English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá fógartha ag an Aire McConalogue agus ag an Aire Hackett go bhfuil an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice (OPIG) á hathoscailt

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Úsáid Talún agus an Bhithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, athoscailt na Scéime Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice (OPIG), lena ngabhann leithdháileadh €3.5 milliún do 2025, tar éis infheistíocht, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, san earnáil próiseála orgánaí in 2024.

Cuireann scéim OPIG maoiniú ar fáil do phróiseálaithe ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt áiseanna chun táirgí orgánacha a phróiseáil, a ullmhú, a ghrádú, a phacáil agus a stóráil.

Osclófar an tráinse nua seo den scéim amárach (Déardaoin, an 9 Eanáir) agus beidh sé oscailte go dtí an 8 Feabhra. Is féidir iarratais a dhéanamh tríd an bpost nó ar ríomhphost faoin dáta deiridh.

Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:

“Táim ríméadach go bhfuiltear ag díriú ar a chinntiú go mbeidh feirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia orgánacha iomaíoch agus bisiúil, agus folláin agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch fheabhsaithe ann san am céanna. Tá ioncam ár dtáirgeoirí lárnach agus ríthábhachtach do rath ár straitéise ‘Fís don Bhia, 2030’, toisc gurb iadsan cnámh droma na hearnála agraibhia orgánaigh seo againn, ar earnáil den scoth í. Leagann athoscailt na scéime seo béim arís ar thiomantas an Rialtais praghas ard a sheachadadh do tháirgí orgánacha agus a chinntiú go gcomhlíonfaimid an sprioc inár Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach, is é sin luach an aschuir orgánaigh a mhéadú faoi bhreis agus a thrí oiread faoi 2030.”

Dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:

“Anuraidh, mhéadaigh mé ráta deontais OPIG go dtí 60%, agus chonaiceamar gur méadaíodh luach na n infheistíochtaí faoi thrí san earnáil, i gcomparáid le blianta roimhe sin, dá bharr. Tá ríméad orm anois freagra a thabhairt ar an leibhéal soiléir éilimh sin agus buiséad atá méadaithe go mór a fháil do scéim na bliana seo. Tá sé de sprioc ag an Stát anois leibhéal 10% de tháirgí orgánacha a cheannach agus bia á fháil, agus caithfimid a chinntiú gur bia orgánach na hÉireann atá sa sciar is mó de sin, a oiread agus is féidir. Cuirfidh infheistíocht mhéadaithe in earnáil na próiseála orgánaí faoin scéim seo in áit mhaith sinn chun é sin a dhéanamh.”

I mí Aibreáin 2024, d’fhaomh an Rialtas an Straitéis um Sholáthar Poiblí Glas (GPP) lena sainordaítear nach mór táirgí atá deimhnithe mar tháirgí orgánacha a bheith in 10% de luach an bhia a cheannaítear trí sholáthar poiblí.

Is iad na catagóirí bia lena mbaineann an riail orgánach 10% ná arbhar, mairteoil úr, uaineoil, muiceoil, éineoil, iasc, glasraí, agus táirgí déiríochta.

Tháinig an straitéis nua, a thagann le plean gníomhaíochta dá cur i bhfeidhm, in áit an tseanchórais a bhaineann le ‘tairiscintí glasa’.

Lean an tAire Hackett ar aghaidh leis an méid seo a leanas a rá:

“Tá a fhios agam ó bheith ag labhairt le próiseálaithe go bhfuil an-spéis i scéim OPIG. Léiríonn an scéim seo, mar aon le hobair leanúnach an Bhoird Bia agus na hearnála ar fad, d’fheirmeoirí orgánacha go bhfuilimid ag déanamh ár ndícheall chun a chinntiú go mbeidh éileamh láidir ar a dtáirgí. I mí Mheán Fómhair seo caite seoladh an Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach do 2024-2030. Tá infheistíocht leanúnach san acmhainneacht phróiseála ina príomhthosaíocht don earnáil, agus cabhróidh an scéim seo linn lena chinntiú go bhfaighidh feirmeoirí praghas ard as táirgí orgánacha.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire an méid seo a leanas:

“Tá 700 feirmeoir eile tar éis tús a chur leis an bpróiseas tiontaithe go dtí an fheirmeoireacht orgánach i mbliana, rud a fhágann go bhfuil 5,600 feirmeoir i mbun feirmeoireacht orgánach nó ag tabhairt faoin aistriú chuig an bhfeirmeoireacht orgánach. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh inár n earnáil phróiseála, rud a ligeann do phróiseálaithe orgánacha éifeachtúlachtaí agus acmhainneacht a mhéadú, chun a chinntiú go bhfaightear préimh mhargaidh d’aschur orgánach.”


Nótaí d’Eagarthóirí

Osclófar Scéim OPIG ina tráinsí – beidh an tráinse seo oscailte idir an 9 Eanáir agus an 8 Feabhra 2025.

Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na scéime deontais, mar aon le foirmeacha iarratais, le fáil ón Rannóg Táirgí Orgánacha agus Tacaíochtaí Margaidh, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Caisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman, agus ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice: Téarmaí agus coinníollacha.

Maoinítear an scéim tacaíochta seo do bhia orgánach ón Státchiste Náisiúnta.

Ní mór na hiarratais a fáil tríd an bpost nó ar ríomhphost ar an 7 Feabhra 2025, nó roimhe sin.

Tá téarmaí agus coinníollacha na scéime, mar aon le foirmeacha iarratais, le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Uaillmhian na Straitéise Náisiúnta i leith Bia Orgánach go dtí 2030

Méadú ar luach mórdhíola bia ó €200 milliún in 2024 go dtí €750 milliún faoi 2030.

Dúblófar an líon mairteola orgánaí in 2025 i gcomparáid le 2024, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar aschur mairteola go dtí 12,000 tona faoi 2030, ó 4,000 tona inniu.

Méadófar faoi thrí an líon feola caorach orgánaí in 2026 i gcomparáid le 2024, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar aschur uaineola go dtí 3,000 tona faoi 2030, ó thart ar 500 tona in 2024.

D’fhéadfadh an táirgeadh bainne dúbailt go dtí 40 milliún lítear faoi 2030, ó thart ar 20 milliún lítear in 2024.

Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú faoi bhreis agus a dhá oiread ar an limistéar curaíochta faoi 2030, agus deiseanna móra a bheith ag baint le coirce agus meascán barr (próitéin agus arbhar). Meastar i suirbhé ar bheatha orgánach a rinne RTBM go dteastóidh 50,000 tona de bheatha beostoic (beatha dlútháin agus meascán barr) an geimhreadh seo. Déanfar thart ar 30,000 tona de sin a allmhairiú.

D’fhéadfadh méadú mór teacht ar tháirgeadh éineola, agus an cumas ann méadú 50% teacht ar tháirgeadh uibheacha, go dtí 53 mhilliún ubh in aghaidh na bliana.