English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann 2021

Sheol an tAire Stáit, Martin Heydon TD atá freagrach as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua, an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara; i dteannta leis an Aire Stáit, Ossian Smyth TD atá freagracht as Cumarsáid agus Geilleagar Ciorclach, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ‘Seachtain Bithgheilleagrach na hÉireann 2021’ inniu, a bheidh ar siúl idir an 18 Deireadh Fómhair agus an 22 Deireadh Fómhair.

Tá imeacht bliantúil na bliana seo ar an gceann is mó fós le breis agus 30 imeacht sceidealta agus tógann sé ar an méid a baineadh amach in 2019/20. Cuirfidh Seachtain Bhithgheilleagair na hÉireann béim ar bhithgheilleagar na hÉireann trí shraith imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar líne a oireann do shaoránaigh, d’fheirmeoirí, do ghairmithe tionscail agus do lucht déanta beartas a chomhdhéanann Líonra Bithgheilleagair na hÉireann. Taispeánfaidh imeachtaí na seachtaine an tionchar dearfach atá ag Bithgheilleagar na hÉireann ar ár n-earnáil agraibhia agus ar ár sochaí.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá an domhan ag iarraidh córais inbhuanaithe a fhorbairt le haghaidh bia, fuinnimh agus táirgeachta agus tomhaltais a sholáthraíonn todhchaí chothrom agus rathúil do chách. Mar fhreagra air sin, cuid d’fhís Rialtas na hÉireann maidir le Gníomhú ar son na hAeráide is ea uaillmhian na hÉireann a bheith ina ceannaire domhanda don Bhithgheilleagar. Bainfear é seo amach trí chur chuige comhordaithe a bhaineann leas as acmhainní nádúrtha agus buntáiste iomaíoch na hÉireann. Is gníomhaíocht ríthábhachtach í Seachtain Bhithgheilleagair na hÉireann 2021 chun príomhtháirgeoirí go háirithe a chur ar an eolas faoin mbithgheilleagar. Soláthraíonn sé deis chomh maith líonraí a thógáil le haghaidh comhoibrithe sa todhchaí chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha, chomhshaoil agus shochaíocha ar bhealaí atá nádúrtha, ciorclach agus inbhuanaithe."

Comhordaíonn Líonra Bithgheilleagair na hÉireann an tsraith imeachtaí seachtaine lena n-áirítear an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ionad Taighde Bithgheilleagair SFO BiOrbic, Fondúireacht Bithgheilleagair na hÉireann, Teagasc, Bord Bia, Foras na Mara, Údarás na Gaeltachta, IrBEA, Braisle Ciorclach Bithgheilleagair an Iardheiscirt, ShannonABC, Nasc Tuaithe na hÉireann, Grúpa Taighde CircBio, Braisle Ciorclach Bithgheilleagair an Iardheiscirt agus The Green Institute.

I measc na n-ábhar imeachta tá bithéagsúlacht, bia, mara agus talmhaíocht saor ó charbón:

• Oideachas, Oiliúint agus Scileanna sa Bhithgheilleagar

• Slabhra Nua Luach Bithbhunaithe a Thógáil - Saotharlann chun an Mhargaidh

• Dramhaíl Bia: Ciorclán & Córais Bhia Inbhuanaithe in Éirinn

• Bithfheabhsú Plaisteach

• Luamháin Bheartais sa Bhithgheilleagar

• Bithgheilleagar - An Léargas Gorm

• Máistir-rang Nuálaíochta le Mark Pollock

Téigh chuig láithreán gréasáin Sheachtain Bithgheilleagair na hÉireann www.irishbioeconomy.ie agus láithreán gréasáin an Chruinnithe Mullaigh Náisiúnta Bithgheilleagair www.bioeconomy.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise agus chun clárú le haghaidh imeachtaí.

Nótaí d'Eagarthóirí

Cur síos ar an mBithgheilleagar

Is é an bithgheilleagar an chuid den gheilleagar a chaomhnaíonn an dúlra agus a úsáideann acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite ó thalmhaíocht, foraoiseacht, muirí agus ón gcóras dramhaíola orgánaí chun bia, beatha, ábhair bhith-bhunaithe, ceimiceáin agus fuinneamh a tháirgeadh, agus dramhaíl a laghdú, chun tacú le sochaí inbhuanaithe, ciorclach agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach.

Beartas

D’fhoilsigh Roinn an Taoisigh an Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar in 2018 -www.gov.ie/en/press-release/3d585e-national-policy-statement-on-the-bioeconomy/