English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá maoiniú don fheirmeoireacht orgánach, don fhoraoiseacht agus don earnáil ghairneoireachta i mBuiséad 2025 fógartha ag an Aire Hackett

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh thacaíocht leanúnach an rialtais don fheirmeoireacht orgánach, don fhoraoiseacht agus don earnáil ghairneoireachta i mBuiséad 2025.

Ag labhairt di ar thacaíochtaí Bhuiséad 2025 do na príomhearnálacha sin, dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:

“Is buiséad é seo a léiríonn tiomantas láidir an Rialtais d’fhás leanúnach na feirmeoireachta orgánaí, agus é mar sprioc go ndéanfaí feirmeoireacht orgánach ar 10% den talamh talmhaíochta faoi 2030. Tá an-áthas orm maoiniú €67 milliún a chinntiú d’fheirmeoirí orgánacha in 2025, rud a éascóidh oscailt na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach d’iarratasóirí nua go luath. Feicfimid tuilleadh méaduithe ar tháirgeadh orgánach in Éirinn sna blianta atá romhainn mar thoradh ar an rannpháirtíocht mhéadaithe seo, agus tá sé ina thosaíocht ag an Rialtas margaíocht a dhéanamh ar an táirge breise seo. Go deimhin, níos luaithe an tseachtain seo bhí mé sa Ghearmáin le haghaidh sheoladh fheachtas Mairteola agus Uaineola Orgánaí AE an Bhoird Bia, a thaispeánfaidh an chuid is fearr de mhairteoil agus uaineoil orgánach na hÉireann i roinnt príomh-mhargaí ar mhór-roinn na hEorpa. D’fhoilsigh mé ár Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach, 2024-2030, le déanaí, a leagann amach spriocanna uaillmhianacha don fheirmeoireacht orgánach – lena n áirítear luach mórdhíola táirgí orgánacha a mhéadú faoi thrí, go dtí €750 milliún faoi 2030. Chomh maith le rannpháirtíocht i bhfeirmeoireacht orgánach a mhéadú, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag infheistiú inár n acmhainneacht phróiseála. Tá an-áthas orm mar sin go bhfuil €3.5 milliún geallta againn don Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice do 2025.”

Maidir leis an bhforaoiseacht, dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:

“Tá buiséad €1.3bn againn taobh thiar den Chlár Foraoiseachta, 2023–2027, agus is é sin an bealach lena gcuirfimid ár Straitéis Foraoiseachta i bhfeidhm sna trí bliana amach romhainn. Ó osclaíodh an Clár, tá ceadúnais eisithe ag mo Roinn d’fhoraoisiú nua do bhreis agus 6,000 heicteár san iomlán. A bhuíochas don infheistíocht in éifeachtúlachtaí oibriúcháin méadaithe tá an acmhainneacht againn ceadúnais go leor a eisiúint chun sprioc an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de 8,000 heicteár d’fhoraoisí nua a bhaint amach. Beidh an maoiniú €91 mhilliún a cinntíodh don fhoraoiseacht i mBuiséad 2025 mar thaca don raon éagsúil roghanna plandála crann atá ar fáil tríd an gClár Foraoiseachta, i measc scéimeanna eile, agus mholfainn go láidir d’fheirmeoirí féachaint ar na roghanna éagsúla faoin gClár. Cibé acu coillearnach dhúchasach ar scála beag, agrafhoraoiseacht, foraois mheasctha tháirgiúil ar uainíocht chumhdaigh leanúnach, nó aon chuid eile dár dtairiscintí foraoisiúcháin atá ann, is fiú go mór crainn a chur.”

Leag an tAire Hackett béim freisin ar an tacaíocht don earnáil ghairneoireachta i mBuiséad 2025:

“Tá buiséad €8.5 milliún faighte againn don ghairneoireacht in 2025, a thacóidh le saothróirí agus leis an earnáil an uaillmhian atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta, 2023-2027, a bhaint amach. Ina theannta sin, ba mhaith liom a shonrú go bhfaighidh saothróirí gairneoireachta, a chuir barraí bia, a fhástar sa pháirc, in 2024, agus a dhearbhaigh iad ar a n iarratas BISS, an íocaíocht churaíochta €100/heicteár a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2025. Cuireann an leithdháileadh foriomlán sin lenár dtacaíocht shuntasach don earnáil ghairneoireachta le blianta beaga anuas agus spreagfaidh sé tuilleadh infheistíochta, nuálaíochta agus éagsúlúcháin ar mhaithe le táirgeoirí agus tomhaltóirí araon.”

Mar fhocal scoir, chuir an tAire Hackett fáilte roimh mhaoiniú i roinnt réimsí eile mar chuid de phacáiste níos leithne RTBM i mBuiséad 2025:

“Tá roinnt scéimeanna ríthábhachtacha ann a bhfuil an-áthas orm iad a fheiceáil ag leanúint ar aghaidh in 2025, lena n áirítear €2.75 milliún do na bearta maidir le sadhlas seimre deirge agus báinseacha ilspeiceas, a laghdaíonn spleáchas feirmeoirí ar leasacháin nítrigine; €6 mhilliún do Chéim 3 den Chlár um Shampláil agus Anailísiú Ithreach, a bhfuil súil againn é a oscailt le haghaidh iarratas níos déanaí an mhí seo; agus maoiniú breise €500,000 don Chiste Forbartha Nuálaíochta Tuaithe, a rachaidh an chuid is mó de i dtreo méadú suntasach ar an mbuiséad don fheirmeoireacht shóisialta. Molaim go hard na spéire gluaiseacht na feirmeoireachta sóisialta agus na daoine iontacha ar bhuail mé leo ar fud na tíre a ghlacann páirt inti; creidim i ndáiríre go bhfuil sí ar cheann de mhórscéalta dearfacha earnáil thalmhaíochta na hÉireann, agus mar sin tá lúcháir orm an maoiniú breise seo a fháil.”