Seolann na hAirí McConalogue agus Hackett leabhar nua Sainaitheanta Plandaí Talún Feirme mar chuid de leathadh amach scéim ACRES
- Foilsithe: 14 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Meitheamh 2023
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht aici i leith Bithéagsúlachta, an Seanadóir Pippa Hackett, an leabhar Sainaitheanta Plandaí Talún Feirme inniu go hoifigiúil atá faighte ag gach rannpháirtí i Scéim Shuaitheanta Agra-Chomhshaoil-Aeráide Tuaithe na hÉireann (ACRES) mar chuid dá bpacáiste eolais.
Tá cur síos sa leabhar ar na plandaí is coitianta a fhaightear i réimse leathan féarthailte agus tailte móna in Éirinn. Is treoir thábhachtach é d’fheirmeoirí chun cabhair a thabhairt dóibh plandaí éagsúla a aithint, a d’fhéadfadh tionchar tairbheach a bheith acu ar ár mbithéagsúlacht. Tá gné íocaíochta shuntasach atá bunaithe ar thorthaí i gcroílár na scéime ACRES a thugann cúiteamh airgid d'fheirmeoirí as báinseach ar mhórán speiceas a bheith acu a chuireann lenár mbithéagsúlacht.
Agus é ag cur fáilte leis an bhfoilseachán, dúirt an tAire McConalogue
“Scéim Shuaitheanta is ea ár Scéim Agra-Chomhshaoil-Aeráide Tuaithe agus tá uaillmhian ard comhshaoil leagtha síos aici atá le cur i gcrích sna cúig bliana atá romhainn. Tá lúcháir orm faoin suim a léirigh feirmeoirí agus 46,000 feirmeoir ag glacadh páirte cheana féin. I measc na bpríomhchuspóirí comhshaoil tá feabhsú cháilíocht agus raon speiceas ár bhféarthailte trí bhainistíocht chuí ó thaobh feirmeoirí agus úinéirí talún ar caomhnóirí na bhféarach sin iad. Feabhsóidh an leabhar seo eolas na bhfeirmeoirí agus cuirfidh sé ar a gcumas a n-íocaíocht atá bunaithe ar thorthaí a mhéadú faoin scéim.”
Dúirt an tAire Hackett.
“Is acmhainn sho-úsáidte iontach é an leabhar Sainaitheanta Plandaí Talún Feirme ní amháin d'fheirmeoirí, ach d'aon duine a bhfuil suim acu inár bhféarthailte agus inár dtailte móna. Éascóidh úsáid na n-íomhánna, na cuir síos ghairide, agus an dathchódú na speicis a aithint a mbeidh dea-thionchar acu ar an mbithéagsúlacht atá againn. Mholfainn do gach rannpháirtí ACRES an t-am a ghlacadh staidéar a dhéanamh air féachaint conas a bhaineann sé leis an talamh atá acu.”
D'aithin na hAirí freisin oiliúint leanúnach na gcomhairleoirí ACRES a dhéanann na hocht bhfoireann chomhobrithe ACRES timpeall na tíre maidir le húsáid na scórchártaí nua a chinnteoidh go scórálfaí páirceanna go héifeachtach agus go comhsheasmhach sa samhradh. Tá an obair scórála sin tosaithe anois agus bunóidh scóráil na bpáirceanna an samhradh seo i mbliain a haon d'ACRES bonnlíne do na rannpháirtithe a faomhadh sa Scéim faoi Thráinse 1, rud a cheadóidh dul chun cinn a thomhas i gcaitheamh na scéime.
Nótaí na n-eagarthóirí:
Is í Scéim Agra-Chomhshaoil-Aeráide Tuaithe (ACRES) scéim nua agra-chomhshaoil-aeráide na hÉireann faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann. Is scéim shuaitheanta agra-chomhshaoil €1.5 billiún an scéim sin atá bách d’fheirmeoirí a chabhróidh dul i ngleic le meath bithéagsúlachta agus tacaíocht ioncaim á sholáthar do suas le 50,000 teaghlach feirme.
Laistigh d'ACRES; bhí íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí ar fáil mar rogha d'fheirmeoirí in ACRES Ginearálta m.sh. féarthalamh ionchuir ísil chomh maith le gníomhartha traidisiúnta bunaithe ar threoir amhail fálta a chur; agus íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí atá sna croí-íocaíochtaí d'fheirmeoirí i dTionscadal Comhoibrithe ACRES (ACRES CP) taobh le gníomhartha saincheaptha feirme agus tírdhreacha.
Nascann íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí cáilíocht dúlra na ngnáthóg ar fheirm le d'íocaíocht chomhshaoil. Scóráiltear gach páirc as 10 le scórchárta a ghabhann cáilíocht chomhshaoil na gnáthóige, a léiríonn bainistíocht reatha agus an ama a chuaigh thart.