English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Heydon agus an tAire Stáit Grealish Céim II Lárionad Taighde VistaMilk dar luach €26.2 milliún

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht, Noel Grealish TD, inniu, Céim a Dó de Lárionad Taighde Éireann VistaMilk ag imeacht speisialta arna óstáil ag Teagasc na Cloiche Léithe, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Is ionann sin agus céim shuntasach chun tosaigh i misean an Lárionaid chun inbhuanaitheacht agus nuálaíocht a fheabhsú in earnáil agraibhia na hÉireann trí cheannródaíocht a dhéanamh sa taighde agus teicneolaíocht.

Ar sheoladh an dara céim sé bliana den Lárionad, dúirt an tAire Heydon an méid a leanas:

“Bíonn ról ríthábhachtach ag earnáil agraibhia na hÉireann, agus go háirithe ár dtionscal déiríochta a bhfuil cáil dhomhanda air, ní hamháin inár bpobail tuaithe, ach sa gheilleagar náisiúnta freisin. Is ríthábhachtach é go leanfaimid leis an infheistíocht, trí thionscnaimh amhail VistaMilk, chun a chinntiú go mbeimid fós inár gceannairí domhanda. Leanfaidh an lárionad taighde ildisciplíneach, in éineacht le comhpháirtithe tábhachtacha tionscail, ag cur tionchar fíorshaoil ar fáil tríd an eolaíocht agus an comhoibriú.”

Is léiriú é seoladh Chéim II ar thiomantas leanúnach VistaMilk chun taighde a chur chun cinn i réimsí mar sláinte ithreach, bainistíocht féaraigh, folláine ainmhithe, agus nuálaíocht bia—agus réitigh á gcur ar fáil a théann chun tairbhe feirmeoirí, an tionscail agus an chomhshaoil araon. Óna thús, tá VistaMilk ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht aníos a chomhtháthú—amhail intleacht shaorga, córais braiteoirí, agus samhaltú matamaiticiúil—le feidhmeanna talmhaíochta fíorshaoil.

Chuir an tAire Stáit Grealish i dtábhacht struchtúr agus suntas uathúil chistiú an Lárionaid:

“Is aonán uathúil é VistaMilk sa mhéid gur comhbhunaíodh le dhá Roinn Rialtais é—Talmhaíocht, Bia agus Mara, agus Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht. Treisítear leis an gcomhinfheistíocht seo an tábhacht náisiúnta a bhaineann le saothar an Lárionaid, don fheabhas eolaíochta agus do thodhchaí na feirmeoireachta inbhuanaithe in Éirinn araon. Is méanar dom go bhfuil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag infheistiú os cionn €8.66 milliún i gCéim II den Lárionad, an infheistíocht aonair is mó riamh atá déanta againn i lárionad taighde.”

D’fhear an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless T.D., fáilte roimh an seoladh, agus dúirt an méid seo a leanas:

“Is cúis áthais dom an chéad chéim eile seo den fhorbairt ar mhisean VistaMilk le bheith i gceannas ar earnáil na teicneolaíochta Agraibhia tríd an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht fheabhsaithe. Baineann tábhacht leis an saothar seo ar fud shlabhra soláthair na déiríochta, ag dul i bhfeidhm ar bhealach dearfach ar an gcomhshaol, folláine ainmhithe, sláinte tomhaltóirí agus ár ngeilleagar. Tá éiceachóras náisiúnta taighde agus nuálaíochta níos soiléire á fhorbairt againn, agus is ionann an tionscadal seo agus scoth an chomhoibrithe sin. Tugtar le chéile ann ár n-éiceachóras taighde, ina n-oibríonn lucht acadúil, páirtithe leasmhara, agus an rialtas le chéile chun tacú le héilimh na hearnála agus ár ndaoine óga, agus le todhchaí na feirmeoireachta in Éirinn.”

Is ionann Céim II VistaMilk agus borradh suntasach don gheilleagar áitiúil i gCorcaigh Thuaidh, agus tá an Lárionad chun níos mó ná 130 pearsanra a earcú—agus beidh an chuid is mó acu lonnaithe ag Teagasc sa Chloch Liath. Ag cur leis an rath a bhí ar a chéad chéim, inar slánaíodh os cionn €20 milliún de mhaoiniú iomaíoch an Aontais Eorpaigh, tá sprioc chomhchosúil socraithe ag VistaMilk do Chéim II. Beidh ról ríthábhachtach ag an maoiniú sin chun taighde agus nuálaíocht den scoth a chur chun cinn agus rannpháirtíocht agus comhoibriú domhanda á bhfeabhsú. Tá tacaíocht láidir á fáil ón tionscal i gcónaí, agus os cionn 50 comhpháirtí ag ranníoc €12 mhilliún le linn na chéad chéime agus leanúint lena dtacaíocht isteach sa dara céim. Is léiriú í an infheistíocht sin ar mheascán cothrom d’fhiontar áitiúil agus infheistíocht dhíreach choigríche ó chuideachtaí ilnáisiúnta forásacha.

D’fhear an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc roimh an gcomhoibriú sin:

“Is é an taighde cnámh droma an dul chun cinn sa talmhaíocht. Ag Teagasc, is cúis mhórtais dúinn tacú le VistaMilk agus lena chur chuige idirdhisciplíneach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus deiseanna atá os comhair earnáil na déiríochta anseo sa lá atá inniu ann. Tá na torthaí ón lárionad seo ag dul i bhfeidhm cheana féin ar dhea-chleachtais ar fheirmeacha agus ag múnlú an bheartais náisiúnta.”

Chuir Stiúrthóir Lárionad VistaMilk, an tOllamh Donagh Barry, i dtábhacht ról ríthábhachtach na teicneolaíochta agus na sonraí. Dúirt sé:

“Le tionscal inbhuanaithe iomaíoch déiríochta a fhorbairt, ní mór dúinn cumas na sonraí agus na teicneolaíochta a shaothrú ar fud gach cuid den slabhra idir an ithir agus an tsochaí. Tá taighde comhtháite VistaMilk i réimsí amhail ithir, féarach, ainmhithe agus bia taobh thiar den chlaochlú digiteach lena múnlófar todhchaí an táirgthe agus na próiseála déiríochta in Éirinn agus thar lear.”

Luaigh an Dr Siobhán Roche, Stiúrthóir Eolaíochta don Gheilleagar ag Taighde Éireann, an méid seo a leanas:

“Ní féidir róbhéim a chur ar thábhacht an taighde chomhoibríoch arna stiúradh le misean chun dul i ngleic le dúshláin chasta shochaíocha agus eacnamaíocha amhail an t-athrú aeráide agus slándáil bhia. Is cúis áthais do Thaighde Éireann, trí infheistíocht dar luach os cionn €26 milliún faoina chlár do Lárionaid Taighde, dul i gcomhpháirt leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun tacú le fís VistaMilk.”

Trí VistaMilk tugtar le chéile trí institiúid dhéag taighde as Éirinn ag a bhfuil saineolas tionscail ar fud na n-earnálacha agraibhia, TFC, agus eolaíochta sonraí le dul chun cinn a sheachadadh sa talmhaíocht bheacht, inbhuanaitheacht comhshaoil, agus táirgeadh agus próiseáil déiríochta. Tá éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht, agus athléimneacht thionscal déiríochta na hÉireann ag dul i dtreis leis na nuálaíochtaí sin, agus tacaíonn siad lena seasamh mar cheannaire domhanda sa taighde agus nuálaíocht teicneolaíochta talmhaíochta.

Chonacthas ag an seoladh freisin taispeántais bheo d’uirlisí agus teicneolaíochtaí núíosacha taighde arna bhforbairt ag VistaMilk agus ag a chomhpháirtithe, ina léirítear an chaoi a bhfuil claochlú dearfach laistigh de shlabhra luacha na déiríochta á ndéanamh ag an eolaíocht agus an nuálaíocht.

DEIREADH