Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá seachtain amháin eile ag feirmeoirí iarratas a dhéanamh ar an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí

Mheabhraigh an tAire Stáit Pippa Hackett d’fheirmeoirí atá ag smaoineamh faoi fheirmeoireacht orgánach a dhéanamh go bhfuil seachtain amháin eile acu iarratas a dhéanamh ar an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Is é an dáta deiridh meán oíche Dé hAoine seo chugainn, an 30 Aibreán.

Agus gach feirmeoir á spreagadh aici smaoineamh faoi thabhairt faoin mbeart, dúirt an tAire,

“Creidim go bhfuil todhchaí gheal i ndán d’fheirmeoirí orgánacha. Tá éileamh mór ar gach saghas táirgthe orgánaigh, is minic go mbíonn praghsanna níos airde orthu, agus thar aon ní eile, is bealach feirmeoireachta é nach bhfuil chomh dian céanna agus a mbíonn costais ionchuir níos ísle aige agus a chothaíonn an dúlra agus próisis nádúrtha chun bia a tháirgeadh.”

Athosclaíodh an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí d’iarratais nua ó fheirmeoirí ag tús Mhárta agus dúnfar é Dé hAoine seo chugainn, an 30 Aibreán. Chuir an tAire cistiú ar fáil lena cheadú don scéim an méid feirmeoirí a dhéanann feirmeoireacht orgánach in Éirinn a mhéadú faoi 30% i mbliana.

Beart comhshaol talmhaíochta atá sa scéim faoin gClár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe na Roinne.

Agus feirmeoirí á spreagadh aici iarratas a dhéanamh ar an scéim, dúirt an tAire freisin,

“Is mian liom a dhearbhú d’fheirmeoirí atá ag smaoineamh faoi thabhairt faoin mbeart seo gur féidir freastal ar gach duine - idir fheirmeoirí mairteola agus fheirmeoirí caorach anuas ar fhiontair churaíochta, dhéiríochta agus ghairneoireachta. Ba mhaith liom a chur in iúl dóibh freisin go bhfuil an AE go hiomlán tiomanta do thacú leis an mbealach seo feirmeoireachta, agus go ndéanfar feirmeacha orgánacha a chomhtháthú go hiomlán isteach i scéim nua an CBT nuair a thabharfaí isteach ar deireadh thiar í in 2023.”

Mar fhocal scoir, dúirt sí freisin,

“Is féidir iarratais a dhéanamh trí chóras ar líne mo Roinne agus tá an próiseas iarratais féin sách simplí agus neamhchasta. Is féidir leo siúd ar spéis leo saibhreas eolais agus treorach a fháil ó mo Roinn, Teagasc nó óna gcomhairleoir féin feirme agus ó na comhlachtaí deimhniúcháin orgánaigh. Mar sin, d’impínn go mór orthu siúd ar spéis leo iarratas a dhéanamh amhlaidh a dhéanamh, fad a bhíonn roinnt ama ar fáil go fóill.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

• D’fhéadfadh feirmeoirí a iontrálann an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí cáiliú d’íocaíochtaí bliantúla a mhéid le €220 in aghaidh an heicteáir i rith an tiontaithe agus a mhéid le €170 in aghaidh an heicteáir nuair a bhain siad a stádas iomlán orgánach amach. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí gairneoireachta agus curaíochta orgánacha.

• Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí agus cáipéis Cheisteanna Coitianta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne chun cabhrú le hiarratasóir féideartha ag

www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/

• D’fhorbair Teagasc sraith Bileoga Eolais nua ar Fheirmeoireacht Orgánach chun eolas a thabhairt d’fheirmeoirí atá ag smaoineamh faoi roghanna fiontair orgánaigh. Anuas air sin, forbraíodh treoir nua “Feirmeoireacht Orgánach – Treoir Céim ar Chéim chun Tiontú” (“Organic Farming – A Step-by-Step Guide to Conversion”) agus tá sé ar fáil ar láithreán gréasáin Teagasc

www.teagasc.ie/rural-economy/organics/

• Má chuireann an iomad daoine isteach ar an scéim, déanfar cinneadh faoi na hiarratais rathúla trí phróiseas rangaithe agus roghnaithe. Bronnfar marcanna do gach earnáil a bhfuil mar aidhm aici an t-achar a mhéadú ar a bhfuil táirgeadh orgánach á dhéanamh, agus tús áite á thabhairt do limistéir a mheastar atá thíos le heasnamh. Is iad na limistéir a mheasann Grúpa na Straitéise Orgánaí atá thíos le heasnamh déiríocht, curaíocht agus gairneoireacht.

• Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí ar fáil ar leathanach orgáinice na Roinne ag www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat