Téann an tAire Hackett sa chathaoir ar chruinniú d’Fhóram an Tionscail Gairneoireachta leis an gcomhchathaoirleach nua Orla McManus ón Eagraíocht Táirgeora CMP
- Foilsithe: 6 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht ar a bhfuil freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, ina comhchathaoirleach ar chruinniú d’Fhóram an Tionscail Gairneoireachta maille leis an gcomhchathaoirleach nua Orla McManus ón Eagraíocht Táirgeora CMP Dé Luain an 4 Samhain 2024.
Cuireadh nuashonrú ar fáil do bhaill an fhóraim maidir leis an dul chun cinn ar gach ceann de na Príomhghníomhartha Straitéiseacha sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023–2027. Cuireadh forbhreathnú ar fáil do bhaill an fhóraim freisin ar obair na Rannán um Chlárú agus Rialú Lotnaidicídí de chuid na Roinne i ndáil le Táirgí Cosanta Plandaí. Chuala an tAire freisin ó shaothróirí ó na fo-earnálacha maidir leis na dúshláin atá rompu faoi láthair agus cuireadh i dtábhacht gur ábhar áirithe imní í rochtain ar shaothar don earnáil.
I ndiaidh di comhchathaoirleacht a dhéanamh ar an gcruinniú, dúirt an tAire Hackett,
“Bhí an cruinniú d’Fhóram an Tionscail Gairneoireachta an-tairbheach go deo, agus bhí rannpháirtíocht mhaith ann ó na baill uile. B’iontach an rud é nuashonrú a fháil ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Gairneoireachta 2023 – 2027. Gheall mé don Fhóram Dé Luain go n ardóinn na saincheisteanna seo le comhghleacaithe sa Rialtas, rud a rinne mé. Is cúis áthais dom a rá tar éis na rannpháirtíochta sin go bhfuilim ag súil go mbeidh gluaiseacht le feiceáil ag saothróirí gan mhoill ar an bpróiseas le bheith ina bhFostóir Séasúrach Faofa faoin gCead Fostaíochta Séasúraí píolótach d’earnáil na gairneoireachta, mar aon le Grúpa Comhairleach i leith an Cheada phíolótaigh sin a chuirfear ar bun. Ar leithligh, beidh sé ina ábhar spéise do shaothróirí freisin go gcuirfear tús le comhairliúchán poiblí ar an treochlár maidir le harduithe ar luach saothair do cheadanna fostaíochta sna seachtainí amach romhainn.”
Dúirt an tAire Hackett
"Bhí lúcháir orm fáilte a chur roimh na comhairleoirí tionscail an Dr Owen Doyle agus an tUas. Brian Arnold atá i gceannas ar Phríomhghníomh Straitéiseach 4 a stiúradh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cúrsaí gairneoireachta atá ar fáil agus ar a n oiriúnacht do thionscal nua-aimseartha dinimiciúil, ionas gur féidir leis na hardáin oideachasúla oibrithe ardchumasacha a mhealladh a chuirfidh tionscal na gairneoireachta chun cinn go mbainfidh sí barr a cumais amach. Sa tuarascáil uathu, atá le foilsiú ag deireadh mhí an Mhárta an bhliain seo chugainn, déanfar anailís ar na roghanna atá ann i leith na bearna scileanna atá roimh fhostóirí. Spreagaim rannpháirtíocht an tionscail agus cuirim fáilte roimpi maidir leis an ngníomh tábhachtach sin.”
Nótaí
Item was unpublished or removedAn Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027
Bunaíodh Fóram an Tionscail Gairneoireachta (HIF) mar ghrúpa páirtithe leasmhara chun cur chuige comhoibritheach a éascú i leith na ndúshlán atá roimh an tionscal agus chun cúinsí a chothú a mhéadóidh agus a fhorbróidh an tionscal ar bhonn fadtéarmach. Bunaíodh é in 2014 mar scátheagraíocht do shaothraithe táirgí gairneoireachta na hÉireann.
Thug ionadaithe ó na hearnálacha glasraí, muisiriún, bogthorthaí, prátaí, orgánaice agus barr cosanta forbhreathnú ar na príomhdhúshláin agus na príomh-shaincheisteanna a bhaineann dóibh.