Tá Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta 2025 (BISS) ag glacadh le hiarratais
- Foilsithe: 11 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., inniu go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas iarratais don Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta 2025 (BISS), Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (CRISS), Éiciscéimeanna agus scéimeanna bainteacha eile.
Dúirt an tAire Heydon:
“Sna seachtainí amach romhainn, beidh feirmeoirí ag fáil pacáiste eolais BISS sa phost lena léarscáileanna agus sonraí talún do 2025. Cabhróidh an t-eolas seo le feirmeoirí agus lena gcomhairleoirí iarratas a dhéanamh ar líne.”
Dúirt an tAire anuas air sin:
“Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais BISS 2025 ná Déardaoin 15 Bealtaine 2025. Molaim d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí an deis a thapú agus cur isteach ar an bpróiseas iarratais anois seachas fanacht go dtí go mbeidh an dáta deiridh ag druidim leo.”
Is féidir le feirmeoirí cur isteach ar gach gné de na hÍocaíochtaí Díreacha (BISS, Éiciscéimeanna, Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga, Cúnamh Próitéine, Cúltaisce Náisiúnta, aistriú teidlíochtaí) ar líne. Cabhraíonn sé seo le cinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna seo a phróiseáil chomh héifeachtúil agus is féidir.
Meabhraítear d’fheirmeoirí a chinntiú gur chuir siad isteach ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) agus ar an Éiciscéim i gceart, agus go bhfuil siad ag glacadh páirt sa Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga i gcónaí, más bainteach. Is féidir cur isteach ar líne chun éileamh a dhéanamh ar an íocaíocht bhliantúil don Bheart Ionchorpraithe Tuí, ACRES agus don Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach, chomh maith leis an mBeart Báinsí Ilspeicis agus an Beart maidir le Sadhlas Seimre Deirge.
Ní mór na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh go cúramach, go háirithe más feirmeoir curaíochta thú, féach na hathruithe maidir le GAEC 7 (Uainíocht na mBarr agus Éagsúlú ar Thailte Arúla). Beidh GAEC 2 (Ag Cosaint Tailte Móna agus Bogach) infheidhme in 2025 agus cuirfear iarratasóirí a bhfuil baint ag an GAEC seo leo ar an eolas in am trátha faoi na dáileachtaí talún a mbeidh tionchar orthu agus na dualgais a bhainfidh leis na dáileachtaí talún sin.
DEIREADH
Nótaí
Sna seachtainí amach romhainn, beidh feirmeoirí ag fáil a bpacáistí eolais BISS 2025 sa phost. Tá litir chumhdaigh agus ráiteas na dtailte sa phacáiste seo.
Tá na Téarmaí agus Coinníollacha uilig ar fáil ar líne, nó ar iarratas mar atá leagtha amach thíos. Tá bileog chabhrach ar fáil ag: Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta 2025
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir leis an iarratas ar líne, is féidir é sin a dhéanamh ag:
• 049 4368288 maidir le ceisteanna a bhaineann le clárú do www.agfood.ie– mar shampla ceisteanna faoi phasfhocail chaillte, conas clárú srl.
• 057 8674422 maidir le ceisteanna faoin iarratas BISS a chur i gcrích tar éis clárú ar www.agfood.ie nó chun cóip chrua de na Téarmaí agus Coinníollacha a iarraidh.
Mar is iondúil ag tús thréimhse na n-iarratas, ní beidh grúpaí áirithe iarrthóirí ábalta iarratas a dhéanamh. I mbliana, ní bheidh roinnt iarrthóirí ACRES ábalta iarratas a chur isteach ar feadh an chéad chúpla seachtain le cinntiú go mbíonn rochtain ag an bhfeirmeoir agus ag an gcomhairleoir ar an eolas ábhartha uilig agus an t-iarratas BISS á chur isteach acu. Cabhraíonn sé seo le cinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna seo a phróiseáil chomh héifeachtúil agus is féidir. Bainfear na srianta seo ar iarratas a dhéanamh agus beidh neart ama ann le hiarratas a chur isteach roimh an dáta deiridh.