English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Scéim Forbartha na bPobal Cósta FLAG, dar luach €15 milliún

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Iascaigh, Timmy Dooley TD, Scéim Forbartha na bPobal Cósta 2025-2029 de chuid na nGrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG) inniu.

Cuirfear maoiniú os cionn €15 milliún ar fáil sna blianta amach romhainn faoin scéim seo chun tacú le forbairt eacnamaíoch inár bpobail chósta. Príomhláidreacht na scéime seo is ea go dtacaíonn sí le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, agus leagtar amach na tosaíochtaí le maoiniú sna Straitéisí Forbartha Áitiúla a ullmhaíonn gach ceann de na seacht nGrúpa Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh.

Cuirtear an scéim i bhfeidhm faoi Chlár Forbartha Bia Mara na hÉireann, atá cómhaoinithe ag rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID). Cuirfidh sí leis na tacaíochtaí a soláthraíodh faoi scéim den chineál céanna a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo, agus leis na tacaíochtaí a sholáthraítear faoi Scéim Forbartha Fiontraíochta an Gheilleagair Ghoirm don Bhreatimeacht, lenar cuireadh maoiniú €13.2 milliún ar fáil do 369 tairbhí a oibríonn sa gheilleagar gorm laistigh de 10km den chósta, in 2022 agus 2023.

Agus béim á cur aige ar thábhacht an mhaoinithe, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD:

“Tá an scéim seo beartaithe feabhas a chur ar dheiseanna eacnamaíocha agus ar inbhuanaitheacht shóisialta na limistéar a bhraitheann ar an iascaireacht agus ar an dobharshaothrú. Tá Straitéis Forbartha Áitiúla curtha i dtoll a chéile ag gach FLAG, trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, straitéis a dhíríonn ar phoist a chruthú, cur le luach, nuálaíocht a chur chun cinn, feabhas a chur ar an timpeallacht áitiúil agus oidhreacht chultúrtha mhuirí gach limistéir a chur chun cinn. Faoin scéim, is féidir le fiontair agus tionscnaimh san earnáil iascaireachta, san earnáil dobharshaothraithe agus in earnálacha muirí gaolmhara iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh ar a FLAG áitiúil chun tacú lena dtionscadal a sholáthar nó a mhéadú.”

Agus an scéim nua á seoladh aige, dúirt an tAire Dooley:

“Bunaíodh FLAG in Éirinn in 2012 agus ó shin i leith tá ról ríthábhachtach ag gach Bord FLAG chun tacú le forbairt a bpobal cósta áitiúil. Díol suntais dom an tiomantas atá léirithe le breis agus deich mbliana anuas ag Comhaltaí Boird FLAG a thugann a gcuid ama ar bhonn deonach. Tá a gcuid eolais áitiúil, taithí agus rannpháirtíocht ina bpobal thar a bheith tábhachtach chun clár maoinithe a sholáthar atá faoi stiúir ag an bpobal i ndáiríre.”

Lean an tAire air:

“Cuirfidh an scéim seo leis an obair mhór atá déanta ag Boird FLAG, le tacaíocht ó Bhord Iascaigh Mhara, le 12 bhliain anuas. Leanfaidh sí ar aghaidh ag tacú le hinfheistíocht i gcreatlach eacnamaíoch, shóisialta, thimpeallachta agus chultúir ár bpobal cósta. Tá an rialtas tiomanta na tacaíochtaí a theastaíonn ó gheilleagar gorm atá bríomhar agus faoi bhláth a sholáthar, tacaíochtaí a chuirfidh deiseanna eacnamaíocha ar fáil don iliomad teaghlach a chónaíonn i bpobail chósta, agus tá ríméad orm an scéim seo a sheoladh inniu chun rannchuidiú leis an iarracht sin.”

Beidh gairmeacha ar iarratais á n-oscailt ag gach Bord FLAG sna seachtainí amach romhainn. Chun mionsonraí a fháil faoin gcaoi le hiarratas ar mhaoiniú ó do FLAG áitiúil a dhéanamh, tabhair cuairt ar: www.fisherieslocalactiongroups.ie

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Atáirgeadh an ghrianghraif saor in aisce. Fotheideal an ghrianghraif: Suzanne Brennan, Rannán na gClár Mara & Ceann Údarás Bainistíochta CEMID, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Iascaigh, Timmy Dooley TD, Walter Foley, Cathaoirleach, FLAG an Oirdheiscirt, Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach Bhord Iascaigh Mhara (BIM), gníomhaireacht forbartha bia mara na hÉireann, ag seoladh Scéim Forbartha na bPobal Cósta 2025-2029 de chuid na nGrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG).

Maidir le FLAGS

Bunaíodh FLAGS den chéad uair in 2012 in Éirinn faoi Chlár Forbartha Bia Mara an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI), a bhí i bhfeidhm ó 2007 go 2013. Thacaigh siad le cur i bhfeidhm scéim maoinithe d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoi Chlár Forbartha Bia Mara CEMI (2014-2020).

Ullmhaíonn gach FLAG Straitéis Forbartha Áitiúla, trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, ina leagtar amach na tosaíochtaí le maoiniú ina limistéar.

Is iad na seacht FLAG: An tOirthuaisceart (Lú, an Mhí, Baile Átha Cliath), an tOirdheisceart (Cill Mhantáin, Loch Garman, Port Láirge), an Deisceart (Corcaigh), an tIardheisceart (Ciarraí), an tIarthar (Gaillimh, An Clár), an tIarthuaisceart (Maigh Eo, Sligeach), an Tuaisceart (Dún na nGall).

Tugann Bord Iascaigh Mhara (BIM) tacaíocht riaracháin do na Boird FLAG. Déanann gach Bord FLAG measúnú ar na hiarratais ar mhaoiniú ina limistéar agus roghnaíonn siad na tionscadail le maoiniú, faoi réir ag na riachtanais incháilitheachta ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ag an tionscadal.

Tá mionsonraí maidir leis na FLAGS ar fáil ag: Fisheries Local Action Groups – Grúpaí Gníomhaíochta Iascaigh Áitiúla