Tréimhse fhorlíontach pá le haghaidh CRISS agus CISYF
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, tréimhse fhorlíontach pá inniu faoin Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta 2023 (CRISS) agus faoin Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga (CISYF).
Íocadh íocaíochtaí CRISS ar luach níos mó ná €116 milliún le breis is 120,000 iarratasóir go dtí seo, agus íocadh €33 milliún eile amach faoi CISYF le 6,200 feirmeoir óg. Íocfar €9 milliún ar an iomlán faoin tréimhse fhorlíontach pá seo, agus €5.5 milliún de á íoc le hiarratasóirí CRISS agus €3.5 milliún le hiarratasóirí CISYF faoi cheann roinnt laethanta.
Tá na híocaíochtaí breise seo ann de bharr méadú ar an ráta íocaíochta in aghaidh an heicteáir faoi gach scéim. Thángthas ar chomhaontú faoi na rátaí athbhreithnithe chun a chinntiú go bhfaighidh feirmeoirí an t-uasmhéid airgid is féidir faoi CRISS agus CISYF agus ionas go gcomhlíonfaidh an Roinn a sprioc caiteachais in aghaidh na scéime.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Gheobhaidh na feirmeoirí ar fad atá incháilithe faoi CRISS agus CISYF íocaíocht bhreisithe faoi na híocaíochtaí forlíontacha seo. Tuigim ar ndóigh go bhféadfadh an méid in aghaidh an fheirmeora a bheith sách beag i roinnt cásanna, go háirithe i gcás CRISS, ach tá sé tábhachtach go gcinntímid go leithdháiltear an t-uasmhéid cistí.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Is gnéithe tábhachtacha d’íocaíochtaí Cholún 1 iad na híocaíochtaí CRISS agus CISYF. Tá sé fíorthábhachtach a chinntiú go bhfaighidh feirmeoirí óga tacaíocht agus cuideoidh an maoiniú breise sin in éineacht leis na bun-íocaíochtaí a fuair feirmeoirí go bhfaighidh a ngnó teaghlaigh tacaíocht.”
Feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíocht CRISS nó CISYF, is féidir leo glaoch a chur ar an Líne Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha ar 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí agfood.ie, áit a bhfaighidh siad miondealú sonraithe freisin d’íocaíochtaí.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Cad is CRISS ann?
• Scéim nua a bhí sa Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (CRISS) a tugadh isteach in 2023 agus tagraítear de go minic mar “tús-ualú”.
• Tá an scéim ceaptha chun cistí CBT a athdháileadh ó fheirmeacha móra chuig feirmeacha ar mheánmhéid agus chuig feirmeacha beaga.
• Íoctar CRISS le gach feirmeoir gníomhach ar a gcéad 30 heicteár.
• Ní mór d’iarratasóirí teidlíocht amháin ar a laghad ar íocaíocht BISS nó cuid de a bheith acu chun íocaíocht a fháil faoi CRISS.
• Tá an ráta CRISS á mhéadú ó €42.67 go €44.65 in aghaidh an heicteáir. Gheobhaidh feirmeoir a bhfuil 30 ha aige €59.40 mar chuid den íocaíocht fhorlíontach sin.
Cad is CISYF ann?
• Íocaíocht é an Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga a dhéantar le feirmeoirí atá faoi bhun 40 bliain d’aois a fuair oideachas i dtalmhaíocht chun cuidiú leo leis an bhfeirmeoireacht. Is féidir é a íoc suas le 5 bliana.
• Tá an ráta CISYF á mhéadú ó €152.05 go €169.06 in aghaidh an heicteáir.
• Gheobhaidh feirmeoir óg a bhfuil 50 ha aige €850 mar chuid den íocaíocht fhorlíontach seo.
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.