Tá misean trádála go dtí an Téalainn agus Vítneam críochnaithe ag an Aire Hackett, agus rinneadh forbairtí suntasacha maidir le rochtain mhargaidh do mhairteoil sa dá thír
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chríochnaigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, misean trádála agraibhia na hÉireann go dtí an Téalainn agus Vítneam inniu. Príomhthosaíocht don mhisean trádála seo ba ea an comhar maidir le trádáil agus rochtain mhargaidh a chur chun cinn i gcruinnithe leis an Aire Talmhaíochta agus Comhair sa Téalainn agus leis an Aireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe i Vítneam.
Agus í ag machnamh ar an gcruinniú a bhí aici leis an Leas-Aire Talmhaíochta agus Comhair, an tUasal Itthi Sirilatthayayakorn sa Téalainn, dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:
“Tá lúcháir orm a dhearbhú, tar éis mo chruinnithe leis an Aire Itthi, go bhfuil dul chun cinn an-suntasach déanta againn maidir le rochtain mhargaidh a chinntiú do mhairteoil na hÉireann chuig an Téalainn, le comhaontú ar dheimhniú sláinte tréidliachta. Réitíonn sé sin an bealach d’oifigigh ar an dá thaobh na céimeanna teicniúla atá fágtha a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir, agus do mhairteoil na hÉireann dul isteach sa mhargadh go luath amach anseo. Mar gheall ar an daonra, atá os cionn 70 milliún duine, agus an líon suntasach gnólachtaí seirbhíse bia óna bhfuil éileamh láidir ar mhairteoil inbhuanaithe ardchaighdeáin, cuireann margadh na Téalainne deis iontach ar fáil d’fheirmeoirí na hÉireann, a bhfuil cáil orthu as a dtiomantas d’ardchaighdeán agus don inbhuanaitheacht.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird Bia, Jim O’Toole, an méid seo a leanas:
“Bhí turas an-rathúil againn chun na Téalainne ag a raibh fócas láidir ar dhéiríocht agus feoil, lena n áirítear seoladh rathúil feachtais déiríochta AE. Ag an imeacht sin dhíríomar ar allmhaireoirí agus ar mhonaróirí déiríochta na Téalainne, agus léirigh cumas na hÉireann freagairt d’éilimh na dtomhaltóirí ar tháirgí déiríochta ardchaighdeáin a tháirgtear go sábháilte. Is tír í an Téalainn nach bhfuil féinleorga ó thaobh déiríocht a tháirgeadh, agus cuireann sí luach ar chláir dhiana dearbhaithe cáilíochta na hÉireann faoi Origin Green chun bia agus deoch den scoth a tháirgeadh. D’úsáideamar an tréimhse sin in Bangkok chun cur lenár dtuiscint ar an margadh d’fhonn deiseanna tráchtála a chur chun cinn d’onnmhaireoirí Éireannacha sa réigiún.”
Tar éis an chruinnithe a bhí aici leis an Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, an tUasal Le Minh Hoan, i Vítneam, dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:
“Ba dheis iontach é bualadh leis an Aire Hoan arís, i ndiaidh a chuairte ar Éirinn an tseachtain seo caite leis an Uachtarán To Lam, chun an comhoibriú reatha idir ár Ranna faoi leith a chur chun cinn. Ghabh mé buíochas leis an Aire Hoan as an gcomhaontú le déanaí maidir le deimhniú sláinte tréidliachta a cheadaíonn onnmhairiú bia peataí go Vítneam. D’fháiltigh mé roimh chuairt a thug foireann iniúchta Vítneamach ar Éirinn an tseachtain seo caite chun iniúchadh a dhéanamh ar ár gcórais rialaithe mairteola mar chuid dár n iarratas ar rochtain do mhairteoil na hÉireann ar mhargadh Vítneam. Rinneamar dul chun cinn suntasach maidir le feoil muice chócaráilte, agus bhí plé maith againn ar an obair luachmhar atá á déanamh ag Córais Bhia Inbhuanaithe Éireann i Vítneam trí Chomhpháirtíocht Agraibhia na hÉireann-Vítneam.”
Mar fhocal scoir, thug an tAire Hackett faoi deara rath an mhisin trádála agus na deiseanna atá ann chun plé suntasach a bheith ann ag leibhéal an Rialtais maidir le rochtain ar an margadh sa dá thír. Chuimsigh an misean trádála cruinnithe freisin le roinnt soláthraithe Éireannacha atá gníomhach sa réigiún, chomh maith le dáileoirí mórscála Téalannacha agus Vítneamacha agus oibreoirí seirbhísí bia agus fáilteachais a bhfuil suim mhór acu i dtáirgí Éireannacha a thabhairt dá gcustaiméirí.
Thug an tAire Hackett faoi deara freisin an rannpháirtíocht dhearfach shuntasach le blianta beaga anuas le hAireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Vítneam agus shonraigh go háirithe obair Chórais Bhia Inbhuanaithe Éireann trí Chomhpháirtíocht Agraibhia na hÉireann-Vítneam. Is clár cúig bliana a bhfuil sé mar aidhm aige saineolas Éireannach a sholáthar mar thacaíocht don cuspóir atá ag Vítneam a chóras bia féin a dhéanamh níos inbhuanaithe.
DEIREADH
Nótaí d’eagarthóirí:
Onnmhairí Agraibhia chun na Téalainne:
B’fhiú €62.3 milliún, nó 0.3% d’onnmhairí agraibhia uile na hÉireann de réir luacha, luach iomlán na n onnmhairí agraibhia chun na Téalainne in 2023, agus é ag teacht chuig 20,900 tona. Is ionann sin agus méadú 16% ar an luach in 2022, agus 11.5% ó thaobh méid de. Cuireadh luach €42.9 milliún in 2014 ar luach onnmhairí agraibhia na hÉireann chun na Téalainne, lena léirítear méadú 45.3% ar an luach onnmhairí le deich mbliana anuas.
Bhí táirgí déiríochta ar an gcatagóir ba mhó onnmhairí agraibhia ó Éirinn chun na Téalainne, arbh fhiú €58 milliún iad agus arbh ionann iad agus 93% de na honnmhairí iomlána chun na Téalainne. Ba iad ullmhúcháin bhia an táirge ba luachmhaire laistigh de seo, ag €46 mhilliún. Bhí Bia-ábhair d’Ainmhithe agus Deochanna sa dara agus tríú líon onnmhairí ba mhó faoi seach, ag luach €1.8 milliún agus €1.3 milliún faoi seach.
Tá fás láidir OTI tarlaithe sa Téalainn le 10 mbliana anuas, áit a bhfuil daonra 70 milliún duine ann. Tá tomhaltas próitéine ar leibhéal 73kg per capita agus bia mara (49%), feoil muice (24%) agus éineoil (23%) ar na próitéiní is coitianta, agus mairteoil ag 4% ina dhiaidh sin.
Comhpháirtíocht Agraibhia na hÉireann-Vítneam.
Tá Comhpháirtíocht Agraibhia 5 bliana na hÉireann-Vítneam (IVAP, 2023-2027) maoinithe ag Ambasáid na hÉireann i Vítneam agus á bainistiú agus á cur i bhfeidhm ag Córais Bhia Inbhuanaithe Éireann. Is é is aidhm do IVAP tacú le Vítneam a chóras bia a athrú trí eolas a roinnt agus forbairt scileanna maidir le táirgeadh príomhúil, sábháilteacht bia, claochlú córas bia, nuálaíocht, caighdeán agus iomaíochas, as a dtiocfaidh inbhuanaitheacht fheabhsaithe, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, cothú, fás eacnamaíoch cuimsitheach, agus caidrimh dhéthaobhacha eacnamaíocha agus comhair forbartha fheabhsaithe.