English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá rabhadh tugtha ag an Aire McConalogue faoi bhaol an víris gormtheanga

Tá rabhadh tugtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil beostoc na hÉireann i mbaol an víris gormtheanga agus mheabhraigh sé d’fheirmeoirí aon chásanna amhrasta a thuairisciú don Roinn go pras.

Tá an víreas gormtheanga scaipthe go forleathan anois ar fud oirthear Shasana, agus tá cásanna scoite eile aimsithe le déanaí in Somerset in iardheisceart Shasana agus in Gwynedd in iarthuaisceart na Breataine Bige. Tá an galar scaipthe freisin ar fud mhór-roinn na hEorpa, lena n áirítear an Fhrainc, an Bheilg, an Ísiltír, an Ghearmáin, an Danmhairg agus an Iorua. Tá an víreas gormtheanga ina bhagairt mhór ar an tionscal eallaigh agus caorach in Éirinn. Tá an galar ina chúis le caillteanais mhóra d’fheirmeoirí agus don tionscal i dtíortha ina bhfuil ráigeanna.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá sé soiléir go bhfuil méadú tagtha ar an mbaol go leathfaí sé go hÉirinn, de réir mar a thagann an galar níos gaire dár dtír. Beidh sé ríthábhachtach aon ráig in Éirinn a bhrath go luath chun cabhrú linn tuilleadh leata a chosc. Ar an ábhar sin, iarraim ar gach feirmeoir aon chásanna amhrasta den víreas gormtheanga a thuairisciú go pras. Más féidir linn ionradh a bhrath agus freagairt dó go luath, tá seans níos fearr againn stop a chur lena leathadh agus eallaí agus caoirigh a chosaint ar fud na tíre.”

Dúirt an tAire an méid seo a leanas freisin:

“Tá mo Roinn fós ag déanamh raon gníomhaíochtaí faireachais agus laghdaithe riosca, lena n áirítear faireachas gníomhach méadaithe ar ainmhithe ardriosca, faireachas spriocdhírithe, agus feachtais feasachta. Ba mhaith liom a chur i gcuimhne d’aon duine a bhfuil baint acu le trádáil agus iompar beostoic chuig agus ó cheantair agus tíortha atá buailte leis an víreas gormtheanga, tacú leis na gníomhartha seo agus obair go dlúth leis an Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil.”

Is galar víreasach é an víreas gormtheanga a tholgann eallaí, caoirigh, gabhair agus alpacaí, mar aon le hathchogantaigh agus camalóidí eile. Ní bagairt é an víreas gormtheanga don tsábháilteacht bia ná don tsláinte phoiblí. Scaiptear idir ainmhithe é trí mhíoltóga prioctha. Tá go leor séiritíopaí difriúla ann. Tá víreas gormtheanga 3 (BTV-3) ar an mbagairt is tromchúisí faoi láthair. Tá sé ag scaipeadh go sciobtha ar fud iarthuaisceart na hEorpa ón bhfómhar seo caite i leith. Is ón earrach go dtí deireadh an fhómhair a bhíonn an tréimhse ardriosca in Éirinn, nuair a bhíonn an méid is mó míoltóg ann.

Tá sé ríthábhachtach aon amhras faoin víreas gormtheanga a thuairisciú don Oifig Tréidliachta Réigiúnach (RVO) áitiúil gan mhoill.

Is féidir teacht ar eolas breise maidir leis an víreas gormtheanga ar shuíomh gréasáin na Roinne: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/cd6c0-bluetongue-virus/?

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir:

• Is galar infhógartha é an víreas gormtheanga (BTV), rud a chiallaíonn go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann aon chás faoina bhfuiltear in amhras a thuairisciú don Roinn. Má mheastar go bhfuil an víreas gormtheanga ar ghabháltas, ba cheart d’úinéir an tréada teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil gan mhoill (le linn uaireanta oifige) nó leis an mBeolíne Éigeandála Náisiúnta um Ghalair ar: (01) 492 8026 lasmuigh de na huaireanta oifige.

• Tá Éire saor ó BTV faoi láthair. Dá mbeadh ráig de BTV ann in Éirinn, bheadh tionchar suntasach aige sin ar earnáil an bheostoic in Éirinn. D’fhéadfadh an galar leathadh chuig Éirinn agus scaipeadh trí allmhairiú ainmhithe ionfhabhtaithe, féatas ionfhabhtaithe, táirgí geirmeacha nó scaipeadh gaoithe míoltóg ionfhabhtaithe ó mhórthír na hEorpa.

• Is féidir leis an víreas gormtheanga speicis athchogantacha a ionfhabhtú agus a bheith ina chúis le comharthaí cliniciúla diana iontu (lena n áirítear caoirigh, eallaí gabhair agus fianna) agus camalóidí (lámaí agus alpacaí).

Áirítear i measc na gcomharthaí cliniciúla seo:

o Fiabhras

o Easpa goile

o Laghdú ar an tál bainne

o Seicní múcais ag éirí dearg

o Créachtaí ar an tsrón, ar an drandal agus ar na pillíní fiacla

o At an éadain, na mbeola agus na teanga (i.e.“víreas gormtheanga”)

o Deacrachtaí análaithe má atann an teanga

o Priosláil

o Sileadh ó na súile agus/nó ón tsrón

o Bacaíl

o Ginmhilleadh nó míchuma ar an sliocht/ar an bhféatas

o I ndroch-chásanna, d’fhéadfadh an t ainmhí bás a fháil

• Scaiptear an víreas trí mhíoltóga prioctha ionfhabhtaithe (den speiceas Culicoides) arb ann dóibh in Éirinn agus is iondúil gurb í an tréimhse idir mí Aibreáin agus mí na Samhna an tréimhse is gníomhaí dóibh.

• Dá mbuailfeadh ráig den víreas gormtheanga ar ainmhithe in Éirinn, d’fhéadfadh sé go mbunófaí criosanna móra um rialú galair de raon 150km ina gcuirfí srianta ar ghluaiseacht agus srianta onnmhairithe i bhfeidhm ar ainmhithe a thagann ó laistigh de na criosanna sin.

• Dá gcaillfimis ár stádas saor ón víreas gormtheanga, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin freisin ar ár gcumas trádáil le tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach.

• Mar chuid dá clár faireachais, déanann an Roinn sampláil iariontrála le haghaidh BTV ar na hainmhithe athchogantacha agus na camalóidí uile a thagann ón Eoraip, beag beann ar stádas BTV na tíre tionscnaimh.