Seolann an tAire McConalogue agus an tAire Hackett an Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach 2024-2030
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 20 Meán Fómhair 2024
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit atá freagrach as Úsáid Talún agus an Bhithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, an Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach nua le haghaidh 2024-2030.
Ag labhairt dó ag seoladh na Straitéise sa Sráidbhaile Orgánach ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Ráithín an Uisce, Contae Laoise, dúirt an tAire McConalogue:
“Chuir mé €256 milliún i leataobh don fheirmeoireacht orgánach sa Phlean Straitéiseach CBT nua, agus is breá an rud é go bhfuil toradh na hinfheistíochta sin le feiceáil cheana féin. Tugadh aitheantas dó sin freisin sa tuarascáil le déanaí ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, inar moladh tiomantas an Rialtais don fheirmeoireacht orgánach. Chuir an fóram Orgánach, faoi stiúir Phádraig Brennan, Straitéis le chéile atá cothrom agus inchreidte, ina sainaithnítear deis shuntasach d’Éirinn bogadh chun ceannaireacht dhomhanda a bhaint amach san fheirmeoireacht orgánach.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Táim ríméadach go bhfuiltear ag díriú ar a chinntiú go mbeidh feirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia orgánacha iomaíoch agus bisiúil, le folláin agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch fheabhsaithe. Tá ioncam ár dtáirgeoirí lárnach agus ríthábhachtach do rath ár Straitéise, toisc gurb iadsan cnámh droma na hearnála agraibhia orgánaí anseo againn, earnáil den scoth. Aithnítear sa Straitéis an ról criticiúil atá ag an bhfeirmeoireacht orgánach agus a bheidh aici i bpobail faoin tuath agus cois cósta, agus ó thaobh forbairt réigiúnach chothrom a bhaint amach don tír trí chéile. Is í Éire an tír is mó ina bhfuil bia inbhuanaithe ar domhan, agus cuid lárnach d’Fhís don Bhia 2030 is ea an straitéis seo, ina gcuirtear i dtábhacht na naisc thábhachtacha atá idir bia agus sláinte agus cothú, agus an tábhacht bhunúsach atá le sábháilteacht bia agus le caighdeán an bhia chun a bheith ar tús cadhnaíochta i margaí tábhachtacha. Táim an-ríméadach go nglacann agus go dtacaíonn an Rialtas leis an straitéis, agus táim ag tnúth le bheith ag obair le gach páirtí leasmhar ina cur i bhfeidhm.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Úsáid Talún agus an Bhithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Is cloch mhíle mhór é seoladh na Straitéise Náisiúnta i leith Bia Orgánach inniu i bhforbairt leanúnach na hearnála. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill Fhóram na Straitéise Orgánaí agus lena Chathaoirleach Pádraig Brennan as a gcuid oibre ar fad ar an Straitéis, agus go deimhin as gach a rinne siad le roinnt blianta anuas chun an earnáil a fhorbairt agus a chur chun cinn. Ó 2021 i leith tá fás thar cuimse feicthe againn san fheirmeoireacht orgánach in Éirinn, agus is é ár n-aidhm anois go mbeidh feirmeoireacht orgánach á déanamh ar 10% den talamh faoi 2030. Tá aidhm uaillmhianach againn sa Straitéis seo luach mórdhíola an aschuir orgánaigh a mhéadú faoi thrí go dtí €750 milliún faoi 2030, rud a rachaidh chun tairbhe na mílte feirmeoirí as Éirinn a d'iompaigh ar an bhfeirmeoireacht orgánach le cúpla bliain anuas. Tá an fheirmeoireacht orgánach leabaithe i mbeartas an rialtais, trí Fhís don Bhia 2030, sa Phlean Straitéiseach CBT, sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, an Straitéis nua um Sholáthar Poiblí Glas agus san infheistíocht mhéadaithe a rinne Bord Bia agus Teagasc chun tacú le táirgeadh bia orgánach. Gné lárnach dár n-uaillmhian is ea an acmhainneacht phróiseála orgánach a mhéadú, agus dhúblaíomar i mbliana an tacaíocht atá ar fáil agus mhéadaíomar an ráta deontais go suntasach mar fhreagra ar an éileamh méadaithe atá ar tháirgí orgánacha na hÉireann. Déanann an fheirmeoireacht orgánach maitheas don aeráid, do cháilíocht an uisce, don bhithéagsúlacht agus don ithir, rinneamar gaisce mór le cúig bliana anuas agus leagtar amach sa Straitéis seo an bealach chun cinn chun níos mó a dhéanamh fós idir seo agus 2030.”
Mar fhocal scoir, dúirt Pádraig Brennan, Cathaoirleach an Fhóraim Orgánaigh:
“Tá fís shoiléir sa straitéis seo don earnáil, agus tacaíocht aici ó shé cinn de thosaíochtaí straitéiseacha agus 51 gníomhaíocht a chlúdaíonn an slabhra luacha iomlán, ón bhfeirmeoireacht go dtí táirgeadh bia go dtí custaiméirí trádála agus na tomhaltóirí, agus í dírithe ar fhás suntasach a bhrú chun cinn maidir le fiúntas na feirmeoireachta orgánaí agus an táirgthe bia.
Tá cuntas soiléir sa phlean cur chun feidhme de na freagrachtaí atá ar gach páirtí leasmhar chun seachadadh ár n-uaillmhianta trí chéile a chinntiú. Leis sin brúfar chun cinn clár oibre an Fhóraim Orgánaigh sa tréimhse amach romhainn, agus cinnteofar go mbeidh seasamh láidir ag an earnáil orgánach in Éirinn, agus, níos mó ná riamh, i margaí onnmhairiúcháin.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
An uaillmhian go dtí 2030
Luach an bhia mórdhíola a mhéadú ó €200 milliún inniu go dtí €750 milliún faoi 2030.
Dúblófar an líon mairteola orgánaí in 2025 i gcomparáid leis an mbliain seo, a mheastar a bheidh thart ar 12,000 tona faoi 2030 ó 4000 tona inniu.
Méadófar faoi thrí an líon caoireola orgánaí in 2026 i gcomparáid leis an mbliain seo, a mheastar a mhéadóidh go dtí 3000 tona go 2030 ó thart ar 500 tona inniu.
D’fhéadfadh an táirgeadh bainne dúbailt go dtí 40 milliún faoi 2030 ó thart ar 20 milliún inniu.
Tá coinne leis go dtiocfaidh a dhá oiread méadú ar an limistéar curaíochta faoi 2030, agus deiseanna móra ag baint le coirce agus meascán barr (próitéin agus arbhar). Meastar i suirbhé ar bheatha orgánach a rinne RTBM go dteastóidh 50,000 tona de bheatha beostoic (beatha dlútháin agus meascán barr) an geimhreadh seo. Déanfar thart ar 30,000 tona de sin a allmhairiú.
D’fhéadfadh méadú mór teacht ar tháirgeadh éineola le hais mar atá inniu agus an cumas ann méadú 50% teacht ar tháirgeadh uibheacha go dtí 53 milliún ubh in aghaidh na bliana.
Tá deiseanna móra ag baint le muiceoil a fhás go háirithe trí dhíolacháin dhíreacha, fiú más ó bhonn íseal a thosófaí amach.
Gairneoireacht. I gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta tá deiseanna móra fáis i ndán di. Is allmhairí iad thart ar 70% den ábhar atá á dhíol in Éirinn faoi láthair. Tá aidhm ann é sin a laghdú go dtí níos lú ná 50% faoi 2030.
Dobharshaothrú. Is í Éire an táirgeoir is mó san Aontas agus 42% de sciar an mhargaidh aici chun tosaigh ar an Iodáil ag a bhfuil 16% agus an Fhrainc ag a bhfuil 8% den mhargadh, agus aithníonn gach páirtí go bhfuil deis fáis ansin sa todhchaí.
Is iad seo a leanas na príomhthosaíochtaí:
Tacú le Rannpháirtíocht san Fheirmeoireacht Orgánach:
• Cúnamh airgeadais agus teicniúil a chur ar fáil chun rannpháirtíocht san fheirmeoireacht orgánach a spreagadh.
• Rochtain ar thalamh agus acmhainní d’fheirmeoirí orgánacha atá ag tosú amach a éascú.
• Tionscnaimh a chur i bhfeidhm chun feirmeoirí óga a mhealladh isteach san earnáil orgánach.
An Slabhra Luacha a Chomhordú:
• Na naisc idir feirmeoirí agus próiseálaithe a neartú chun oibríochtaí a shruthlíniú.
• Líonraí próiseála a leathnú chun freastal ar an earnáil orgánach atá ag fás.
• Slabhraí soláthair a ghiorrú chun éifeachtúlacht a bharrfheabhsú.
• An acmhainneacht dáileacháin a mhéadú chun freastal ar éileamh atá ag méadú.
An Margadh Intíre a Fhás:
• Taighde margaidh a dhéanamh chun sainroghanna agus riachtanais tomhaltóirí a thuiscint.
• Na buntáistí atá le bia orgánach a shoiléiriú do thomhaltóirí trí fheachtais spriocdhírithe.
• Feasacht a ardú agus táirgí orgánacha na hÉireann a phiocadh chun tosaigh ar tháirgí eile i measc an daonra intíre.
Fás Onnmhairiúcháin a Spreagadh:
• Léargas a fháil ar threochtaí margaidh chun an leas is mó a bhaint as deiseanna onnmhairiúcháin.
• Bia orgánach na hÉireann a chur chun cinn i margaí idirnáisiúnta, agus aird ar a cáil de bharr na cáilíochta agus na sábháilteachta.
• Béim a leagan ar cháilíochtaí comhshaoil bhia orgánach na hÉireann chun dul i gcion ar thomhaltóirí thar lear atá coinsiasach faoin gcomhshaol.
• Tacaíocht a thabhairt d’onnmhaireoirí chun dul i bhfód ar mhargaí nua trí chomhaontuithe agus tionscnaimh thrádála.
• Na deiseanna a bhaineann le lipéadú a iniúchadh chun infheictheacht agus inchreidteacht táirgí orgánacha na hÉireann a uasmhéadú i margaí eachtracha.
An Soláthar Poiblí a Leathnú:
• Tacaíocht a thabhairt do na treoirlínte nua follasacha le haghaidh soláthar poiblí glas chun tosaíocht a thabhairt do tháirgí orgánacha.
• Infhaighteacht agus tarraingteacht táirgí orgánacha na hÉireann a chur chun cinn in institiúidí agus i saoráidí poiblí.
Dlús faoi Scileanna agus Tacaíocht:
• Malartú eolais a éascú i measc feirmeoirí orgánacha chun dea-chleachtais agus nuálaíochtaí a roinnt.
• Cláir oideachais agus oiliúna a chur i bhfeidhm chun scileanna agus saineolas maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a fheabhsú.
• Tionscnaimh taighde agus forbartha a spreagadh chun an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht a thiomáint chun cinn san earnáil orgánach.
• Comhoibriú a chothú i measc páirtithe leasmhara sa tionscal chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna comónta.
• Ardáin líonraithe a neartú chun cumarsáid agus comhar a éascú laistigh den earnáil orgánach.
• Acmhainn ghnó na hearnála orgánaí a fheabhsú trí thionscnaimh forbartha acmhainneachta agus seirbhísí tacaíochta.