Tá gairm ar thograí le haghaidh Tionscnaimh Turasóireachta Agraibhia eisithe ag an Aire Heydon
- Foilsithe: 29 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia, Iascaigh agus Mara, Martin Heydon TD, gairm ar thograí le haghaidh Tionscnaimh Turasóireachta Agraibhia faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe (RIDF), 2025.
Dúirt an tAire Heydon:
Tá naisc dhlútha idir an turasóireacht agus an earnáil agraibhia, agus cuireann siad go mór lena chéile chomh maith. Cuireann an maoiniú seo tacaíocht ar fáil i gcomhair tionscnaimh turasóireachta agraibhia a fhorbairt chun cabhrú le gnólachtaí tuaithe a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí, agus eispéireas na tuaithe a fheabhsú. In 2024 forbraíodh roinnt tionscadail iontacha faoin scéim seo, táim cinnte go bhforbrófar deiseanna in 2025 chun tionscadail a chur chun cinn tuilleadh agus eispéiris nua a chruthú.
Tá earnáil agraibhia na hÉireann ar cheann de na príomhnithe atá taobh thiar de dhul chun cinn gheilleagar na hÉireann, go háirithe i gceantair thuaithe agus chósta. Faoi threoir na straitéise ‘Fís don Bhia, 2030’, leanaimid orainn ag forbairt naisc idir bia áitiúil agus tairiscintí turasóireachta. Áirítear air sin tacaíocht d’fhorbairt ghnó agus do thionscnaimh mhargaíochta chun tacú le nithe is díol spéise do chuairteoirí a bhaineann le bia agus dí, agus iad a chur chun cinn.
Tá maoiniú iomlán beagnach €300,000 ar fáil do thionscadail a thacaíonn le tionscnaimh turasóireachta agraibhia, a bhféadfadh margaí bia tuaithe a bheith ina measc freisin. Is ionann an t-uasmhéid atá iníoctha le tionscadal ar bith agus €25,000.
Ba cheart iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais don Ghairm ar Thograí atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo.
Is é an spriocdháta d’iarratais ná 12.00 meán lae, Dé Luain, an 24 Feabhra 2025.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
• Is éard atá i gceist le turasóireacht agraibhia, tríd is tríd, ná an cleachtas a bhaineann le gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a thairiscint mar chuid de chuairt ar cheantair de tháirgí talmhaíochta aitheanta agus chun an bia nó na sainbhianna áitiúla nó réigiúnacha a thriail agus a bhlaiseadh. Cuimsíonn turasóireacht agraibhia réimse leathan gníomhaíochtaí lena mbaineann na naisc idir an talmhaíocht agus an bia a tháirgtear ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach. D’fhéadfadh fanacht ar fheirm nó dul ar camchuairt ar chonairí agus ar imeachtaí bia, páirt a ghlacadh in iarrachtaí talmhaíochta nó táirgí a cheannach go díreach ó fheirm nó ó mhargadh a bheith i gceist leis an gcineál seo turasóireachta. Cuimsíonn turasóireacht agraibhia scéimeanna margaidh áitiúla bia, feirmeora agus ceardaí a thacaíonn le táirgeoirí bia agus ceardaithe áitiúla agus séasúracha.
• Cuirtear tacaíocht ar fáil do thionscadail turasóireachta agraibhia (a bhféadfadh margaí bia tuaithe a bheith ina measc freisin) faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe. Ba cheart iarratais a dhéanamh sa doiciméad faoi iamh. Is é 12.00 meán lae, Dé Luain, an 24 Feabhra 2025 an spriocdháta chun iarratais a dhéanamh. Déanfar measúnú ar na hiarratais trí phróiseas iomaíoch chun tionscadail mholta a mhaoiniú.