English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíocht d'Oifigeach um Pailneoirí Talún Feirme fógartha ag an Aire Hackett


Ráite aici go gcuideoidh an post feirmeacha a dhéanamh níos báúla do phailneoirí

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht as úsáid talún agus cúrsaí bithéagsúlachta, an Seanadóir Pippa Hackett, tacaíocht don Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí inniu trí mhaoiniú a chur ar fáil d'oifigeach um Pailneoirí Talún Feirme.

Is éard a dúirt an tAire agus an tacaíocht á fógairt aici,

"Tá ríméad orm na hacmhainní airgeadais seo a chur ar fáil don phost tábhachtach seo. Beidh an tOifigeach um Pailneoirí Talún Feirme lonnaithe san Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta agus beidh ról ríthábhachtach ag baint leis an bpost chun cuidiú linn ar fad, idir údaráis áitiúla agus scoileanna, gharraíodóirí agus ghnólachtaí, fheirmeoirí ach go háirithe, a bheith ag obair as lámh a chéile chun iarracht a dhéanamh go mbeadh pailneoirí ábalta maireachtáil in Éirinn, ní hamháin sin ach go mbeadh siad ag dul ó neart go neart. Tá ról lárnach ag pailneoirí in éiceachóras sláintiúil, agus beidh sé chun tairbhe na bithéagsúlachta beart a ghlacadh chun na héiceachórais a chosaint agus a neartú, agus feidhmeoidh sé sin mar bhealach chun rannpháirtíocht dhíreach a ghlacadh leis an bpobal feirmeoireachta."

Cuideoidh an tOifigeach leis na bearta feirmeoireachta sa Phlean um Pailneoirí a chur i bhfeidhm. Déanfar clár oibre ar leith a fhorbairt chun tacú leis na bearta a chur i bhfeidhm agus chun pailneoirí a chosaint ar thalamh feirme.

Dúirt an tAire chomh maith, agus í á chur in iúl go bhfuiltear ag cur leis an bPlean um Pailneoirí reatha,

"Tá gealltanas tugtha i gClár an Rialtais tacaíocht a thabhairt do Phlean um Pailneoirí nua a fhorbairt do 2021-2025. Measaim go bhfoilseoidh an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta é seo go luath in 2021, agus tá a fhios agam go mbainfidh níos mó uaillmhéine leis agus é de phríomhchuspóir againn ár dtírdhreacha agus ár bhfeirmeacha a dhéanamh níos báúla do phailneoirí."

Dúirt sí chomh maith,

"Tá mo Roinn tiomanta go huile agus go hiomlán a cuid a dhéanamh i dtreo chláir pailneoirí níos uaillmhianaí a chur ar fáil, agus tá ríméad orm sin a aithint agus fáilte a chur roimhe."

Dúirt an Dr Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta,

"Cur chuige thar a bheith nuálach é Plean na hÉireann um Pailneoirí maidir le haghaidh a thabhairt ar chaillteanas na bithéagsúlachta. Tá áthas orainn gur féidir uaillmhian na hÉireann maidir le talamh feirme a dhéanamh níos báúla do phailneoirí a mhéadú a bhuíochas sin do thacaíocht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus ar an gcaoi sin, an tseirbhís ríthábhachtach éiceachórais seo a chaomhnú agus a neartú."

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is féidir tuilleadh sonraí maidir le Plean Uile-Éireann um Pailneoirí a fháil ag:

pollinators.ie/

Foilsíodh an chéad Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí 2015-2020 chun cur le tacaíocht pobail agus creat a chur ar fáil trína bhféadfadh na hearnálacha ar fad a theacht le chéile chun cosaint níos fearr a thabhairt do phailneoirí ar mhaithe le glúnta amach anseo. Ceann de thionscadail shuaitheanta an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta an Plean, a chuireann an Plean i bhfeidhm. Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt sa Phlean, ach tá tacaíocht tugtha ag breis is 100 eagraíocht rialtais agus neamhrialtasach ar fud oileán na hÉireann agus tá leibhéil spéise sa phlean ag méadú go leanúnach ó foilsíodh é. Déanfar plean nua a fhorbairt don tréimhse 2021-2025.

CRÍOCH