English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seachtain na hÉireann don Bhithgheilleagar 11 - 18 Deireadh Fómhair 2019

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. 'Seachtain na hÉireann don Bhithgheilleagar' inniu.

Leagfaidh Seachtain na hÉireann don Bhithgheilleagar béim ar Bhithgheilleagar na hÉireann le sraith imeachtaí agus gníomhaíochtaí faoi stiúir na Roinne Talmhaíochta, Bia & Mara agus na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil. Tá na himeachtaí seo á gcur ar bun i gcomhar le ceannródaithe Bithgheilleagair lena n-áirítear Ionad Taighde Bithgheilleagair SFI an Beacon, Fondúireacht Bithgheilleagair na hÉireann agus an Braisle Réigiúnach BioConnect atá lonnaithe i Muineachán. Beidh Seachtain na hÉireann don Bhithgheilleagar ar siúl ar fud na hÉireann idir Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair - Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair 2019.

Baineann an bithgheilleagar leas as foinsí bitheolaíochta inathnuaite a fhoinsítear go hinbhuanaithe ón talamh agus ón bhfarraige mar barra, foraoiseacht, iascaigh, dobharshaothrú, mionorgánaigh agus ainmhithe agus déanann táirgí bithbhunaithe breisluacha mar próitéiní, bia, leasacháin, plaistigh agus fuinneamh de na foinsí sin agus a gcuid fotáirgí próiseála. D'fhéadfadh an bithgheilleagar deiseanna nua inbhuanaithe a chruthú d'fheirmeoirí agus go mbeadh poist ghlasa ar ardchaighdeán ann dá bharr ansin i gceantair faoin tuath agus cois cósta.

Dúirt an tAire, " Mar ab amhlaidh le Lá na hÉireann don Bhithgheilleagar anuraidh, lá ar éirigh go maith leis, a bhí ar siúl sa gCampas Náisiúnta Bithgheilleagair sa Lisín, Co. Thiobraid Árann, tá sé tábhachtach an móiminteam a choinneáil i ndáil leis an méid dearfach a chuireann an Bithgheilleagar leis an tsochaí agus leis an tionscal, agus an lear mór deiseanna a chuireann sé ar fáil dár gcuid príomhtháirgeoirí a thabhairt chun fíre, chomh maith leis na hearnálacha agraibhia, mara, foraoiseachta, bainistithe dramhaíola, fuinnimh, cógaisíochta agus biteicneolaíochta."

Áirítear i measc na bpríomhimeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na hÉireann don Bhithgheillegar:

Seoladh Ionad BioConnect don Nuálaíocht (11 Deireadh Fómhair, Muineachán), a bunaíodh chun ionad barrfeabhais don bhiteicneolaíocht a chruthú trí sheirbhísí taighde agus saotharlainne mar aon le braisle réigiúnacha chur ar fáil d'fhonn dlús a chur faoi dheiseanna Bithgheilleagair a fhorbairt. I measc na n-ábhar eile, fiosrófar ag an imeacht Inbhuanaitheacht agus Todhchaí na bPróitéiní i gcomhthéacs an Bhithgheilleagair.

Seoladh an Fhóraim Náisiúnta Bithgheilleagair (an 14 Deireadh Fómhair, Baile Átha Cliath) le dul i gcomhairle le comhlachtaí tionscail cuí agus le páirtithe leasmhara eile sa bhithgheilleagar chun comhairle agus treoir i ndáil leis an gcreat beartais atá de dhíth chun Bithgheilleagar na hÉireann a fhorbairt amach anseo.

‘Gut health: it’s a pig deal’ (15 Deireadh Fómhair, Baile Átha Cliath). Seolfaidh Ionad Taighde Bithgheilleagair SFI an BEACON, i gcomhar le Feirm Teaghlaigh Agri Aware i Zú Bhaile Átha Cliath, ceardlann chun suim daltaí bunscoile i muca a mhúscailt. I measc na nithe a bheidh á bplé beidh an méid a bhíonn ag tarlú i bputóg agus na comhábhair nádúrtha den scoth a fhaightear i muisiriúin agus i bhfeamainn a ligeann don bhaictéar maith fás.

Lá TaispeántaisICT-BIOCHAIN Digitising the Bioeconomy (16 Deireadh Fómhair, Luimneach) arna thionóil ag Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí agus Fondúireacht Bithgheilleagair na hÉireann - beidh taispeántais ann ar ICT agus réitigh teicneolaíochta don earnáil bithbhunaithe i ndáil le timpeallachtaí oibriúcháin gnó.

Seimineár i ndáil le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe UCD (16 Deireadh Fómhair, Baile Átha Cliath). Reáchtálfaidh Institiúid an Domhain UCD agus BEACON plé painéil a bheidh dírithe ar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 na Náisiún Aontaithe, ' Patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgeachta a chinntiú'.

Imeacht i ndáil le Cumann Ardoideachais na Teicneolaíochta agus BEACON (17 Deireadh Fómhair, Baile Átha Cliath) a dhíreoidh ar an gcomhar chun bithgheilleagar na hÉireann a thabhairt chun cinn.

Feachtas meán sóisialta #FacesoftheFuture, le linn Sheachtain na hÉireann don Bhithgheilleagar chun béim a leagan ar an obair cheannródaíoch atá á déanamh ag mic léinn taighde chun Bithgheilleagar na hÉireann a fhorbairt.

Nóta d'eagarthóirí

I Márta 2018 a foilsíodh an Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar: https://www.gov.ie/en/policy-information/e551fa-the-bioeconomy/

Is faoin Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar a bunaíodh An Grúpa Forfheidhmithe Bithgheilleagair in 2018 agus tá comhchathaoirleacht á déanamh air ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Rinneadh an grúpa, atá comhdhéanta d'aon Roinn déag agus ocht nGníomhaireacht, a shainordú chun gníomhartha agus dúshláin a aithníodh chun an Bithgheilleagar in Éirinn a fhorbairt tuilleadh a thabhairt chun cinn agus a chéad thuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an rialtais laistigh de bhliain.

Is féidir tuilleadh eolais ar an mBithgheilleagar a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara: https://www.agriculture.gov.ie/research/bioeconomy/

Ionad taighde ina mbítear i mbun taighde bhunúsach agus fheidhmeach i gcomhar le tionscail é Ionad Taighde Bithgheilleagair an BEACON a bhfuil maoiniú €17.8m tugtha ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) ina leith. Déanann UCD an tIonad a óstáil i gcomhar le TCD, NUIG, Ollscoil Luimnigh agus Teagasc.

Tionscadal faoi BBI-JU Horizon2020 é éICT-BIOCHAIN ina bhféachtar le deiseanna ICT a aithint d'fhonn éifeachtacht na slabhraí soláthair bithmhaise don tionscal bithbhunaithe a fheabhsú. Comhpháirtithe iad Fondúireachta Bithgheilleagair na hÉireann agus Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí ar an tionscadal seo.

Braisle réigiúnach atá maoinithe ag Fiontraíocht Éireann é an tIonad BioConnect a thacaíonn le taighde biteicneolaíochta úrnua arna déanamh ag cuideachtaí sa réigiún tríd acmhainní a chur ar fáil do gach céim i ndáil le forbairt gnó ó thaobh an bhithgheilleagair.

Is é Cumann Ardoideachais na Teicneolaíochta (THEA) an comhlacht ionadaíoch ar earnáil ardoideachais na teicneolaíochta agus tá sé déanta suas de 11 Institiúid Teicneolaíochta agus Ollscoil Teicneolaíochta amháin.

CRÍOCH