English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá tionscadal náisiúnta €25 milliún maidir le Lapairí Goir fógartha ag Hackett agus Noonan faoi chlár oibre de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht

Tar éis glao oscailte ar thograí an Nollaig seo caite 2023, tá lúcháir ar Airí Stáit Pippa Hackett agus Malcolm Noonan a fhógairt go roghnaíodh cuibhreannas faoi stiúir Nasc Tuaithe na hÉireann mar an Grúpa Oibríochtúil a sholáthróidh an tionscadal Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht (EIP) maidir le Lapairí Goir.

Is iad príomhchuspóirí an EIP seo, dá leithdháileadh €25 milliún lena gcumhdófar costais riaracháin agus íocaíochtaí d’fheirmeoirí a bheidh rannpháirteach, ná pobail lapairí reatha a chaomhnú ag príomhláithreacha, agus tacú le téarnamh pobail trí bhainistíocht tírdhreacha níos leithne agus forbairt beartais.

Chuir Nasc Tuaithe na hÉireann an t-iarratas rathúil isteach i gcomhpháirtíocht le Micheal Martyn Agri-Environment, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Hen Harrier Project, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Cumann Zó-eolaíochta na hÉireann, agus Wildfowl and Wetlands Trust.

Dúirt an tAire Stáit ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett:

“Tá lúcháir orm a fhógairt, in éineacht le mo chomhghleacaí an tAire Stáit Malcolm Noonan, go roghnaíodh Nasc Tuaithe na hÉireann leis an tionscadal EIP maidir le Lapairí Goir a chur i bhfeidhm. Is é príomhchoincheap an tionscnaimh EIP seo dul i gcomhar le feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile chun réitigh nuálacha a chur i gcleachtas. Tá sé go hiontach a leithéid de réimse leathan páirtithe leasmhara ag obair as lámha a chéile ar an tionscadal fíorthábhachtach seo a fheiceáil, agus guím gach rath ar a n-obair.

Lean an tAire ar aghaidh:

“Mar chuid den chomhoibriú seo i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus mar chuid den bhuiséad foriomlán €25 milliún, tá lúcháir orm €7.5 milliún a leithdháileadh go díreach d’fheirmeoirí le haghaidh gníomhaíochtaí ar an láthair. Léiriú ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú ar fud ranna an rialtais chun dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta is ea an cur chuige cómhaoinithe seo”

Dúirt an tAire Stáit don Nádúr, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Nasc Tuaithe na hÉireann as a n-iarratas rathúil agus is mór agam an dúrud saineolais atá curtha ar fáil ag an ngrúpa maidir leis an tionscadal seo. Is údar imní maidir le caomhnú iad lapairí goir amhail an Crotach, an Pilibín agus an Naoscach, agus tá freagairt shuntasach ag teastáil, rud is féidir leis an tionscadal seo a sholáthar. Agus infheistíocht €17.5 milliún faighte ó NPWS, tá an tionscnamh seo ar cheann de na Tionscadail EIP is mó go dtí an lá atá inniu ann, chun go bhféadfar cur le cur chuige rathúil ionas gur féidir linn a chinntiú go n-éireoidh go maith leis na héin iontacha seo. Beidh tacaíocht don ghrúpa oibríochtúil á tabhairt i rith an ama ag NPWS agus beidh bearta breise a fheabhsóidh a n-obair chaomhnaithe agus a chuirfidh léi á maoiniú ag NPWS freisin.”

Maidir leis an bhfógra a rinneadh inniu, dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Is céim mhór chun cinn é an tionscadal EIP maidir le Lapairí Goir a chuirfidh le rath na gclár caomhnaithe roimhe seo. Mar is eol dúinn, tá an Pilibín, an Cosdeargán, an Crotach agus an Naoscach laghdaithe go líon beag, agus i roinnt cásanna, go líon criticiúil i lár tuaithe na hÉireann. Trí rannpháirtíocht a dhéanamh le feirmeoirí chun tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí caomhnaithe praiticiúla, is é mo thuairim go mbeidh ról nach beag ag an tionscadal seo chun tús a chur leis na treochtaí sin a aisiompú.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:

“Tá mé ag tnúth le dul chun cinn an tionscadail maidir le lapairí goir a leanúint agus gúim gach rath ar an bhfoireann lena hobair chomhchoiteann i gcomhar le feirmeoirí chun gnáthóga a athchóiriú do na héin speisialta seo.”

DEIREADH