Tús á chur leis an séú Scéim de chuid an Ghrúpa Aistrithe Eolais Foraoiseachta (KTG) 2025
- Foilsithe: 12 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2025
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht air as an bhForaoiseacht, Gairneoireacht agus Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, inniu go n-osclófar Scéim an Ghrúpa Aistrithe Eolais Foraoiseachta (KTG) 2025.
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Is scéim thar a bheith rathúil, a bhfuil an-tóir uirthi, í Scéim Foraoiseachta KTG, agus tá an-áthas orm an scéim a athoscailt don séú bliain. Cuireadh tús leis an scéim seo i ndiaidh scéimeanna a ritheadh agus ar éirigh go maith leo in 2018, 2019, scéim ghiorraithe in 2020/2021 de bharr phaindéim Covid agus scéim a cuireadh i gcrích go hiomlán in 2022 agus in 2023. Ó cuireadh tús leis an scéim, thug an Roinn maoiniú do thuairim is 2,700 rannpháirtí.
Aidhm scéim Foraoiseachta KTG is ea cur leis an ngníomhaíocht bainistíochta foraoise i measc úinéirí foraoise. Glacann ár spriocghrúpa, úinéirí foraoise, páirt sa scéim, agus tugtar eolas breise dóibh chun cabhrú leo saineolas a fháil maidir le conas bainistíocht a dhéanamh ar fhoraois ar feadh a saolré. Beidh tábhacht na bhforaoisí chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus a n-oiriúnú agus seasmhacht i gcoinne imeachtaí aimsire i gceist leis seo freisin.
De réir Chomhairlí COFORD, a thugann comhairle maidir le forbairt na hearnála foraoiseachta, All Ireland Roundwood Production Forecast 2021 – 2040, tá táirgeadh adhmaid ceaptha méadú ó 4.7 milliún méadar ciúbach go beagnach ocht milliún méadar ciúbach faoi 2035, ó fhoraoisí faoi úinéireacht phríobháideach go príomha. Ní mór infheistíocht an Stáit san fhoraoiseacht a bhaint amach tríd an adhmad seo a úsáid, chun gníomhaíocht eacnamaíoch a chruthú feadh shlabhra an tsoláthair le gníomhaíochtaí amhail baint an fhómhair, iompar, athphlandú agus próiseáil. Téitear i ngleic le haon bhacainní ar adhmad príobháideach a úsáid, amhail bearnaí eolais, trí KTGanna Foraoiseachta.
Bíonn foraoiseoir gairmiúil i mbun na KTGanna agus spreagtar rannpháirtithe aghaidh a thabhairt ar ghrúpaí agus gairmithe foraoiseachta. Glacann siad cur chuige ón mbun aníos agus is iad na baill féin a shocraíonn céard ba mhaith leo a fhoghlaim. Tugtar an deis do rannpháirtithe foghlaim ó shaineolaithe agus ó thaithí a chéile sa phlé grúpa. Anuas air sin, is féidir KTGanna a úsáid mar bhealach chun úinéirí foraoise a chur i dteagmháil le foraoiseoirí gairmiúla (éascaitheoirí KTG agus comhairleoirí Teagasc).
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Rannpháirtíocht KTG
Is féidir le suas le 20 rannpháirtí ar a mhéad a bheith i ngach KTG agus ní mór do gach rannpháirtí freastal ar sheacht gcruinniú nó imeacht lasmuigh chun an clár a chríochnú. Is féidir cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe nár ghlac páirt in KTG Foraoiseachta le trí bliana anuas páirt a ghlacadh sa bhabhta KTG seo. Ní bhíonn tionchar ag rannpháirtíocht in KTGanna talmhaíochta eile ar cháilitheacht an rannpháirtí chun páirt a ghlacadh sna KTGanna Foraoiseachta.
Íocaíochtaí KTG
Bristear síos íocaíochtaí KTG mar a leanas;
Íocaí | Aisíocaíocht/íocaíocht deontais in aghaidh | € |
Rannpháirtí KTG | Cruinniú ar freastalaíodh air | €80 in aghaidh an chruinnithe |
Eagraí KTG | In aghaidh an KTG eagraithe | €7,400 in aghaidh an KTG |
Eagrófar seacht gcruinniú agus imeacht in aghaidh gach KTG – €560 do gach rannpháirtí ar a mhéad.
Measúnú KTG
Beidh próiseas measúnaithe i bhfeidhm chun a chinntiú nach ndéantar measúnú ach ar iarratais chun KTG a eagrú a bhaineann an t-íoschaighdeán amach. Déanfar iarratais a rangú má bhíonn an iomarca éilimh ar an scéim.
Tabharfar marc do gach iarratas KTG a fhaightear de réir na gcritéar seo a leanas;
• An buntáiste a bhainfeadh an bonn cliant/an bhallraíocht/rannpháirtithe amach anseo as ballraíocht i gceann de do KTG(anna);
• Cumas/taithí gach eagraí KTG clár KTG a reáchtáil;
• Taithí ar ghníomhaíochtaí aistrithe eolais (liostáil turais allamuigh, seimineáir, foilseacháin srl.).
• Straitéis cur chun cinn chun úinéirí foraoisí neamhghníomhacha a mhealladh chuig an KTG.
Rangófar gach rannpháirtí de réir na marcanna a bronnadh. Roinnfear na KTGanna atá ar fáil 50:50 idir grúpaí táirgthe foraoiseachta agus comhlachtaí foraoiseachta/comhairleoirí foraoiseachta.
Is féidir tuilleadh sonraí, cóip de Théarmaí & Coinníollacha na Scéime agus an t-iarratas, Foirm A a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne ag: Ghrúpa Aistrithe Eolais Foraoiseachta (KTG) 2025
Ní mór iarratais chomhlánaithe a chur ar ríomhphost chuig: forestryktg@agriculture.gov.ie faoin 4pm ar an Luan, 11 Márta 2025.