Tá tús curtha le €19.98m in íocaíochtaí a eisiúint le 23,132 feirmeoir faoin Scéim Leasa Mairteola 2024
- Foilsithe: 3 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dhearbhaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim Leasa Mairteola 2024 (BWS). Eiseofar breis agus €19.98 milliún do 23,132 feirmeoir rannpháirteach an tseachtain seo.
Ba é ba chuspóir don Scéim Leasa Mairteola 2024 ná cur le héifeachtúlacht eacnamaíoch, agus feabhas a chur ar shláinte agus ar riar na n ainmhithe ar fheirmeacha bó diúil a thuilleadh.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Mhéadaigh mé tacaíochtaí spriocdhírithe don earnáil mairteola sna blianta as a chéile tríd an gClár Náisiúnta Leasa Mairteola seo agus an Clár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP). Gheobhaidh feirmeoirí a ghlac páirt sa dá scéim i mbliana íocaíocht €200 in aghaidh na bó agus an lao. Tacaíonn na bearta seo le hioncaim feirme, ach cuidíonn siad freisin le spriocanna éifeachtúlachta, comhshaoil agus leasa ainmhithe a bhaint amach agus ag cuimhneamh ar na buntáistí seo go léir, bhí an-áthas orm maoiniú a fháil i mBuiséad 2025 chun an íocaíocht seo a mhéadú go €225 don bhliain seo chugainn.”
Tacaíonn an Scéim Leasa Mairteola 2024 le feirmeoirí maidir le beathú mine a thabhairt do laonna diúil sula mbaintear den diúl iad agus ina dhiaidh sin, agus maidir le vacsaíniú i gcoinne galar clóistridiam agus/nó niúmóine lao. Íocfar beathú mine, ar gníomh éigeantach é faoin scéim, ar ráta €35 in aghaidh an lao incháilithe le vacsaíniú, agus is beart roghnach é, íoctha ar ráta €15 in aghaidh an lao incháilithe suas le 40 lao ar a mhéad. Íocfar €50 in aghaidh an lao le feirmeoirí a roghnaíonn agus a chríochnaíonn an dá ghníomh scéime faoi réir uasíocaíocht fhoriomlán de €2,000 (40 lao).
Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntas bainc an fheirmeora sna laethanta amach romhainn. Tá eisiúint íocaíochta faoin Scéim Leasa Mairteola 2024 ríthábhachtach don earnáil mairteola agus do theaghlaigh feirme agus is príomhthosaíocht don Roinn é íocaíochtaí den sórt sin a phróiseáil chomh luath agus is féidir.
Meabhraítear d’fheirmeoirí, má tá iarratas faighte acu le doiciméadú faoi bheathú mine agus/nó vacsaíniú a chur isteach, gur cheart dóibh iad a sheoladh ar ais chomh luath agus is féidir.
DEIREADH