Seolann an tAire Heydon Deais Fhís don Bhia 2030 agus fáiltíonn sé roimh dhul chun cinn suntasach faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Lao Déiríochta go Mairteoil de chuid Fhís don Bhia
- Foilsithe: 27 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, Deais Fhís don Bhia 2030 inné.
Tharla an seoladh ag an 13ú cruinniú de Choiste Forfheidhmithe Ardleibhéil Fhís don Bhia 2030 (HLIC). Bhí an tAire Heydon ina Chathaoirleach ar Chruinniú an Choiste, agus d’fhreastail Comhaltaí eile den Choiste air, lena n-áirítear Gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna Rialtais eile.
Ag labhairt dó ar an deais, dúirt an tAire Heydon:
“Is cuid lárnach de chur i bhfeidhm agus monatóireacht ar Fhís don Bhia 2030 í an Deais agus tá sí á seoladh ar bhonn céimnithe. Tá áthas orm Céim 2 a sheoladh go hoifigiúil. Dhírigh Céim 1 ar tháscairí comhshaoil Mhisean 1 agus leathnaíonn Céim 2 an deais chun táscairí inbhuanaitheachta eacnamaíche agus sóisialta do Mhisin 2, 3 agus 4 a chur san áireamh. Bunaíonn an deais sonraí bonnlíne a úsáidfear chun ár ndul chun cinn maidir lenár n-uaillmhianta inbhuanaitheachta a bhaint amach faoi Fhís don Bhia 2030 a mheas, a shainaithint agus monatóireacht a dhéanamh air, lena gcuimseofar gach piléar inbhuanaitheachta - eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta.”
Is féidir an deais a fheiceáil ar gov.ie - Fís don Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe (www.gov.ie).
Seoladh an Plean Gníomhaíochta maidir le Lao Déiríochta go Mairteoil ag HLIC i mí an Mhárta 2024 agus fuair an tAire agus an Coiste cur i láthair comhpháirteach inné ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc agus Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann maidir le cur i bhfeidhm leanúnach agus torthaí an Phlean.
Tuairiscíodh roinnt príomhfhorbairtí lena n-áirítear an méadú ar sheirbhísí IS mairteola i dtréada déiríochta agus an méadú ar laonna á ngéinitíopáil. Leagadh béim go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le Luach Mairteola Tráchtála (CBV) mar uirlis d’fheirmeoirí chomh maith leis an acmhainn shuntasach níos leithne do chórais déiríochta ardbhrabúis lao go mairteoil. Agus an acmhainn sin á léiriú, tá déiríocht-mairteoil san áireamh ag Teagasc anois sa Suirbhé Náisiúnta Feirme.
Chomh maith leis sin, phléigh an 13ú Cruinniú HLIC um Fhís don Bhia nuashonruithe ar dhul chun cinn ‘Phlean Gníomhaithe na mBan sa Talmhaíocht’, ionchuir ó Ghrúpa Tionscail Fhís don Bhia (Bia agus Deoch), agus foilsiú ‘Thuarascáil Bhliantúil Mhonatóireachta agus Táscairí an Fhoghrúpa Comhshaoil’ do 2024.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
D’fhéadfadh Fís don Bhia 2030, straitéis na hÉireann atá faoi threoir na bpáirtithe leasmhara don earnáil agraibhia, ár n-earnáil talmhaíochta, bia, foraoiseachta agus mara a athrú ó bhonn. Tá an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta i gcroílár na straitéise. Tá sé mar aidhm ag Fís don Bhia go mbeadh Éire ina “Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe”. Dearadh Fís don Bhia 2030 ag baint úsáid as cur chuige córas bia, agus tá sé rangaithe de réir ceithre Mhisean ardleibhéil:
• Misean 1: Earnáil Agraibhia atá Cliste ó thaobh na hAeráide agus Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil
• Misean 2: Príomhtháirgeoirí Inmharthana agus Athléimneacha, le Folláine Fheabhsaithe
• Misean 3: Bia atá Sábháilte, Cothaitheach, agus Mealltach, Iontaofa, a bhfuil Meas air sa Bhaile agus Thar Lear
• Misean 4: Earnáil Agraibhia Nuálaíoch, Iomaíoch agus Athléimneach, Tiomáinte ag Teicneolaíocht agus Tallann
Tá níos mó eolais ag: Fís don Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe (www.gov.ie).
Tuilleadh eolais faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Lao Déiríochta go Mairteoil ag: Item was unpublished or removed

Fotheideal na híomhá
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD.