnáthóga níos leithne a nascadh, an taobh tíre a fheabhsú, deiseanna maidir le caithimh aimsire faoin spéir agus léirléamh.
Tá sé mar aidhm leis an Scéim um Choillearnach a Chur ar Thalamh Poiblí an dúlra a chaomhnú trí choillearnacha buana, neamhthráchtála a fhorbairt ar thalamh poiblí a chuirfidh na tairbhí seo a leanas ar fáil:
- gnáthóga coillearnaí dúchasaí atá caillte a thabhairt ar ais, gnáthóga atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus atá suntasach ó thaobh cultúir de
- an scoilteadh atáthar a dhéanamh ar ghnáthóga eile agus na conair bhithéagsúlachta atá á gcailleadh a chúlú laistigh den taobh tíre níos leithne
- ceapadh carbóin ó fhoraoisí a mhairfidh go brách
- uisce agus na héiceachórais uisceacha lena mbaineann a chosaint agus a fheabhsú
- saoráidí coillearnaí tarraingteacha a chur ar fáil, chun sláinte agus folláine a chur chun cinn chomh maith le deiseanna a thabhairt do phobail áitiúla le foghlaim a dhéanamh faoin spéir
- caighdeán aeir a fheabhsú i gceantair uirbeacha agus i gceantair mháguaird
- ithir a chosaint agus láithreáin líonta talún agus láithreáin athfhorbraíochta a thabhairt ar ais
Is mar seo a leanas an maoiniú a bheidh ar fáil:
Gné | Gníomh maoinithe | Ráta Deontais | Tairsí Uasta |
Gné 1 | Cásanna Curtha 1-3 | €6,220 / ha (le híoc in 2 ghála) | |
Gné 2 | Cásanna Curtha 4-5 | €5,880 / ha (le híoc in 2 ghála) | |
Gné 3 | Conair agus Comharthaíocht | Suas le €3,800 / ha | €45,600 an méid is mó a íocfar |
Gné 4 | Áit Súgartha i gCoill | Suas le €10,000 in aghaidh an iarratais | Suas le €10,000 |
Deontas ar Shuíomhanna Tréigthe | €500/ha | €2,500 an méid is mó |