English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá ról lárnach ag an Roinn i bhfreagairt chomhaontaithe taighde na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh in EU-JAMRAI-2

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D inniu rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscnamh taighde uile-Eorpach a dhírigh ar cheist na Frithsheasmhachta in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh (AMR). Tá sé mar aidhm ag an gcomhfhiontar seo dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh trí chur chuige One Health.

Dúirt an tAire McConalogue,

“Tá ionadaithe ó mo Roinnse ag teacht le chéile le toscairí ó na Ballstáit eile, ón gCoimisiún Eorpach agus ó lucht déanta beartas ó 30 tír i bPáras inniu, 13 Feabhra 2024 chun an dara Comhghníomh ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh agus ar Ionfhabhtuithe Bainteacha leis an gCúram Sláinte (EU-JAMRAI 2) a sheoladh go hoifigiúil”.

Dúirt an tAire

“Tá mo Roinnse freagrach as comhordú iomlán an tionscadail ar an leibhéal náisiúnta, agus déanfaidh sí maoirsiú ar dháileadh €1.2 milliún i maoiniú don taighde i gcomhar atá le déanamh ag an gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Mhá Nuad, Teagasc, Ionad Eachaí na hÉireann agus ag Saotharlann Náisiúnta Tréidliachta na Roinne seo”.

Tá EU-JAMRAI 2 maoinithe faoin gclár EU4Health a leagann béim láidir ar thaighde nuálach One Health a aistriú go cleachtas ar an talamh. Leagann leibhéal foriomlán an mhaoinithe béim ar an tosaíocht a thugann an tAontas Eorpach do dhul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon T.D go

“gCuirfidh an tionscadal Eorpach seo le cáil na hÉireann i réimse an taighde, agus cruthóidh sé comhpháirtíochtaí láidre amach anseo.”

Dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir go

“gCuirfidh an tionscadal taighde fairsing seo eolas tábhachtach ar fáil i réimse One Health, ag feabhsú an chomhoibrithe ar leibhéal Eorpach chun bearta inbhuanaithe agus éifeachtacha a bhaint amach chun AMR a laghdú.”