Seolann an tAire Scéim nua Íocaíochta Cúnaimh Burláilte
- Foilsithe: 31 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara Charlie McConalogue TD, scéim nua Íocaíochta Cúnaimh Burláilte (BAP) le reáchtáil in éineacht leis an mBeart Ionchorpraithe Tuí (SIM).
Is íocaíocht í an scéim BAP atá ar fáil d'iarratasóirí rathúla ar SIM 2024 a tharraing dáileacht ó SIM agus a chinn an dáileacht a bhurláil in ionad a bheith ag gearradh/ionchorprú
Is ionann an íocaíocht agus €175 in aghaidh an heicteáir do bharra SIM incháilithe, faoi réir 1 heicteár ar a laghad agus 40 heicteár ar a mhéad.
Is iad na barra incháilithe faoi BAP ná Cruithneacht, Eorna, Coirce agus Seagal. Ní barr incháilithe é Ráib faoin Íocaíocht Cúnaimh Burláilte.
Mhaígh an tAire:
"Tar éis cur is cúiteamh leis na heagraíochtaí feirme, táim ag seoladh na Scéime Íocaíochta Cúnaimh Burláilte anois. Spreagfaidh an Íocaíocht Cúnaimh Burláilte de €175 in aghaidh an heicteáir feirmeoirí curaíochta chun smaoineamh ar a mbarra a bhurláil, in ionad iad a ghearradh agus a mheascadh. Chomh maith leis sin, táim ag spreagadh feirmeoirí beostoic a bheith réamhghníomhach agus soláthairtí dóthanacha farae a ordú. Mar a dúirt mé roimhe seo, creidim go bhfuil gá le gníomh réamhghníomhach chun saincheist fhéideartha farae a chosc do go leor feirmeoirí i mbliana.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá Téarmaí agus Coinníollacha BAP agus Ceisteanna Coitianta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: gov - Íocaíocht Cúnaimh Burláilte (BAP) 2024
Teagmháil:
Ríomhphost: Tillage@agriculture.gov.ie
Seoladh Poist: An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,
An tAonad um Íocaíochtaí Díreacha (An Rannán Curaíochta),
Oifigí an Rialtais,
Sean Bhóthar Mhainistir Laoise,
Port Laoise,
Co. Laoise.