Tá fáilte curtha ag an Aire roimh an gcéad chruinniú den Choimisiún maidir le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht
- Foilsithe: 7 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., fáilte inniu roimh na comhaltaí ag an gcéad chruinniú den Choimisiún maidir le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht. Tá an tUasal Aidan O’Driscoll ina chathaoirleach ar an gCoimisiún, a scrúdóidh na tosca casta a bhaineann le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin.
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Tá áthas orm gur tharla an chéad chruinniú den Choimisiún, agus bhí an-áthas orm bualadh leis na comhaltaí, a bhfuil a gcuid scileanna agus eolais luachmhair féin acu mar chuid den ghrúpa. Ghabh mé buíochas le comhaltaí an Choimisiúin as a dtiomantas don tasc tábhachtach seo agus ghuigh mé rath orthu ina gcuid oibre.
“Tá go leor tacaíochtaí i bhfeidhm againn d’fheirmeoirí óga; trí CBT, an córas cánachais, rochtain ar airgeadas, agus tríd an raon tacaíochtaí oideachais agus comhairleacha ó Theagasc. Mar sin féin, d’iarr mé ar an gCoimisiún breithniú an bhfuil na bearta reatha sin éifeachtach chun daoine óga a spreagadh chun tabhairt faoin bhfeirmeoireacht nó ar cheart iad a choigeartú.
“Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála deiridh d’Idirphlé Straitéiseach an Choimisiúin maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach – a thugann suntas d’athnuachan ó ghlúin go glúin mar cheann dá phríomh-mholtaí. Cuirfear níos mó béime ar an gceist an-tábhachtach sin san am atá romhainn ar leibhéal na hEorpa. Luaitear sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) reatha freisin go bhfuil an athnuachan ó ghlúin go glúin ar cheann dá naoi bpríomhchuspóir agus toisc go bhfuiltear ag súil go bhfoilseoidh an Coimisiún Eorpach a thograí maidir le Comhbheartas Talmhaíochta i ndiaidh 2027 le linn 2025, creidim gur tráth iomchuí é seo chun machnamh a dhéanamh ar an gceist seo ar leibhéal náisiúnta.”
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas mar fhocal scoir:
“Beidh comhairliúcháin phoiblí agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara mar chuid lárnach den phróiseas seo agus iarraim ar aon duine a bhfuil spéis acu sa cheist seo a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin nuair a sheolfar é. Táim ag tnúth le measúnú iomlán ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san fheirmeoireacht agus tuarascáil ar roghanna a bheith críochnaithe roimh dheireadh ráithe 2, 2025.”
DEIREADH

Fotheideal an Ghrianghraif: Ó chlé go deas: An Dr Emma Dillion, Eacnamaí agus Oifigeach Taighde Sinsearach le Suirbhé Náisiúnta Teagasc ar Fheirmeacha; Aidan O’Driscoll, Cathaoirleach, an Coimisiún maidir le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD: An tOllamh Thia Hennessy, Ceann an Choláiste Gnó agus Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh; Aisling Meehan, dlíodóir, comhairleoir cánach, feirmeoir agus ball den Mheitheal Ban sa Talmhaíocht; Seán Bell, Príomhoifigeach Eacnamaíochta agus Pleanála sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Trevor Boland, cuntasóir, i mbun feirmeoireachta faoi láthair ar Fheirm Mhairteola de chuid Chlár Signpost Teagasc i gComhpháirtíocht Feirme Chláraithe; Thomas Duffy, feirmeoir déiríochta, iar-Uachtarán Mhacra na Feirme, iar-Leasuachtarán Chumann Fheirmeoirí Óga na hEorpa, cathaoirleach neamhspleách reatha ar Choiste Stiúrtha Signpost Teagasc; Brendan Gleeson, Ard-Rúnaí sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Nótaí don Eagarthóir:
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.