English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sláinte Bheach ar Lá Domhanda na mBeach

Thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, cuairt ar shaotharlann Sláinte Bheach an RTBM inniu ag Campas Bhacastúin i gContae Chill Dara mar chuid den ceiliúradh ar Lá Domhanda na mBeach atá ar siúl inniu, an 20 Bealtaine 2021. Cuireann an Roinn seirbhís sláinte beach saor in aisce ar fáil a éascaíonn lotnaidí agus pataigin a bhrath go luath agus baineann ríthábhacht leis seo chun stoc sláintiúil beach in Éirinn a choimeád.

Luaigh an tAire,

“Tá gliondar croí orm bheith anseo inniu ar Lá Domhanda na mBeach le súil a chaitheamh ar an obair thábhachtach a dhéanann an RTBM chun tacú lenár mbeach agus ár mbeachairí. Cuid thábhachtach de na tacaíochtaí atá i bhfeidhm le haghaidh sláinte bheach í seirbhís dhiagnóiseach sláinte bheach saor in aisce an RTBM. Oibríonn an tseirbhís seo i gcomhar le clár taighde na Roinne ar phataigin agus lotnaidí a imríonn tionchar ar shláinte dhaonra bheacha meala na hÉireann.”

Oibríonn seirbhís Sláinte Bheach an RTBM an Clár Faire Beachlann freisin i dteannta beachairí deonacha ar fud na hÉireann. Is í aidhm an chláir a chinntiú go mbraitear trí lotnaid choimhthíocha go luath - an Chiaróg Choirceoige Bheag (SHB), Tropilaelaps spp. agus an Chornfhoiche Áiseach.

Dúirt an tAire freisin,

“Tugann Lá Domhanda na mBeach chun solais an ról ríthábhachtach a ghlacann beacha i bpailniú agus obair dhian agus tiomantas dúthrachtach bheachairí na hÉireann chun sláinte bheach a chothú. Gné bhunriachtanach iad beacha freisin den Phlean Pailneora Uile-Éireann agus cruthaíonn an lá seo deis ceiliúradh a dhéanamh ar an rannchuidiú a dhéanann siad.”

Cuirtear seirbhís dhiagnóiseach Sláinte Bheach an RTBM ar fáil anuas ar thionscnaimh eile, deontais bhliantúla san áireamh a bhronntar ar Chónaidhmeanna Náisiúnta Bheachairí na hÉireann chun cabhrú lena mbaill ghaolmhara tabhairt faoi cheird na beachaireachta, chun tacú le beacha a cheannach agus eolas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne faoi ról comhshaoil a ghlacann beacha chun bithéagsúlacht na hÉireann agus táirgeadh barr a chothú.

Nóta don Eagarthóir:

Is féidir le haon duine ar spéis leo beachaireacht teagmháil a dhéanamh le Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann (FIBKA) ag www.irishbeekeeping.ie/ nó le Cumann Beachairí na hÉireann (IBA) ag www.irishbeekeepersassociation.com/

Tá eolas breise ar thacaíocht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara do bheachairí Éireannacha, an Clár Beachadóireachta Náisiúnta agus pailneoirí san áireamh ar fáil ag www.gov.ie/en/publication/9e1ff-beekeeping-honey/#national-apiculture-programme

Cabhraíonn Líonra Pailneoirí an RTBM, atá faoi stiúir fhoireann na Roinne, leis an RTBM a cheangal le ranna agus gníomhaireachtaí eile, taighdeoirí, páirtithe leasmhara, an pobal feirmeoireachta agus an pobal i gcoitinne.

Is iad cuspóirí an líonra:

• eolas a chur ar fáil do chinntí beartais, a chinntiú go mbíonn cinntí bunaithe ar fhianaise

• treoir agus tacaíocht a sholáthar agus comhoibriú le taighdeoirí agus institiúidí chun díriú níos fearr ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

• ionchur a sholáthar isteach i ndearadh, forbairt, múscailt feasachta ar straitéisí, scéimeanna agus pailneoirí agus iad a chur in iúl

• ardán a sholáthar chun eolas agus saineolas inmheánach agus seachtrach a roinnt; saineolas agus am a uasmhéadú agus acmhainní a chomhroinnt

• gníomhaíochtaí agus gníomhartha cumarsáide, rannpháirtíochta a éascú leis an bpobal talmhaíochta agus comhshaoil agus leis an bpobal, ár gcaidreamh agus ár gcomheolas agus ár gcomhiarrachtaí a fhorbairt agus a neartú

Tá sonraí breise ar fáil maidir leis an bPlean Pailneora Uile-Éireann ag pollinators.ie/

Bhunaigh an Roinn roinnt tionscadal freisin chun tabhairt faoi thaighde ar Bheacha faoin Scéim Cúnaimh Deontais Acmhainní Géiniteacha (GRGAS). Lorgaíonn an Scéim seo tionscadail gach bliain atá dírithe ar thacú le hacmhainní géiniteacha a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint astu ar mhaithe le bia agus talmhaíocht. I measc na dtionscadail a cistíodh, tá staidéar ar an mbeach mheala dhúchasach Éireannach, Apis mellifera, agus ar bhumbóga agus tá siad ar fáil ag www.gov.ie/en/publication/9e1ff-beekeeping-honey/

Chun teacht ar eolas breise ar an mbeach mheala dhúchasach Éireannach, tabhair cuairt, le do thoil, ar Chumann Beacha Dúchasacha na hÉireann ag nihbs.org/ agus www.gov.ie/en/publication/9e1ff-beekeeping-honey/#the-native-irish-honey-bee

Chuir an Roinn físeán gearr le chéile a dhéanann ceiliúradh ar Lá na mBeach, atá ar fáil ag www.youtube.com/watch?app=desktop&v=nloAGgYsAa8&feature=youtu.be

CRÍOCH