Tá leithdháiltí ó Bhuiséad 2025 fógartha ag an Aire Heydon do shábháilteacht, taighde agus forbairt feirme, agus d’fhorbairt margaidh nua
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., sonraí inniu maidir le maoiniú do shábháilteacht, taighde agus forbairt feirme, agus forbairt margaidh nua mar chuid de Bhuiséad 2025.
Dhearbhaigh an tAire Heydon a thiomantas leanúnach do thacú le hiarrachtaí chun sábháilteacht, sláinte agus folláine feirmeoirí a fheabhsú leis an maoiniú tiomnaithe €2.5 milliún a cinntíodh i mBuiséad 2025. Éascóidh an maoiniú sin leanúint ar aghaidh na dtionscnamh atá ann cheana féin, chomh maith le tionscnaimh nua a fhorbairt chun sábháilteacht feirme agus folláine a fheabhsú i measc an phobail feirmeoireachta.
Agus é ag cur béim ar thábhacht na hinfheistíochta i sábháilteacht, sláinte agus folláine feirmeoirí, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Tá mé meáite ar áiteanna maireachtála agus oibre níos sábháilte a dhéanamh d’fheirmeacha na hÉireann. Tá sé mar thosaíocht agam leathnú ar na liúntais chaipitil luathaithe a chinntiú do raon níos leithne infheistíochtaí sábháilteachta feirme. I measc na n infheistíochtaí a bheidh incháilithe do liúntais chaipitil luathaithe tá aonaid feistithe láimhseála caorach, gabhlaigh agus cosáin eallaigh, geataí breithe laonna, tuilsoilse, monatóirí beostoic agus doirse sleamhnáin nó rollála. Cuirfidh sin tuilleadh tacaíochta ar fáil d’fheirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí agus i dtrealamh a chuidíonn ní amháin le sábháilteacht feirme a fheabhsú, ach a chuidíonn freisin le héifeachtúlachtaí ar an bhfeirm a fheabhsú. Tá fonn ollmhór ar fheirmeoirí infheistíocht a dhéanamh i sábháilteacht feirme le 30% d’iarratais faoi TAMS 3 go dtí seo déanta ar an Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme.”
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus na Coimisinéirí Ioncaim a riarann an scéim liúntais caipitil luathaithe do threalamh sábháilteachta feirme. Tá buiséad bliantúil €5 mhilliún in aghaidh na bliana, gan CBL san áireamh, leithdháilte don bheart.
Is féidir le feirmeoirí leas a bhaint as liúntais chaipitil de 50% in aghaidh na bliana, atá le héileamh thar thréimhse luathaithe dhá bhliain ar na hinfheistíochtaí sin, i gcomparáid leis an tréimhse chaighdeánach ocht mbliana do ghléasra agus innealra. Beidh feirmeoirí a bhaineann leas as na liúntais chaipitil luathaithe ar na struchtúir agus an trealamh tábhachtach sábháilteachta feirme seo in ann leas a bhaint as cúnamh deontais 60% faoi TAMS3.
Maidir le taighde agus forbairt, shonraigh an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Tá buiséad €21.6 milliún daingnithe agam le haghaidh taighde in 2025. Tá an eolaíocht lárnach in earnáil talmhaíochta na hÉireann, agus tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ar aghaidh ag infheistiú i dtaighde, ag forbairt na n uirlisí d’fheirmeoirí na hÉireann chun fanacht ar thús cadhnaíochta maidir le héifeachtacht agus inbhuanaitheacht.
Agus é ag tagairt don tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht phoiblí i dtaighde, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Tá léirithe ag taighde an acmhainn a bhaineann le breiseáin bheatha chun astaíochtaí meatáin ó bheostoc a laghdú, tá na chéad mheastóireachtaí géanómaíocha náisiúnta ar domhan maidir le hastaíochtaí meatáin in eallach mairteola na hÉireann déanta leis an taighde sin, agus tá léirithe gur féidir le báinseacha ilspeiceas riachtanais leasacháin nítrigine a laghdú. Tá an cineál sin taighde atá dírithe ar leas an phobail ina chúis le hathruithe ar chleachtas feirme anois agus tá sé ag cur le feabhsú inbhuanaitheacht thalmhaíocht agus tháirgeadh bia na hÉireann.”
Chuir an tAire an méid seo a leanas leis sin:
“Táim bródúil as bheith in ann leanúint leis an infheistíocht seo sa taighde trí Bhuiséad 2025. Tabharfaidh na hacmhainní a leithdháileadh deis do mo Roinn gairm náisiúnta nua ar thaighde téamach a eisiúint, páirt a ghlacadh i raon tionscnamh taighde Eorpach cómhaoinithe i réimsí amhail agra-éiceolaíocht, sláinte agus leas ainmhithe, agus córais bhia inbhuanaithe, agus tacú le raon tionscnamh taighde eile, amhail an chéad chéim eile den Ionad Taighde VistaMilk atá maoinithe ag Taighde Éireann agus RTBM”.
Ag labhairt dó faoi fhorbairt margaidh nua, dheimhnigh an tAire Heydon go bhfaighidh an Bord Bia leithdháileadh €59.5 milliún agus dúirt sé an méid seo a leanas:
“Tacóidh an maoiniú seo le hobair an Bhoird Bia chun cabhrú le deiseanna margaidh a fhorbairt sa bhaile agus thar lear. Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid infheistíocht i bhforbairt margaidh nua a luaithe a bheidh rochtain ar an margadh daingnithe. Tá táirgí agraibhia na hÉireann san iomaíocht i margadh domhanda iomaíoch agus tá sé níos tábhachtaí ná riamh ár láidreachtaí uathúla maidir le sábháilteacht, inbhuanaitheacht agus caighdeán a chur in iúl agus muid ag iarraidh luach ár n onnmhairí bia a mhéadú.”
DEIREADH
Nóta d’Eagarthóirí
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na Liúntais Chaipitil Luathaithe do Chaitheamh agus Cuimilt Trealaimh Sábháilteachta Feirme, féach ar Item was unpublished or removed nó seol ríomhphost chuig acafarmsafetyequipment@agriculture.gov.ie.