Tá ‘Pioneering Research Progress’ seolta ag an Aire Heydon le Seachtain na hEolaíochta 2024 a chomóradh
- Foilsithe: 8 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Roimh Sheachtain na hEolaíochta 2024, a bheidh ar siúl ón 10–17 Samhain, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar a bhfuil freagracht speisialta as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon T.D., foilsiú ‘Pioneering Research Progress – Highlights from the 2017 and 2019 Research Awards’ inniu.
Léiríonn an 21 tionscadal a bhfuil cur síos déanta orthu san fhoilseachán raon leathan réimsí, lena n áirítear gníomhú ar son na haeráide, inbhuanaitheacht comhshaoil, próiseáil bia atá sábháilte agus cothaitheach, talmhaíocht inbhuanaithe, agus bainistíocht freagrach foraoise.
Dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas agus an foilseachán á fhógairt aige:
“Tá lúcháir orm foilsiú ‘Pioneering Research Progress’ a fhógairt. Tá mo Roinn ina maoinitheoir suntasach ar thaighde ar mhaithe leis an bpobal, agus gné ríthábhachtach de sin is ea a chinntiú go sroichfidh aschuir an taighde na húsáideoirí deiridh, cibé acu feirmeoirí, comhairleoirí, lucht déanta beartas nó páirtithe leasmhara eile sa tionscal iad.
“Léiríonn an foilseachán seo dul chun cinn eolaíoch thar raon leathan réimsí spéise do na páirtithe leasmhara seo, ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go modhanna chun ceapadh carbóin ithreach a fheabhsú, teicneolaíochtaí nuálacha próiseála bia, agus go leor eile”.
Anuas ar na torthaí taighde féin, léiríonn an foilseachán seo chomh maith an fhairsinge taighde atá ar siúl chun forbairt agus inbhuanaitheacht na hearnála agraibhia, foraoise agus bithgheilleagair a chur chun cinn.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Tugann Seachtain na hEolaíochta deis dúinn an eolaíocht inár saol laethúil a cheiliúradh. Is fianaise é an foilseachán seo ar na fionnachtana eolaíocha is féidir a chur i bhfeidhm san fhíorshaol, rud a spreagann an nuálaíocht agus breisluach inár gcóras bia. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na taighdeoirí, na mic léinn iarchéime, na teicneoirí, na comhpháirtithe tionscail, agus na páirtithe leasmhara go léir a chuir leis na tionscadail thábhachtacha seo”.
Deireadh

Fotheideal an Ghrianghraif: Ó chlé go deas: Catherine McGinn, Cigire Talmhaíochta Cúnta leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht ar Fheirmeacha agus Forbairt Margaidh Nua, Martin Heydon T.D.
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an leabhrán deartha ar mhaithe le lucht léitheoireachta leathan, rud a chuireann ar chumas léitheoirí léamh faoi thaighde ar thionscadail ar leith agus rochtain a fháil ar eolas breise trí dheais taighde na Roinne.
Beidh an leabhrán ar fáil lena íoslódáil ón Luan, an 11 Samhain, ag an nasc seo a leanas: gov.ie - Taighde - Nuacht, Imeachtaí agus Meáin
Is rogha iad na tionscadail ó dhámhachtainí a bronnadh faoi Ghairmeacha ar Thaighde Téamach, 2017 agus 2019, ón Roinn. Áirítear freisin roinnt tionscadal arna gcómhaoiniú leis an Aontas Eorpach faoi Chomhghairmeacha Líonra an Limistéir Eorpaigh Taighde (ERA-NET).
Is ceiliúradh náisiúnta ar an eolaíocht í Seachtain na hEolaíochta 2024, a bheidh ar siúl 10–17 Samhain.
Is é téama Sheachtain na hEolaíochta 2024 ná leas a bhaint as cumhacht na hathghiniúna. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.