Tá €5.2 milliún le haghaidh tionscadail agra aeráide fógartha ag Éirinn agus an Nua Shéalainn
- Foilsithe: 6 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Eanáir 2025
Mar chuid den Chomhthionscnamh Taighde (CT) idir Éire agus an Nua Shéalainn, táthar le maoiniú €5.2 milliún a thabhairt do thrí thionscadal taighde atá dírithe ar theicneolaíochtaí nua a fhorbairt chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun cuntas a thabhairt ina leith. Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Taighde agus Nuálaíocht, Martin Heydon TD, na tionscadail a fhógairt agus sin i dteannta Aire Talmhaíochta na Nua Séalainne, Todd McClay TP.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Bhí an earnáil talmhaíochta chun tosaigh chun gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm le maolú a dhéanamh ar a tionchar ar an athrú aeráide, lena n áirítear trí theicneolaíochtaí agus cleachtais a eascraíonn as taighde atá maoinithe ag mo Roinn a chur i bhfeidhm. Beidh na trí thionscadal atá á bhfógairt inniu, lena mbaineann cómhaoiniú ó Éirinn agus ón Nua Shéalainn ar fiú €5.2 milliún é, ina rannchuidiú lenár gcuid iarrachtaí maolúcháin a chur chun cinn, lena gcuirfear leis an dul chun cinn a rinneadh anuraidh inár baineadh amach laghdú 4.6% ar astaíochtaí ón talmhaíocht”.
Chun aitheantas a thabhairt do na naisc thaighde láidre atá ann cheana agus na dúshláin choiteanna atá roimh na hearnálacha agraibhia in Éirinn agus sa Nua Shéalainn araon, bunaíodh CT in 2022 chun comhar agus comhoibriú a neartú idir maoinitheoirí agus taighdeoirí ar bhonn déthaobhach, tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí taighde a ailíniú, agus leas a bhaint as sineirgí i gcás inarb ann dóibh.
Comhordóidh taighdeoirí ó Theagasc agus Ollscoil na Gaillimhe tionscadail 2024 i gcomhar leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide.
Agus an infheistíocht sin á déanamh, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Is cúis áthais dom a fhógairt inniu go bhfuil infheistíocht leanúnach á déanamh againn i dtaighde talmhaíochta agus athraithe aeráide tríd an gComhthionscnamh Taighde idir Éire agus an Nua Shéalainn. Maidir leis an maoiniú €2.3 milliún do na comhpháirtithe Éireannacha atá i gceist, bainfear úsáid as le haghaidh bearta maolúcháin maidir le gás ceaptha teasa, mionchoigeartú fardail agus teicneolaíochtaí chun meastacháin astaíochta meatáin a fheabhsú. Trínár gcomhpháirtíocht leis an Nua Shéalainn le trí bliana anuas, rinneamar comhinfheistíocht de nach mór €20 milliún i dtaighde ceannródaíoch agus tá mé muiníneach go gcuideoidh sin linn amach anseo chun inbhuanaitheacht ár gcóras feirmeoireachta beostoic coiteann atá bunaithe ar fhéarach a fheabhsú.”
Agus é ag tacú leis na ráitis sin, agus ag tabhairt aitheantas do rath an chláir phíolótaigh, dúirt Aire Talmhaíochta na Nua Shéalainne, an tUasal Todd McClay, an méid seo a leanas:
“Chuir an clár píolótach seo deiseanna luachmhara ar fáil d’eolaithe chun naisc thaighde a leathnú agus leas a bhaint as saineolas agus trealamh idirnáisiúnta. Trína gcuid oibre, cuireadh borradh faoin tuiscint ar mhicribhitheolaíocht chogansaí agus pórú beostoic astaíochtaí ísle, feabhsaíodh fardail gás ceaptha teasa, agus forbraíodh uirlisí agus teicnící nua chun go bhféadfaidh feirmeoirí agus taighdeoirí astaíochtaí ar an bhfeirm a thuiscint agus a mhaolú. Ba mhaith liom pobail taighde na hÉireann agus na Nua Shéalainne a mholadh as tacú leis an tionscnamh tábhachtach seo. Ar scáth a chéile is féidir linn athrú ó bhonn a dhéanamh in iarrachtaí taighde chun astaíochtaí talmhaíochta a bhrú síos, cur le luach trí tháirgí atá neamhdhíobhálach don aeráid, agus cuidiú le folláine fhadtéarmach ár dtimpeallachta agus ár muintire a chinntiú.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Comhthionscnamh Taighde idir Éire agus an Nua-Shéalainn
Maidir leis an Item was unpublished or removed (CT) idir Éire agus an Nua Shéalainn, is éard atá ann ná tionscnamh taighde píolótach ar feadh tréimhse thosaigh trí bliana (2022 2024). Is féidir teacht ar bhreis sonraí faoin tionscnamh anseo: Item was unpublished or removed
Faoi Chomhghairm 2024 ar Thaighde, tá an maoiniú iomlán a sholáthair RTBM cothrom le €2,314,237 do cheithre Eagraíocht Déanta Taighde Éireannacha – Teagasc, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Soláthróidh Roinn na dTionscal Príomhúil an fuílleach do na heagraíochtaí taighde sa Nua Shéalainn.
Is iad seo a leanas na tionscadail rathúla agus na dámhachtainí:
Ainm an Tionscadail | Dámhachtain Iomlán | |
DisaggRegatEd dAiry urine eMission Factors (DREAMFactors) |
Comhordaitheoir na hÉireann: Dominika Krol (Teagasc) - €746,427
Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: (AgResearch Ltd) - €999,930
Comhpháirtithe Comhoibrithe: COBÁC | | €1,746,357 |
Strategic Urine Patch Emissions Reduction Technology (SUPERTech) |
Comhordaitheoir na hÉireann: Patrick Forrestal (Teagasc) - €567,979
Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: Surinder Saggar (Landcare NZ Ltd) - €994,184
Comhpháirtithe Comhoibrithe: COBÁC, AgResearch Ltd | | €1,562,164 |
Agricultural Methane Emissions: Farm Scale to Regional Scale (FARMAI) |
Comhordaitheoir na hÉireann: Damien Martin (Ollscoil na Gaillimhe) - €932,040
Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: Alexander Geddes (NIWAR Ltd) - €987,272
Comhpháirtithe Comhoibrithe: CTBÁC, DairyNZ, Landcare NZ Ltd, LIC Ltd| | €1,919,312 |
Maidir le sonraí ar thionscadail a dámhadh roimhe seo ón tionscnamh seo, is féidir teacht orthu anseo: www.gov.ie/pdf