English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Thuarascáil an Ollaimh Paddy Wall maidir le hAitheantas, Clárú agus Inrianaitheacht Eachaí in Éirinn

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, fáilte inniu roimh fhoilsiú thuarascáil an Ollaimh Paddy Wall maidir le córas inrianaitheachta eachaí na hÉireann.

Choimisiúnaigh an Roinn an tOllamh Wall, ar tréidlia, dochtúir leighis, eolaí ar an earnáil eachaí agus saineolaí ar shábháilteacht bia é, chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar ár gcóras inrianaitheachta eachaí. Rinneadh é sin i ndiaidh craolachán cláir faisnéise de chuid RTÉ Investigates mí an Mheithimh seo caite inar léiríodh fadhbanna le hinrianaitheacht eachaí.

Agus é ag labhairt faoin tuarascáil, dúirt an tAire, Martin Heydon:

“Tá tuarascáil den scoth curtha i láthair ag an Ollamh Wall ina n-iarrtar athchóiriú éifeachtach ar ár gcóras aitheantais eachaí. Táim ag tnúth leis na moltaí sin a chur i ngníomh ionas gur féidir linn a chinntiú nach dtarlóidh riamh arís na nithe uafásacha a craoladh sa chlár faisnéise mí an Mheithimh seo caite.”

Tugtar sraith moltaí sa tuarascáil chun aitheantas, inrianaitheacht agus leas eachaí a neartú, moltaí atá dírithe ar cheithre phríomhchuspóir a bhaint amach:

• An chosaint is airde is féidir a chinntiú do chapaill ag deireadh a saoil

• Cuntasacht úinéirí a chinntiú trí inrianaitheacht níos fearr

• Cur i bhfeidhm níos déine an dlí maidir le haitheantas eachaí

• An úsáid is fearr is féidir a bhaint as an eolaíocht agus an teicneolaíocht chun inrianaitheacht agus sábháilteacht bia níos fearr a sholáthar

D’fhoilsigh an tAire plean gníomhaíochta inniu freisin ina leagtar amach an chaoi a gcuirfidh an Roinn na hathchóirithe molta i bhfeidhm, agus dúirt sé:

“Táim tiomanta a chinntiú go mbunófar cur i bhfeidhm na físe a leagtar amach sa tuarascáil seo ar thrédhearcacht agus cuntasacht. Tá an plean gníomhaíochta seo á fhoilsiú ag mo Roinn chun amlínte agus mionsonraí a leagan síos faoin gcaoi a gcuirfimid na moltaí i dtuarascáil an Ollaimh Wall i bhfeidhm.”

Tharraing an tAire aird ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ag deireadh a aithisc, agus dúirt:

“Tarraingíonn athbhreithniú an Ollaimh Wall aird ar an raon leathan páirtithe leasmhara atá rannpháirteach ar fud na hearnála eachaí, ó úinéirí agus póraitheoirí go dtí tréidlianna agus rialaitheoirí. Táim tiomanta oibriú le gach duine chun torthaí níos fearr a bhaint amach dár bpobal eachaí. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an nGrúpa Páirtithe Leasmhara Eachaí, lena n-áirítear ionadaithe ón earnáil uile, chun an plean gníomhaíochta seo a chur i bhfeidhm. Chun córas inrianaitheachta nua a chur i bhfeidhm, a bheidh oiriúnach d’earnáil atá tiomanta d’ardchaighdeáin leasa agus todhchaí rathúil, beifear ag brath ar thoilteanas gach duine a bhfuil ceangal aige le capaill a bheith rannpháirteach sa phlean seo agus glacadh lena chuid freagrachtaí chun a chinntiú go mbeidh a gcuid capall inrianaithe agus sábháilte. Impím ar gach duine a chuid féin a dhéanamh.”

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí:

Doiciméid a ghabhann leis seo:

1. Tuarascáil an Ollaimh Wall

2. Plean gníomhaíochta do Thuarascáil Wall: Cur i bhfeidhm athchóirithe chun aitheantas, inrianaitheacht agus leas eachaí a neartú

Prof Wall Report
Amharc amharc
Prof Wall Report Action Plan
Amharc amharc