Soláthar poiblí ag lorg aiseolais le haghaidh Staidéar Féidearthachta Olla fógartha ag an Aire Pippa Hackett
- Foilsithe: 9 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Pippa Hackett go bhfuil sí ag lorg soláthraí le taithí chun tabhairt faoi staidéar ar mhargaí ionchasacha do tháirgí olla.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le linn di soláthar poiblí iomaíoch a sheoladh chun athbhreithniú a dhéanamh ar éileamh ionchasach ar mhargaí baile agus idirnáisiúnta le haghaidh táirgí olla cosúil le hinsliú agus leasacháin:
‘Mar fheirmeoir caorach mé féin, tuigim go rímhaith an méid olla atá ar fáil i ndiaidh caorach a bhearradh le cúpla mí anuas, agus tuigim nach bhfuil an olann seo á díol ar phraghas maith. Ní mór dúinn an scéal seo a athrú agus bealaí nua a aimsiú chun an olann a úsáid agus margaí nua a aimsiú. Is chuige sin atá soláthraí le taithí á lorg agam chun an staidéar féidearthachta seo a chur i gcrích. Tá mé ag iarraidh go ndéanfar anailís ar an éileamh ionchasach a d’fhéadfadh a bheith ag margaí baile agus idirnáisiúnta ar tháirgí olla agus na haighneachtaí a fuarthas mar chuid den Staidéar Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara a rinneadh le déanaí a chur san áireamh, agus tá súil agam go mbeidh an obair seo curtha i gcrích i mí na Samhna.’
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire chomh maith:
‘Tá neart olla le fáil sa tír seo. Tá olann inbhuanaithe agus in-athnuaite, agus tá ciall leis an bpoitéinseal a bhaineann leis an táirge seo a scrúdú. Tá úsáid á baint as olann san earnáil teicstílí ar ndóigh, ach chomh maith leis sin is ábhar orgánach, ísealcharbóin, nádúrtha é olann a d’fhéadfaí a úsáid b’fhéidir ar bhealach inmharthana i raon táirgí éagsúla cosúil le leasacháin, insliú agus pacáistiú. Táim ag súil go gcabhróidh an staidéar féidearthachta liom, nuair a bheidh sé curtha i dtoll a chéile, treochlár a fhorbairt do Thionscal Olla na hÉireann. Agus trí chúnamh agus treoir a fháil ó Ghrúpa Páirtithe Leasmhara an Fhóraim Olla atá á bhunú agam, táim ag súil go gcabhrófar liom bearta olla na todhchaí a fhorbairt mar a shamhlaítear iad i gClár an Rialtais.”
De réir na dtreoirlínte soláthair phoiblí, tá an t-athbhreithniú féidearthachta olla seo fógartha ar e-tenders. Postáladh an tairiscint ar shuíomh gréasáin eTenders ar an 08/07/2021, (http://www.etenders.gov.ie/) (RFT No 194051 ‘Review of the potential demand in domestic and international markets for wool based products’).
Is é an spriocdháta chun tairiscintí a fháil 5pm ar an 09/08/2021 agus samhlaítear go mbeidh an tairiscint seo foilsithe, go mbeidh na conarthaí sínithe agus go mbeidh tús curtha leis an athbhreithniú i Ráithe 4 de 2021.
