English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tarraingíonn an tAire McConalogue aird ar an mbaol méadaithe a bhaineann leis an Víreas Gormtheanga agus molann sé go láidir go mbítear san airdeall air

Mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. d’fheirmeoirí a bheith airdeallach ar bhaol méadaithe an Víris Ghormtheanga.

“Dearbhaíodh cás nua den Víreas Gormtheanga in Norfolk, RA, agus scaipeadh a thuilleadh é le roinnt seachtainí anuas ar fud na Fraince, na hÍsiltíre, na Beilge, na Gearmáine agus na Danmhairge. Is bagairt mhór é an Víreas Gormtheanga ar an tionscal eallaigh agus caorach in Éirinn agus bhí sé ina chúis do chaillteanais mhóra d’fheirmeoirí agus do thionscail sna tíortha atá buailte leis le déanaí” a dúirt sé. “Tá méadú ag teacht ar an mbagairt do bheostoc na hÉireann, agus molaim go láidir do gach feirmeoir beostoic a bheith airdeallach, athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe bithshlándála a bhfeirme, gan eallaí nó caoirigh a thabhairt isteach ó cheantair agus ó thíortha atá buailte leis an víreas agus mo Roinn a chur ar an eolas maidir le haon amhras faoin ngalar.”

Lean an tAire ar aghaidh, ag rá go

“[mbíonn] mo Roinn i gcónaí ag faire ar chúrsaí agus ag cur bearta rialaithe i bhfeidhm d’fhonn eallaí agus caoirigh na hÉireann a chosaint ón Víreas Gormtheanga, lena n-áirítear faireachas gníomhach níos mó ar ainmhithe ardriosca agus feachtais feasachta. Iarraim ar gach feirmeoir eallaigh agus caorach, go háirithe ar aon duine a bhfuil baint acu le trádáil agus iompar beostoic chuig agus ó cheantair agus tíortha atá buailte leis an Víreas Gormtheanga, tacú leis na gníomhartha seo agus obair go dlúth leis an Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil d’fhonn an baol go dtabharfaí isteach an víreas a laghdú.”

Is galar víreasach é an Víreas Gormtheanga a tholgann eallaigh, caoirigh, gabhair agus alpacaí, mar aon le hathchogantaigh agus camalóidí eile. Ní bagairt é an Víreas Gormtheanga don tsábháilteacht bia ná don tsláinte phoiblí. Scaiptear idir ainmhithe é trí mhíoltóga géara. Tá go leor séiritíopaí difriúla ann. Tá Víreas Gormtheanga 3 (BTV-3) ar an mbagairt is tromchúisí faoi láthair. Tá sé ag scaipeadh go sciobtha ar fud iarthuaisceart na hEorpa ón bhfómhar seo caite i leith. Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna BTV-3 san Ísiltír, sa Ghearmáin agus sa Bheilg, le breis is 4,000 cás nua taifeadta tuairiscithe ó mhí na Bealtaine 2024. Dearbhaíodh BTV-3 le déanaí sa Fhrainc, in Lucsamburg agus sa Danmhairg chomh maith. Is ón earrach go dtí deireadh an fhómhair a bhíonn an tréimhse ardriosca in Éirinn, nuair a bhíonn an méid is mó míoltóg ann.

Tá sé ríthábhachtach aon amhras faoin Víreas Gormtheanga a thuairisciú do d’Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil (RVO) gan mhoill.

Ba cheart d’aon duine a bheartaíonn ainmhithe atá soghabhálach i leith an Víris Ghormtheanga a thabhairt isteach go hÉirinn, na bearta coisctheacha uile a chur i bhfeidhm ar féidir leo an Víreas Gormtheanga a choinneáil amach ó Éirinn, lena n-áirítear na bearta seo a leanas:

• Na hainmhithe a aonrú láithreach bonn ar a dteacht isteach go hÉirinn taobh istigh i seid ghlan atá i bhfad ón gcuid eile den tréad nó den ealta, go dtí go bhfuil gach tástáil fola iariontrála déanta agus na torthaí faighte.

• A sheiceáil go bhfuil na ceanglais chuí aitheantais agus deimhniúcháin ag na hainmhithe.

• A áirithiú go bhfuil rochtain acu ar easair thirim ghlan, ar bheatha agus ar uisce agus teagmháil a dhéanamh leis an tréidlia gan mhoill má dhealraíonn sé go bhfuil aon ainmhithe tinn.

• Teagmháil a dhéanamh leis an RVO áitiúil a luaithe a bhaineann na hainmhithe an áit amach chun socrú a dhéanamh maidir leis na seiceálacha riachtanacha iariontrála do ghalair, lena n-áirítear an Víreas Gormtheanga. Tá sé fíorthábhachtach an Víreas Gormtheanga a bhrath go luath chun aon ráig fhéideartha a rialú.

• Is féidir teacht ar eolas breise maidir leis an Víreas Gormtheanga ar shuíomh gréasáin na Roinne:[nasc-seachtrach https://www.gov.ie/en/publication/cd6c0-bluetongue-virus/ | Víreas Gormtheanga (www.gov.ie)]

Nótaí don Eagarthóir:

• Is galar infhógartha é an Víreas Gormtheanga (BTV), rud a chiallaíonn go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann aon chás faoina bhfuiltear in amhras a thuairisciú don Roinn. Má mheastar go bhfuil an Víreas Gormtheanga ar ghabháltas, ba cheart d’úinéir an tréada teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil gan mhoill (le linn uaireanta oifige) nó leis an mBeolíne Éigeandála um Ghalair Náisiúnta ar: (01) 492 8026 lasmuigh de na huaireanta oifige.

Tá Éire saor ó BTV faoi láthair. Dá mbeadh ráig de BTV ann in Éirinn, bheadh tionchar suntasach aige sin ar earnáil an bheostoic in Éirinn. D’fhéadfadh an galar leathadh chuig Éirinn agus scaipeadh trí allmhairiú ainmhithe ionfhabhtaithe, féatas ionfhabhtaithe, táirgí geirmeacha nó scaipeadh gaoithe míoltóg ionfhabhtaithe ó mhórthír na hEorpa.

• Is féidir leis an Víreas Gormtheanga speicis athchogantacha a ionfhabhtú agus a bheith ina chúis le comharthaí cliniciúla diana iontu (lena n áirítear caoirigh, gabhair agus fianna) agus camalóidí (lámaí agus alpacaí).

Áirítear i measc na gcomharthaí cliniciúla seo:

o Fiabhras

o Easpa goile

o Laghdú ar an tál bainne

o Seicní múcais ag éirí dearg

o Créachtaí ar an tsrón, ar an drandal agus ar na pillíní fiacla

o At an éadain, na mbeola agus na teanga (i.e. “víreas gormtheanga”)

o Deacrachtaí análaithe má atann an teanga

o Priosláil

o Sileadh ó na súile agus/nó ón tsrón

o Bacaíl

o Ginmhilleadh nó míchuma ar an sliocht/ ar an bhféatas

o I ndroch-chásanna, d’fhéadfadh an t-ainmhí bás a fháil

• Scaiptear an víreas trí mhíoltóga géara ionfhabhtaithe (den speiceas Culicoides) arb ann dóibh in Éirinn agus is iondúil gurb í an tréimhse idir mí Aibreáin agus mí na Samhna an tréimhse is gníomhaí dóibh.

• Dá mbuailfeadh ráig den Víreas Gormtheanga ar ainmhithe in Éirinn, d’fhéadfadh go mbunófaí criosanna móra um rialú galair de raon 150km ina gcuirfear srianta ar ghluaiseacht agus srianta onnmhairithe i bhfeidhm ar ainmhithe a thagann ó laistigh de na criosanna sin.

• Dá gcaillfimis ár stádas saor ón Víreas Gormtheanga, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin freisin ar ár gcumas trádáil le tíortha lasmuigh den AE.

• Mar chuid dá clár faireachais, déanann an Roinn sampláil iariontrála ar na hainmhithe athchogantacha & na camalóidí uile a thagann ón Eoraip le haghaidh BTV, beag beann ar stádas BTV na tíre tionscnaimh.