Tá Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme, 2025, ar oscailt
- Foilsithe: 29 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia, Iascaigh agus Mara, Martin Heydon TD, oscailt Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme, 2025.
Dúirt an tAire Heydon:
Tá buiséad €1.5 milliún á fhógairt agam do Scéim na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme, 2025. Fuair an scéim seo gradam oidhreachta mór le rá ó Europa Nostra in 2024, agus tá áthas orm athdhearbhú a dhéanamh ar thiomantas an Rialtais seo tacú le hiarrachtaí caomhnaithe. Cinntíonn fógra an lae inniu gur féidir le feirmeoirí leanúint ar aghaidh ag athchóiriú foirgnimh thraidisiúnta feirme agus feidhm eile a bhaint astu, agus ar an gcaoi sin, ár stair a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
Tá an scéim á maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta. Spreagann sé infheistíocht ó fheirmeoirí i gcaomhnú foirgneamh agus struchtúr traidisiúnta feirme a bhfuil luach suntasach oidhreachta ag baint leo, a chuireann lenár dtírdhreach tuaithe, amhail dromchlaí clóis, foirgnimh, geataí agus piléir gheata stairiúla atá mar chuid den fheirm fheidhmiúil. Cuireann go leor de na struchtúir a dtacaítear leo suíomhanna fara ar fáil d’ialtóga mar aon le suíomhanna neadaithe d'éin freisin.
Is é an 30 Eanáir an dáta oscailte le haghaidh iarratas, agus dúnfar an Scéim Dé Luain, an 10 Márta 2025. Clúdóidh dámhachtain deontais suas le 75% de chostas na n oibreacha, agus tá deontas uasta €30,000 ar fáil.
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan an méid seo a leanas:
Tá Scéim na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme ina heiseamláir feabhais i gcaomhnú na hoidhreachta. Tá sí tar éis os cionn 1,000 foirgneamh feirme agus struchtúr feirme leochaileach a chlaochlú ó 2008 i leith, atá anois ina sócmhainní feidhmiúla atá fós i gcroílár shaol na feirme. Le bua na Duaise Móire ag Gradaim Europa Nostra anuraidh, tarraingítear aird ar luach uathúil na scéime seo, a chosnaíonn ní hamháin oidhreacht thógtha na hÉireann ach a thugann cumhacht d’fheirmeoirí leis na scileanna chun deisiúcháin a dhéanamh a chosnaíonn an bhithéagsúlacht, a chaomhnaíonn speicis chosanta, agus a chuireann le hinbhuanaitheacht na gcleachtas feirmeoireachta do na glúnta atá le teacht.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
Molaim do gach feirmeoir incháilithe smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar thacaíocht. Comhpháirtíocht an-rathúil a bhí sa scéim seo idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus an Chomhairle Oidhreachta, agus táim ag tnúth le tionscadail a chríochnófar amach anseo a fheiceáil ag cur lenár dtírdhreach.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Maoinítear an scéim faoi shocruithe idirthréimhseacha an Chláir Forbartha Tuaithe, 2014–2020 – An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe san Eoraip (N+3).
Caithfear iarratais a dhéanamh ar líne ag www.heritagecouncil.ie
Beidh seimineár gréasáin eolais ar siúl ar 12 i.n., Déardaoin, an 6 Feabhra, clárú ag www.heritagecouncil.ie
Is é an spriocdháta a nglacfar le hiarratais ar líne ná 5 i.n., Dé Luain, an 10 Márta 2025, agus tá téarmaí agus coinníollacha na scéime agus an fhoirm iarratais ar líne le fáil ag www.heritagecouncil.ie
Critéir Incháilitheachta
Dheimhnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil rannpháirtithe sna scéimeanna seo a leanas de chuid na Roinne i dteideal cur isteach ar an scéim deontais seo:
• Rannpháirtithe gníomhacha i scéimeanna agra-chomhshaoil, lena n-áirítear ACRES. Nóta: Rannpháirtithe gníomhacha ACRES agus REAP amháin,
• Rannpháirtithe i nGairmeacha EIP 1, 2 agus 3, sna tionscadail maidir le Cromán na gCearc agus Diúilicín Péarla agus Tionscadal Bhoirne a bhí ina rannpháirtithe gníomhacha ar an 31 Nollaig 2022, nó a raibh téarma iomlán an chonartha don EIP ábhartha curtha i gcrích acu, nó a bhfuil tionscadal cúig bliana curtha i gcrích acu de réir mar is cuí; agus
• Rannpháirtithe faofa na scéime um Fheirmeoireacht Orgánach.
Critéir Mheasúnaithe
Tá an cur chuige meastóireachta foriomlán bunaithe ar cheithre phríomhcholún:
• Taighde: Áiríodh air sin léirbhreithniú ar an litríocht, forbairt creata loighciúil, athbhreithniú ar mheicnic chláir, anailís ar ghealltanais tionscadail, agus sainaithint comparadóirí idirnáisiúnta.
• Comhairliúchán: Is éard a bhí i gceist leis sin ná agallaimh le páirtithe leasmhara coimisiúnaithe, suirbhéanna feirme agus trí shainghrúpa fócais.
• Anailís: Scrúdú domhain ar na comhairliúcháin chun téamaí coitianta a shainaithint agus chun cabhrú le tionchar scéim TFB a chainníochtú.
• Meastóireacht: Áiríodh leis sin roinnt gnéithe, lena n-áirítear ‘Athbhreithniú ar Chórais agus Anailís ar Phróiseas’, ‘Meastóireacht Tionchair’ agus measúnú ar ‘Luach ar Airgead’ na scéime. Glacadh le Cur Chuige Caipitil comhtháite freisin, ag féachaint ar an toradh i dtéarmaí Caipiteal Daonna, Intleachtúil, Airgeadais, Sóisialta, Nádúrtha agus Monaraithe.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun tuilleadh eolais a fháil féach Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta