English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Heydon infheistíocht in ionsamhlóirí táthúcháin lena n-úsáid i gcoláistí talmhaíochta

Ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inniu, d’fhógair Martin Heydon T.D, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, go gcuirfear cistiú ar fáil le haghaidh 13 ionsamhlóir táthúcháin lena n-úsáid ag scoláirí a bheidh i mbun cúrsaí oiliúna sa talmhaíocht.

Ag labhairt dó ag fógairt na hinfheistíochta, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Is scil thábhachtach é an táthú, agus baineann roinnt mhaith feidhmeanna úsáideacha leis ar an bhfeirm agus ar fud réimse earnálacha, lena n-áirítear trealamh a dheisiú, a oibriú, a thógáil agus a chothabháil. Leis na hionsamhlóirí seo tabharfar timpeallacht shábháilte do na scoláirí inar féidir leo teicnící difriúla táthúcháin a fhoghlaim sula ndéanfaidh siad traenáil ar fhíor-tháthairí. Tugtar an deis leo do scoláirí a bhfuil níos mó taithí acu a réimse scileanna táthúcháin a leathnú amach. Cuideoidh na hinfheistíochtaí seo lena chinntiú go bhfaighidh na scoláirí tacar scileanna leathan agus úsáideach i dtimpeallacht shábháilte agus iad á gcur faoi oiliúint inár gcoláistí talmhaíochta, rud a rachaidh chun leasa dóibh ina ngairmréim amach anseo.”

Infheisteofar suim dar luach €430,000 san iomlán sna hionsamhlóirí. Agus úsáid á baint as ionsamhlóir táthúcháin réaltachta fíorúla le buntús an táthúcháin a thabhairt do scoláirí, cuirtear timpeallacht foghlama shábháilte agus rialaithe ar fáil ina mbaintear na guaiseacha a bhaineann leis an bhfíor-tháthú.

Ghabh an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc, buíochas leis an Aire Heydon agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara as cistí a chur ar fáil chun na foirne táthúcháin réaltachta fíorúla a sholáthar. Dúirt an tOllamh O’Mara an méid seo a leanas:

“Tairgtear roinnt tairbhí do scoláirí leis an oiliúint sa táthú, i dtéarmaí a n-eispéireas oideachasúil agus a ngairmréim amach anseo i dtionscal na talmhaíochta”.

Dúirt an Dr Anne Marie Butler, Ceann Oideachais Teagasc, an méid seo leis:

“Le soláthar na bhfoirne táthúcháin réaltachta fíorúla seo, feabhsaítear go mór seachadadh na hoiliúna i scileanna praiticiúla atá bunaithe ar shábháilteacht. Is comhpháirt den ‘Fhoghlaim atá Feabhsaithe leis an Teicneolaíocht’ í úsáid an táthúcháin réaltachta fíorúla, a bhfuil forbairt ag teacht go mear air san oiliúint scilbhunaithe”.

Soláthróidh Teagasc trí ionsamhlóir táthúcháin déag lena n-úsáid i gcoláistí talmhaíochta ag scoláirí lánaimseartha agus páirtaimseartha.

Tá samhaltán taispeána de na hionsamhlóirí nua ar taispeáint ag seastán Teagasc ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Tá fáilte roimh chuairteoirí ag na comórtais treabhdóireachta teacht chuig seastán Teagasc le féachaint ar an teicneolaíocht nua seo agus a gcuid scileanna táthúcháin a thástáil ar an ionsamhlóir taispeána.

*CRÍOCH*

Fotheideal an Ghrianghraif: Ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Ráithín an Uisce, Co. Laoise níos luaithe inniu, d’fhógair Martin Heydon T.D, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, go gcuirfear cistiú ar fáil le haghaidh 13 ionsamhlóir táthúcháin lena n-úsáid ag scoláirí a bheidh i mbun cúrsaí oiliúna sa talmhaíocht. Sa phictiúr ar sheastán Teagasc tá an tAire Heydon in éineacht leis an Ollamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc, an Dr Anne-Marie Butler, Ceann Oideachais Teagasc & Ciarán Kinehan, Coláiste Talmhaíochta an Chreagáin. Grianghraf le O'Gorman Photography.