English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an tAire McConalogue ag iarraidh buiséad CBT láidir do Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach

Ag labhairt ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh inniu, d’iarr an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D buiséad CBT lánmhaoinithe chun tacú le feirmeoirí agus le hearnáil talmhaíochta Eorpach atá iomaíoch, inbhuanaithe agus acmhainneach a chinntiú.

Le linn an phlé ar Chonclúidí na Comhairle maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach, dúirt an tAire McConalogue:

"Cuirim fáilte roimh an aitheantas atá tugtha don ghá atá le hacmhainní cuí chun freagairt go héifeachtach do chuspóirí iomadúla an Chomhbheartais Talmhaíochta. Ní mór dúinn a bheith réidh le buiséad láidir CBT a chur ar fáil a chuirfidh ar ár gcumas muid ár spriocanna a bhaint amach. Táthar ag iarraidh ar fheirmeoirí níos mó a dhéanamh. Is gá tacaíocht shásúil a thabhairt dá ról i dtáirgeadh bia agus inár n-uaillmhian chomhshaoil le hearnáil iomaíoch, inbhuanaithe agus acmhainneach a chur i gcrích.”

Chomh maith leis sin d’iarr an tAire go gcuirfí stádas na hÉireann mar náisiún oileánda san áireamh sna moltaí reatha ar Chosaint Ainmhithe agus iad á nIompar. Ag tarraingt airde ar stádas oileánda na hÉireann mhaígh an tAire McConalogue:

“Tacaíonn Éire leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht reatha ar iompar ainmhithe nó ní mór dúinn an caighdeán is airde de chosaint ainmhithe a chinntiú ag gach céim de shaol an ainmhí, lena n áirítear iompar ainmhithe.

Athdhearbhaím áfach, nach mór suíomh tíreolaíoch na hÉireann a chur san áireamh sna moltaí. Is náisiún oileánda muid agus ní mór go mbeadh an cumas céanna ag oibreoirí gnó na hÉireann rochtain iomlán a bheith acu ar an Margadh Aonair, mar atá ag na Ballstáit eile.”

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.