English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an tAire Heydon ag iarraidh go leanfaidh daoine a bheith san airdeall tar éis tuairiscí ar ráigeanna den ghalar crúibe is béil sa tSlóvaic

Dhearbhaigh an tSlóvaic trí ráig den ghalar crúibe is béil (FMD) in eallach inniu. Tá na trí ráig ar fad laistigh de 20km ón ráig le déanaí san Ungáir ar an 6 Márta. Is í an tSlóvaic an tríú Ballstát a dheimhnigh ráig FMD in 2025, tar éis don Ghearmáin an deimhniú tosaigh a thabhairt ar an 10 Eanáir go raibh a céad chás den ghalar aimsithe aici ó bhí 1988 ann.

Is galar víreasach an-tógálach é FMD d’eallach, caoirigh, muca agus ainmhithe crúbscoilte eile. Bíonn sé ina chúis le caillteanais eacnamaíocha an-suntasach, de dheasca caillteanais táirgthe sna hainmhithe dá ndéantar difear agus mar gheall ar chaillteanas rochtana ar mhargaí eachtracha d'ainmhithe, d'fheoil agus do bhainne do thíortha atá thíos leis. Ní dhéanann FMD daoine a ionfhabhtú agus ní bhaineann riosca sábháilteachta bia leis. Tá Éire saor ó FMD, tar éis di a cás deireanach a bheith aici in 2001.

Tá beart á dhéanamh ag an Roinn chun beostoc na hÉireann a chosaint tar éis na ráige seo. Dheimhnigh an Roinn nár allmhairíodh aon ainmhithe atá soghabhálach i leith FMD (is é sin eallach, caoirigh, muca) isteach go hÉirinn ón tSlóvaic, ón Ungáir ná ón nGearmáin ón 1 Eanáir 2025, tréimhse shuntasach sula mbeadh na cásanna is déanaí ionfhabhtaithe den chéad uair.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD:

“Is cúis mhór imní an scéala faoi thrí ráig den ghalar crúibe is béil sa tSlóvaic inniu. Tá a fhios agam gur buille uafásach é seo d’fheirmeoirí na Slóvaice agus dá dtionscal agraibhia. Mar gheall ar nádúr an-tógálach víreas FMD molaim do gach duine in Éirinn, go háirithe feirmeoirí, leanúint de bheith airdeallach agus ár mbeostoc Éireannach a chosaint.”

Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Ba cheart dóibh siúd a thaistealaíonn go hÉirinn ó thíortha atá buailte le FMD gach réamhchúram a dhéanamh gan an galar a thabhairt leo trí fheoil, déiríocht agus ábhair éillithe amhail éadaí, bróga agus trealamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach má thug tú cuairt ar fheirmeacha, ar limistéir fiadhúlra nó ar zúnna i dtíortha atá buailte le FMD go seachnaíonn tú gach teagmháil le beostoc nó fiadhúlra ar feadh 14 lá ar a laghad tar éis duit teacht go hÉirinn.”

I measc rialuithe na hÉireann chun FMD a chosc tá toirmisc dhiana ar allmhairí ainmhithe agus táirgí ainmhithe ó thíortha ina bhfuil FMD i láthair; córas cuimsitheach faireachais tréidliachta chun ráigeanna neamhghnácha galair a bhrath; agus obair leantach ghníomhach agus imscrúdú tréidliachta ar aon tuairiscí faoi chásanna amhrasta.

Dá ndeimhneofaí ráig FMD in Éirinn, dhéanfaí ciondíothú ar an tréad ionfhabhtaithe, dhéanfaí an láithreán a dhíghalrú, agus chuirfí crios cosanta 3k agus crios faireachais 10k ar bun, ina bhforchuirfí rialuithe agus tástáil gluaiseachta an-dian. Is rídhócha go gcuirfí cosc náisiúnta ar ghluaiseacht i bhfeidhm sna chéad laethanta tar éis aon chás FMD tosaigh. Dá dtarlódh cás FMD in Éirinn, chaillfí láithreach rochtain ar an margadh d'ainmhithe agus do tháirgí ainmhithe na hÉireann dá bharr.

DEIREADH


Nótaí

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Item was unpublished or removed

Ba cheart aon chásanna amhrasta FMD in Éirinn a thuairisciú láithreach don Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil nó ar an nguthán don Bheolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar 01 492 8026 (lasmuigh d'uaireanta oifige).