Seolann Líonra CBT suirbhé chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais eolais agus faisnéise feirmeoirí
- Foilsithe: 29 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol Líonra CBT na hÉireann suirbhé inniu chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais feirmeoirí in Éirinn, go háirithe maidir leis an bhfoinse a fhaigheann feirmeoirí eolas agus faisnéis. Forbraíodh an suirbhé mar chuid d'obair an Ghrúpa Comhordúcháin Chóras Eolais agus Nuálaíochta na Talmhaíochta (AKIS).
Tá ról ríthábhachtach ag an eolas agus nuálaíocht maidir le cabhrú le feirmeoirí, foraoiseoirí agus pobail tuaithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus thimpeallachta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Lena chinntiú go roinntear eolas idir gach duine a úsáideann agus a tháirgeann é, agus go mbeidh daoine nasctha, tá gá le Córais Eolais agus Nuálaíochta na Talmhaíochta éifeachtacha (AKIS) ar fud Bhallstáit na hEorpa, Éire san áireamh. Tá an t-aistriú sin riachtanach chun tacú leis an oiriúnú riachtanach do dhúshláin reatha agus do dhúshláin sa todhchaí.
D'fhorbair Líonra CBT na hÉireann an suirbhé agus ionchur curtha ar fáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta, agus Teagasc. Féachann sé le tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais reatha na bhfeirmeoirí, agus ar an gcaoi a bhfaigheann siad eolas agus faisnéis faoi láthair. Úsáidfear torthaí an tsuirbhé chun bonn eolais a chur faoi phlean oibre Ghrúpa Comhordaithe AKIS.
Is féidir an suirbhé a chomhlánú anseo.
Tá Líonra CBT na hÉireann á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir:
Tá ionadaithe ar fud na hearnála talmhaíochta agus ó phobail tuaithe mar chuid de Ghrúpa Comhordaithe AKIS. Cuimsíonn sé grúpaí ionadaíocha feirmeoirí, comhpháirtithe tionscail, seirbhísí comhairleacha, oideachas, taighde, na meáin agus comhpháirtithe eile. Tá sé mar aidhm ag Grúpa Comhordaithe AKIS borradh a chur faoi sreafaí eolais agus nuálaíochta in Éirinn do chórais bhia agus bhithbhunaithe agus do shochaí na tuaithe agus iad a bhrostú.
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.