Treoirlínte COVID maidir le marglanna deimhnithe ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 23 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá na cleachtais do cheannaitheoirí agus díoltóirí ag marglanna deimhnithe inniu (22 Nollaig) ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD i ndiaidh srianta nua sláinte poiblí a bheith fógartha.
Is féidir le ceannaitheoirí fós teacht chomh fada leis an bhfáinne díolacháin agus breathnú ar stoc sna cróite. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré áfach leis an marglann beostoic chun sin a dhéanamh.
Caithfidh gach duine a bheidh in aon limistéar den mharglann clúdach aghaidhe a chaitheamh agus cloí go docht leis an riail 2m i leith scaradh sóisialta. Ní mór do dhíoltóirí a mbeostoc a fhágáil ag an marglann agus ansin an áit a fhágáil.
Caithfidh lucht na marglainne cosc a chur ar an bpobal a bheith ag teach le chéile i gcarrchlós na marglainne nó ag bealaí isteach chuig foirgnimh na marglainne.
Éilítear ar mharglanna nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha nuashonraithe (SOPanna) maidir leis an mbealach a chuirfear an mharglann i bhfeidhm faoi na rialacha seo a chur ar aghaidh chuig a nOifig Tréidliachta Réigiúnach.
Ag tagairt dhó do na srianta nua, dúirt an tAire McConalogue go bhfuil sé ag iarraidh feirmeoirí agus ceannaitheoirí a spreagadh leanúint d'úsáid a bhaint as ardáin ar líne ar mhaithe le beostoc a cheannach.
"Beidh díolacháin marglainne be ostoic fós ina chumasc de dhíolachán ar líne agus díolachán ag taobh an fháinne mar chuid de shrianta nua sláinte poiblí atá fógartha ag an Rialtas. Tá sé cruthaithe ag an gcur chuige cumaiscthe, a bhfuil gné láidir den dhíolachán ar líne ag baint leis, gur bealach den scoth é le heallaigh agus caoirigh a thrádáil a raibh tréchur láidir chomh maith le praghsanna seasmhacha i gceist leis le roinnt seachtainí anuas, chomh maith le timpeallacht shábháilte a chur ar fáil do gach duine a raibh baint acu leis. Is cinnte go raibh ról ag na bearta éagsúla Covid a chuir na marglanna i bhfeidhm ar an mbaol atá ann go scaipfidh Covid 19 sna háiteanna seo a laghdú.
"Táim ag impí ar fheirmeoirí, ceannaitheoirí agus marglanna aird ach go háirithe a thabhairt ar na srianta nua sláinte poiblí atá fógartha ag an Rialtas. Is é sláinte, sábháilteacht agus folláine an phobail i gcoitinne an chloch is mó ar ár bpaidrín faoi láthair agus muid fós ag iarraidh dul i ngleic le paindéim COVID-19. Tá ár gcuid féin le déanamh ag gach duine againn chun gach duine eile a choinneáil sábháilte agus tá an cúram sin chomh tábhachtach céanna ag an marglann is atá in áit ar bith eile.
"Molaim arís an obair atá déanta ag bainisteoirí na marglann agus ag feirmeoirí as aird chomh mór sin a thabhairt ar na srianta sláinte poiblí agus rialacháin go léir le roinnt míonna anuas. Ba thréimhse dhúshlánach a bhí inti ach tá mé lánchinnte de go n-éireoidh linn teacht tríd in éineacht," a dúirt an tAire McConalogue.
CRÍOCH