Tosaítear le híocaíochtaí faoin mBeart Fóirithinte do Dhamáiste ó Thuilte i gCuaille
- Foilsithe: 14 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go bhfuil íocaíochtaí de €249,000 eisithe do 68 feirmeoir i gCuaille a ndeachaigh stoirm mhór i bhfeidhm orthu go déanach in 2023.
Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair/go luath i mí na Samhna 2023 bhí stoirm eisceachtúil ann i gCuaille. Rinne an stoirm damáiste fairsing do thailte talmhaíochta, fálú agus geataí mar chomh maith le farae agus leasachán stóráilte agus damáiste eile freisin. Seoladh scéim tacaíochta i mí Iúil 2024 d’fheirmeoirí a bhí thíos leis an stoirm.
Mhaígh an tAire:
“Bhuail an adhaimsir Cuaille go trom go déanach in 2023. Cabhróidh na híocaíochtaí atá á n-eisiúint le déanaí le feirmeoirí an damáiste a rinneadh do thalamh agus do struchtúir a shlánú chomh maith le beatha agus farae a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a athsholáthar.”
Cuireann an scéim cúnamh airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí i dtreo na gcostas a bhaineann le:
• talamh talmhaíochta a athbhunú,
• caillteanas/damáiste d'fharae / leasachán
• agus deisiú/athsholáthar a dhéanamh ar fhálú/ geataí /bóithre feirme/lánaí damáistithe
Tá íosíocaíocht de €100 agus uasmhéid de €30,000 i bhfeidhm faoin scéim d'fheirmeoirí atá thíos leis nach bhfuil clúdach árachais acu.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Léiríonn na híocaíochtaí seo an gealltanas a tugadh d’fheirmeoirí atá thíos leis i gCuaille faoin Rialtas a bhí ann roimhe seo. Táim sásta go bhfuil mé in ann íocaíochtaí a dhaingniú a ligfidh d’fheirmeoirí damáiste a dheisiú agus farae caillte a athsholáthar.”
DEIREADH