English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann ACORNS suntas do dheich mbliana de thacaíocht d'fhiontraíocht ban agus seoladh an 10ú bliain den tionscnamh forbartha

Tháinig méadú níos mó ná daichead faoin gcéad ar láimhdeachas 57 fiontraí a chríochnaigh ACORNS 9 laistigh de 6 mhí

Osclaíonn an tréimhse d'iarratais ar ACORNS 10 inniu (an 6 Lúnasa) agus dúnfaidh sí ag meán oíche ar an 20 Meán Fómhair

Tá ACORNS ag ceiliúradh deich mbliana de thacaíocht d'fhiontraíocht ban faoin tuath in Éirinn inniu agus an 10ú babhta den chlár forbartha gnó á sheoladh.

Tá an tionscnamh saor in aisce do Bhanfhiontraithe luathchéime atá lonnaithe faoin tuath in Éirinn ar siúl ó 2014 agus tá sé á mhaoiniú tríd an gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM).

Sheol Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu (an 6 Lúnasa) oscailt na gairme ar iarratais ar ACORNS 10. Is é meán oíche, an 20 Meán Fómhair an spriocdháta le hiarratais a chur isteach.

Dúirt an tAire:

“Tugtar suntas do 10 mbliana de thacaíocht ó mo Roinn do Bhanfhiontraithe Tuaithe in 2024. Thacaigh an tionscnamh seo le breis is 400 bean faoin tuath in Éirinn le deich mbliana anuas. Is é is aidhm ag an gclár aghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna, fiontraíochta agus cumais a d’fhéadfadh a bheith roimh bhanfhiontraithe, agus cuirtear san áireamh ann na bacainní a chuireann teorainn le gníomhaíocht fiontraíochta i gceantair thuaithe go minic. Tá ríméad orm gur féidir linn díriú ar an réimse seo arís agus cabhrú le Banfhiontraithe Tuaithe a n-aisling a réadú maidir le gnólachtaí rathúla a thosú agus a fhás.”

Léirigh suirbhé a rinneadh ag deireadh ACORNS 9 i mí Aibreáin gur mhéadaigh rannpháirtithe a láimhdeachas iomlán i rith an chláir sé mhí, faoi €1.2 m, ó €2.8m go €4m (+43%). Dúirt na rannpháirtithe go léir a ndearnadh suirbhé orthu go molfaidís do dhaoine eile páirt a ghlacadh in ACORNS.

Thuairiscigh rannpháirtithe freisin gur mhéadaigh a bhfórsa saothair iomlán faoi dhó go 133, le 59 ball foirne lánaimseartha agus 74 ball foirne páirtaimseartha fostaithe ag deireadh an timthrialla – méadú de 67. Bhí ceathrar onnmhaireoir nua thar an timthriall freisin.

Dúirt thart ar 96% gur tharla athrú praiticiúil laistigh dá ngnó mar gheall ar a rannpháirteachas leis an gclár, agus dúirt an líon céanna gur chuidigh an clár leo a bheith níos cóngaraí dá n-uaillmhianta fiontraíochta a bhaint amach.

Tá ACORNS bunaithe ar an gcreideamh gur fearr a fhoghlaimíonn fiontraithe luathchéime óna gcomhghleacaithe. Bíonn na rannpháirtithe ag plé lena chéile sna comhsheisiúin mhíosúla, seisiúin a éascaíonn Príomhfhiontraí, a bhfuil taithí aige féin ar ghnó a thosú agus a fhás go rathúil faoin tuath in Éirinn. Tá suas le 50 áit ar fáil do ACORNS 10. Ba cheart dóibh siúd ar mian leo foirm iarratais a fháil le haghaidh ACORNS 10 clárú ar an suíomh gréasáin www.acorns.ie

Níl ach banfhiontraithe luathchéime a chónaíonn faoin tuath in Éirinn, agus nach raibh aon díolachán acu roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2021, incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Ar an ábhar go bhfaigheann ACORNS i bhfad níos mó iarratas ná mar atá áiteanna ar fáil, déantar roghnú ar bhonn iomaíoch.

Beidh ACORS 10 ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2024 go dtí Aibreán 2025 agus beidh sé chomhsheisiún mhíosúla ann, ceardlann ar airgeadas a thuiscint, faisnéisiú ag gníomhaireachtaí forbartha éagsúla agus ceiliúradh ag deireadh an timthrialla.

Ní ghearrfar aon táille orthu siúd a roghnófar chun páirt a ghlacadh in ACORNS 10, a bhuíochas sin do thacaíocht leanúnach na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus do Phríomhfhiontraithe ag cur a gcuid ama ar fáil go deonach.

Bíodh is gur chríochnaigh 57 rannpháirtí ACORNS 9 agus gur sheol siad aiseolas deireadh an timthrialla ar ais, thug an tionscnamh tacaíocht leanúnach do níos mó ná 300 rannpháirtí roimhe seo trí Phobal ACORNS, a thug an deis dóibh páirt a ghlacadh i gceardlanna, i gcomhsheisiúin, i bhFóram Pobail agus in imeachtaí líonraithe eile.

Tugann gach duine de na Príomhfhiontraithe a gcuid ama don chlár ar bhonn deonach, nó creideann siad san fhealsúnacht ‘fiontraithe atá ag cabhrú le fiontraithe’.

Is iad Alison Ritchie, Polar Ice; Caroline Reidy, The HR Suite; Eimer Hannon, Hannon Travel; Larissa Feeney, Kinore; Mary B Walsh, Ire Wel Pallets; and Triona MacGiolla Rí, Aró Digital Strategies na Príomhfhiontraithe deonacha i mbliana.

Ina theannta sin, éascóidh mná gnó a bhfuil taithí acu, Clare Duignan agus Geraldine Kelly, atá ar an bpainéal comhairleach Going for Growth, comhsheisiúin ACORNS Plus do rannpháirtithe roimhe seo, atá tiomanta do leanúint ar aghaidh le forbairt a ngnólachtaí a chur chun cinn.

Ina theannta sin, reáchtálfar sraith de Chruinnithe Réigiúnacha do bhaill Pobail ACORNS san fhómhar chun 10 mbliana den tionscnamh a cheiliúradh. Tabharfaidh na Cruinnithe seo deis do rannpháirtithe ACORNS roimhe seo athcheangal, líonrú le ACONRS eile ó thimthriallta éagsúla ina réigiún agus díriú ar fhorbairt leanúnach agus bhreise a ngnólachtaí.

SLEACHTA Ó PHRÍOMHFHIONTRAÍ ACORNS AGUS Ó BHEIRT RANNPHÁIRTITHE

”Mar Phríomhfhiontraí deonach le ACORNS, táim tiomanta go mór d'fhás agus rath na mbanfhiontraithe luathchéime faoin tuath in Éirinn a chothú. Tar éis taithí a fháil ar an luach a bhaineann le comhsheisiúin éascaithe go pearsanta, le linn m’aistir fiontraíochta féin, creidim go soláthraíonn ACORNS ardán thar na bearta do mhná chun a ngnólachtaí nuathionscanta a fhorbairt, léargais chriticiúla a fháil, agus líonraí marthanacha a thógáil. Trí pháirt a ghlacadh sa chlár seo, faigheann na fiontraithe seo an treoir agus an spreagadh a theastaíonn uathu chun dúshláin a shárú agus a gcumas iomlán a bhaint amach. Tá sé thar a bheith tairbheach a ndul chun cinn a fheiceáil agus a bheith mar chuid de ghluaiseacht a thugann cumhacht do mhná athrú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn ina bpobail."

- Alison Ritchie, Polar Ice, Príomhfhiontraí ACORNS

Is cinnte gur chabhraigh mo rannpháirteachas le ACORNS le mo ghnó toisc go raibh mé timpeallaithe ag daoine a raibh an dearcadh céanna acu, a bhí go léir ag iarraidh gnó a bhunú agus a chur ag feidhmiú, agus nach raibh tú i d’aonar. Táimid nasctha ar fad agus táimid fós ag tacú lena chéile anois. Fuair mé an-tacaíocht freisin ó fhoireann ACORNS agus ón bPríomhfhiontraí s'againne. Dhírigh siad m'intinn go mór ar an ngnó. Mothaím i bhfad níos muiníní.

- Carina Roseingrave, Burren View Farm, ACORNS 9

“ Bhí ACORNS go hiontach ar fad. Buaileann tú le daoine eile atá, cosúil leat féin, díreach ag tosú amach sa ghnó. Tá tú mar chuid de phobal láidir freisin ar mhaithe leat féin. Is timpeallacht an-sábháilte é chun aon rud a mbeadh tú ag streachailt leis a thabhairt le fios. Tá a fhios agat, má tá ceist agat, go bhfuil duine éigin ann i gcónaí a bhfuil an saineolas aige nó aici chun cabhrú leat an cheist sin a fhreagairt agus tú a thabhairt tríd sin.”

- Olivia Morrissey, Rostellan Farm, ACORNS 7 gus ACORNS Plus

CRÍOCH

Íomhá: Acorns 1 – Ó Chlé go Deis - Olivia Morrissey Rostellan Farm, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., Alison Ritchie Polar Ice, Carina Roseingrave Burren View Farm

Íomhá: Acorns 2 – Ó Chlé go Deis - Olivia Morrissey Rostellan Farm, Paula Fitzsimons Stiúrthóir ACORNS, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., Alison Ritchie Polar Ice, Carina Roseingrave Burren View Farm

Íomhá: Acorns 3 – Ó Chlé go Deis - Olivia Morrissey Rostellan Farm, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., Alison Ritchie Polar Ice, Carina Roseingrave Burren View Farm

Nótaí d’Eagarthóirí:

Maidir le ACORNS

Seasann ACORNS, atá ar an bhfód le 10 mbliana, do Luathú Cruthú Gnólachtaí Nuathionscanta Tuaithe. Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) tríd an gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe. Tháinig ACORNS sa dara háit i nGradaim Chur Chun Cinn Fiontraíochta na hEorpa 2018, Ag Infheistiú i Scileanna Fiontraíochta. Fitzsimons Consulting a d'fhorbair an clár.

Critéir Incháilitheachta le haghaidh rannpháirteachais in ACORNS

Le go ndéanfar measúnú ar iarratasóirí ar ACORNS, ní mór dóibh:

• Gnó nua a bheith curtha ar bun acu a ghin díolacháin tráth nach luaithe ná deireadh mhí an Mheithimh 2021 nó a bhfuil fiontar nua á phleanáil go gníomhach acu agus a bhfuil dul chun cinn maith déanta acu i dtreo an fiontar nua a chur ar an bhfód. Ar na táscairí a bhaineann le gnó a phleanáil go gníomhach, bheadh an fhoireann nuathionscanta a eagrú, trealamh / áiseanna a aimsiú, airgead coigilte don ghnólacht nuathionscanta, an plean gnó a scríobh, etc.

• Ní mór dóibh úinéireacht nó páirtúinéireacht a bheith acu ar an ngnó agus a bheith ina gcónaí i gceantar tuaithe, is é sin i gceantar lasmuigh de theorainneacha riaracháin cathrach Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge.

• Má roghnófar iad, ní mór d'iarratasóirí a bheith ar fáil chun freastal ar an bhFóram seolta agus ar an gcéad chomhsheisiún ar an 21 agus 22 Deireadh Fómhair, 2024.

• Ní mór dóibh a bheith ag súil le bheith ina bhfostóir laistigh de thrí bliana.