Tús le hÍocaíochtaí Náisiúnta Leasa na gCaorach de €14.36 milliún le 15,465 feirmeoir caorach
- Foilsithe: 6 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, inniu, gur cuireadh tús le híocaíochtaí d’fheirmeoirí faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach 2024 (NSWS).
Mhaígh an tAire:
“Tá áthas orm a fhógairt gur eisíodh réamhíocaíochtaí de bhreis agus €14.36 milliún ar an iomlán do 15,465 feirmeoir faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach 2024. Is fianaise bhreise í an scéim seo, a tugadh isteach ní ba luaithe sa bhliain, ar thiomantas an rialtais seo d’earnáil na gcaorach.
“Tá an eisiúint €14.36 milliún d’íocaíochtaí faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach 2024 ríthábhachtach d’earnáil na gcaorach agus do theaghlaigh feirme ar fud fad na tíre seo. Tá tuiscint iomlán agam ar an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí a thabhairt amach d’iarratasóirí chomh sciobtha agus is féidir. Fágann an íocaíocht seo go ndéanfar 91% de na hiarratasóirí incháilithe ar fad ar an scéim a íoc sna laethanta amach romhainn.”
Agus é ag tagairt don ardú ar na híocaíochtaí le haghaidh feirmeoirí caorach, dúirt an tAire:
“Nuair a chuirtear é le chéile leis an €12 in aghaidh na caorach atá ar fáil faoi Scéim Feabhsúcháin Caorach (SIS) an Phlean Straitéisigh CBT, fágann an íocaíocht NSWS go bhfaighidh feirmeoirí caorach €20 in aghaidh na caorach i mbliana. I mBuiséad 2025, rinne mé ardú breise ar an íocaíocht seo go €5 in aghaidh na caorach. Is ionann seo agus ardú 150% ar an maoiniú - ó €10 go €25 - ó thosaigh mé sa ról mar Aire agus is é seo, gan amhras, an íocaíocht is mó riamh a tugadh d’fheirmeoirí caorach.”
“Leanfaidh mo Roinn de gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime, ach mholfainn d’iarratasóirí ar an scéim a fuair comhfhreagras ó mo Roinn freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir lena chinntiú gur féidir a n-íocaíocht a phróiseáil”, a dúirt an tAire McConalogue ar deireadh.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is scéim bliana í Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach a osclaíodh d'iarratais ar an 8 Aibreán 2024 agus a dúnadh ar an 21 Bealtaine 2024. Beidh an scéim ar siúl idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2024.
Ceanglaítear ar rannpháirtithe in NSWS 2024 dhá ghníomh a chur i gcrích chun an íocaíocht iomlán €8 in aghaidh na caorach a fháil (€4 in aghaidh gach gnímh a chuirtear i gcrích). Beidh seo de bhreis ar íocaíochtaí a bhféadfaidh feirmeoirí a bheith incháilithe dóibh faoin Scéim Feabhsúcháin Caorach, sa chás is go bhfuil siad páirteach sa scéim sin freisin.