English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Téann an tAire Heydon i gcomhar le comhpháirtithe AE maidir le ‘Fís do Thalmhaíocht agus Bia’ an Choimisiúin Eorpaigh

Phléigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ‘Fís do Thalmhaíocht agus Bia’ an Choimisiúin Eorpaigh inniu lena chomhpháirtithe ag cruinniú míosúil na nAirí den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil.

Dúirt an tAire Heydon:

“Is athdhearbhú atá san Fhís ar an ról ríthábhachtach atá ag an gComhbheartas Talmhaíochta maidir le táirgeadh bia, ioncaim feirme agus inmharthanacht ceantar tuaithe. I mo thuairimse féin, leagann sé béim ar an ngá atá leis an gComhbheartas Talmhaíochta a choinneáil ar bun agus a mhaoiniú.

“Cuirim fáilte roimhe freisin go dtugtar aitheantas san Fhís ar an tábhacht atá le samhail na feirme teaghlaigh agus an gá atá le tacú léi le go seasfaidh sí i bhfad na haimsire.”

“Is ann do roinnt pointí san Fhís a mbeidh soiléiriú breise ag teastáil ina leith. Beidh mé ag dul i mbun comhair le mo chomhghleacaithe maidir leis na mionsonraí sin go ceann píosa.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an gCoimisinéir Hansen agus mo chomhpháirtithe AE lena chinntiú go mbeidh ról tairbheach ag Éirinn maidir leis an gcéad CBT eile a dhearadh don tréimhse i ndiaidh 2027, go háirithe agus muid ag glacadh le hUachtaránacht AE sa dara leath de 2026.”

Phléigh an Chomhairle cineálacha cur chuige i leith promhadh leas na tuaithe freisin agus rinne athbhreithniú ar threochtaí margaidh.