Seolann na hAirí Plean Gníomhaíochta a eascraíonn as an Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht
- Foilsithe: 31 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Bealtaine 2024
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus na hAirí Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett, agus Martin Heydon T.D., Plean Gníomhaíochta Náisiúnta do Mhná sa Talmhaíocht inniu.
Ceapadh an plean gníomhaíochta ón Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht a scrúdaigh comhionannas inscne san fheirmeoireacht agus san earnáil agraibhia níos leithne, agus conas infheictheacht agus stádas na mban sa talmhaíocht a mhéadú.
Tiomsaíodh torthaí an idirphlé i dTuarascáil, lena n-áirítear raon moltaí a d’eascair as ceardlanna a reáchtáladh ar an lá. Ina dhiaidh sin, chomhdhlúthaigh grúpa oibre na moltaí seo i bPlean Gníomhaíochta 12 phointe. Leanfaidh an Grúpa Oibre um Mhná sa Talmhaíocht ag teacht le chéile chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an chur chun feidhme.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm inniu gur in éineacht liom atá mo chomhghleacaithe, na hAirí Stáit Hackett agus Heydon, Cathaoirleach an Idirphlé Náisiúnta agus an tIar-Aire Talmhaíochta, Mary Coughlan, agus baill ár nGrúpa Oibre nuabhunaithe ar Mhná sa Talmhaíocht chun an Plean Gníomhaíochta seo a sheoladh. Tá mé tiomanta do chothromaíocht inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú ag gach leibhéal den earnáil agraibhia agus tá an tiomantas seo léirithe agam trí roinnt príomhghealltanais a thabhairt ar aghaidh chun tacú le cothromas ar fud an tionscail. Áirítear leis sin ráta nua SNTS a thabhairt isteach d’fheirmeoirí mná chomh maith le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo 40% d'ionadaíocht na mban ar na Boird Stáit faoi mo shainchúram. Tugann Tuarascáil an Idirphlé léargas ar na dúshláin agus ar thaithí na mban atá i láthair, agus cuireann an Plean Gníomhaíochta fócas ar an obair a bheidh ann amach anseo ar an gceist thábhachtach seo. Déanfaidh an Grúpa Oibre iniúchadh anois ar na praiticiúlachtaí a bhaineann le seachadadh na n-athruithe agus na dtionscnamh riachtanach chun saol laethúil na mban a fheabhsú ar fud na hearnála agraibhia agus táim ag tnúth leis na hathruithe sin a chur i bhfeidhm.”
Dúirt an tAire Hackett:
“Mar cheann de na mílte ban a oibríonn san fheirmeoireacht ar fud na hÉireann is maith is eol dom an gá atá ann chun go gcloisfí ár nguth agus lenár leasanna a chur chun cinn. Táim bródúil go bhfuil Plean Gníomhaíochta 12 phointe againn anois a bhfuil an Rialtas ag tacú leis. Ar go leor feirmeacha ar fud na hÉireann, is iad mná atá ag smaoineamh as an nua agus ní mór dúinn tacú leis an nuálaíocht sin a oiread agus is féidir linn. Mholfainn ní hamháin do mhná sa tionscal ach d’fhir chéile agus do mhic, deartháireacha agus uncailí breathnú ar an bplean seo agus machnamh a dhéanamh ar conas is féidir leo a bpáirt a ghlacadh ar an talamh. Léiríonn an plean chomh maith tiomantas an Rialtais seo agus go deimhin mo thiomantas féin do bheartais spriocdhírithe a shaothrú a thacaíonn agus a chuireann ceannaireacht na mban in earnáil ina bhfuil muid i measc mionlach chun cinn. Tá roinnt céimeanna móra chun cinn le blianta beaga anuas, lena n-áirítear guthanna láidre ban inár n-eagraíochtaí ionadaíocha agus ní mór dúinn leanúint ag obair i dtreo rannpháirtíocht ban níos mó ag gach leibhéal. ”
Dúirt an tAire Heydon:
“Is céim phraiticiúil eile é seoladh an Phlean Gníomhaíochta seo chun a chinntiú go mbeidh earnáil na talmhaíochta chun tosaigh maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn. Tá freagracht orainn go léir leanúint le cothromaíocht inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú ag gach leibhéal agus i ngach réimse den tsochaí. Tugann sé aghaidh ar roinnt réimsí tábhachtacha ar nós comharbas, oideachas, agus aitheantas agus táim ag súil go háirithe le tacú le breis taighde sa réimse seo chun a chinntiú go mbeidh bunús láidir againn le haghaidh aon bheartais amach anseo.”
Mar fhocal scoir, dúirt Mary Coughlan:
“Táim ag tnúth leis an bPlean Gníomhaíochta seo a chur i bhfeidhm, agus na bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh níos mó infheictheachta agus cothromais ann do mhná san fheirmeoireacht agus sa tionscal agraibhia. Is mór an onóir dom a bheith i gceannas ar an Idirphlé agus a bheith mar chuid den tionscnamh seo chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach san earnáil.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tá an Plean Gníomhaíochta agus an Tuarascáil ónar tiomsaíodh é foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne agus is féidir teacht orthu anseo.
Cuimsíonn an Grúpa Oibre um Mhná sa Talmhaíocht:
Eagraíocht | Ionadaí |
Rannóg Eacnamaíochta & Pleanála RTBM | Elisa Goode (Cathaoirleach), Ciara Murphy (Rúnaí) Sharon Boylan |
Grúpa Geallsealbhóirí um Mhná sa Talmhaíocht (WASG)||Mona Concannon|
Ionadaithe Feirmeoir Mná Óga | Louise Crowley Karen McCabe |
Teagasc | An Dr. Anne-Marie Butler |
AgDIF | Christine Farrell |
Úinéirí Foraoise na hÉireann | Olive Leavy |
Dlíodóir Talmhaíochta | Aisling Meehan BA |
Oisrí Phort Láirge (Earnáil an Dobharshaothraithe) | Cliona Mhic Giolla Chuda |
Earnáil an Iascaigh | (Le Dearbhú) |
Plean Gníomhaíochta ag eascairt as an Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht
1 | Sraith de sheimineáir ghréasáin/imeachtaí áitiúla atá bunaithe ar éileamh a óstáil (riachtanais áitiúla á gcur san áireamh) chun idirghníomhaíocht, ceannaireacht agus rannpháirtíocht mhéadaithe ban a spreagadh agus a chur chun cinn san earnáil. |
2 | Cur chun cinn na talmhaíochta a mhéadú mar shlí bheatha inmharthana do mhná agus do chailíní óga i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, le cur chun cinn le Agri Aware agus leis an Roinn Oideachais |
3 | Idirchaidreamh a dhéanamh le Teagasc agus le soláthraithe oideachais tríú leibhéal lena chinntiú go bhfuil roghanna ann chun an rannpháirtíocht is airde is féidir a chinntiú do mhná (m.sh. dóibh siúd a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu). |
4 | Úsáid teanga agus íomháineachas níos cuimsithí a chur i bhfeidhm i gcumarsáid le feirmeoirí agus faoin bhfeirmeoireacht. |
5 | Comharbas ban a chur chun cinn agus a normalú, lena n-áirítear breithniú ar aon athruithe a theastaíonn ar bheartas, cánachas, reachtaíocht agus scéimeanna an RTBM |
6 | Idirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Airgeadais agus leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le haon bhacainní ar fheirmeoirí mná laistigh den chóras cánachais, agus chun cuimsitheacht agus cothroime níos fearr a chinntiú. |
7 | Tá an RTBM ag smaoineamh ar urraíocht a dhéanamh ar “Gradam Nuálaíochta agus Sármhaitheasa do Mhná sa Talmhaíocht” laistigh de chlár/na cláir dámhachtana atá ann cheana féin chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá chun tosaigh san earnáil Agraibhia. |
8 | Grúpa oibre a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar incháilitheacht scéim inmheánach an RTBM agus ar riachtanais oideachais chun a chinntiú go mbeidh na deiseanna is mó ar fáil d’fheirmeoirí mná agus chun próiseas a bhunú chun an cheist a bhreithniú i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm na scéimeanna go léir, lena n-áirítear taifeadadh agus tuairisciú feabhsaithe ar shonraí inscne. |
9 | Athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus próisis atá i bhfeidhm chun mná a chuimsiú ar uimhreacha tréada agus Coimeádaí Tréada ar fud an líonra DVO (Oifig Tréidliachta Ceantair) agus ag agra-ghníomhaireachtaí seachtracha. |
10 | Spás tiomnaithe a chruthú ar shuíomh gréasáin an RTBM, a bheadh mar mhol do gach rud a bhaineann le mná sa talmhaíocht. |
11 | Taighde a dhéanamh ar mhná sa talmhaíocht. |
12 | Ról na mban a chur chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht fheabhsaithe don earnáil, sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch. |